Heṗesiánaċ 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I Iarraiḋ Pól ar Ḋía, iad do ṫuigsin gur ṫoġa iad ná noiġre ar a Ġlóir. 1 Pol, absdal Iósa Críosd tré ṫoil Dé, ċum na náoṁ ata an sa Neṗesus, agus ċum na druinge ċreideas a Niósa Críosd: 2 Grása maille riḃ, agus sioṫċáin, ó Ḋía ar Naṫair, agus ón Dtiġearna Iosa Críosd. 3 Glóir agus molaḋ do Ḋía, eaḋon Daṫair ar Dtiġearna Iósa Críosd, noċ do ḃeannuiḋ sinn lé gaċ uile ḃeannaċdaḋ sbioralta sna neíṫiḃ neaṁḋa a Gcríosd: 4 Aṁuil do ṫóġ sé sinn annsan, sul do ċrúṫuiġeaḋ an dóṁan, ionnus go mbéimís náoṁṫa agus neiṁċiontaċ ḋá laṫairsion a ngráḋ: 5 Agus do réiṁċinn sé ḋúinne ḃeiṫ aige féin a náit cloinne tré Iósa Críosd ar a ṡon féin, do réir ḋeaġḟuinn a ṫola féin, 6 Ċum molta glóire a ġrás, tré a ndéarna sé sinne grásaṁuil an a Ṁac ġráḋaċ. 7 Iona ḃfuil fuásglaḋ aguinn tré na ḟuil, (maiṫṁeaċas na boeacaḋ,) do réir ṡáiḋḃris a ġrássan: 8 Tré ar lion sé ċuguinne a nuile eagna agus ṫuisge; 9 Ag foillsiuġaḋ ḋúinne ruindíaṁair a ṫola, do réir ḋéaġḟuinn féin noċ do ċuir sé roiṁe ris féín: 10 A miniosdralaċd ċoiṁlíonta na haimsire na huile neiṫe a Ccríosd, noċ atá ar neaṁ, agus ar talaṁ, do ċruiniuġaḋ a gceann a ċéile; annsan: 11 Ann a ḃfuilmidne toġṫa, air ar réiṁċinneaḋ réir órduiġṫe an tí oibriġeas na huile neiṫer réir ċoṁairle a ṫola féin, noċ ann ata fós oiriġeaċd aguin: 12 Ionnas go mbemísne lér tosuiġeaḋ dóiġ do ḃeiṫ aguinn a Gcríosd, ċum molta a ġlóiresion. 13 Ann a ḃfuil ḃur ndóíġse mar an gcéudna, ar gclos bréiṫre na fírinne ḋíḃ, ṡoisgéil ḃur slánaiġṫe: trér cuireaḋ fós séula oruiḃ íar gcreideaṁ ḋáoiḃ, tré Sbiorad náoṁṫá na geallaṁna. 14 Agár ab é is geall connarṫa dar noiġreaċdne go teaċd duinne a seilḃ ar sáoirsi, ċum moltá a ġlóiresion. 15 Uíme sin, ar gclos dáṁsa mar an gcéudna an ċréidiṁ atá aguiḃse sa Dtíġearna Iósa, agus an ġráḋ do na huile náoṁuiḃ, 16 Ní sguirim dá ḃeiṫ ag breiṫ ḃuíġeaċais ar ḃur son, ag coiṁniuġaḋ oruiḃ um urnuiġiḃ; 17 Ionnus go dtíuḃraḋ Día ar Dtiġearna Iósa Críosd, Aṫair na glóire, Sbiorad éagna agus foillsiġe ḋáoiḃ ċum eision dadṁáil: 18 Ag soillsiuġaḋ súl ḃur ccroiḋe; ċum a ḟeasa do ḃeiṫ aguiḃ créud í muiniġin a ġlóire a óiġreaċda sna náoṁuiḃ, 19 Agus créd é roiṁéud a ċúṁaċd dár dtáoiḃne an dream ċreideas, do réir oibriuġaḋ a ṁóirneirt, 20 Noċ do oibriġ sé a Gcríosd, an tan do ṫóg sé súas ó ṁarḃuiḋ, agus do ṡuiġiḋ sé é ar a ḋeis féin air neaṁ. 21 Go hard ós cionn gaċ uile úaċdáranaċda, agus ċúṁaċd, agus neirt, agus ṫiġearnuis, agus gaċ uile anma dá nainmniġṫear, ní sa tsáoġalsa aṁáin, aċd mar an gcéudna sa tsáoġal atá ċum teaċda: 22 Agus do ċuir sé na huile neiṫer síos fá na ċósuiḃ, agus tug sé na ċeann é ós cionn na nuile don neagluis, 23 Noċ atá na corp aige, na cóiṁlíonaḋ ag an tí ċóiṁlíónas na huile sna huiliḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society