Habaccuc 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. Gu ttig sciúrsa ar Ċaldea faḋeire, noċ do ḃí ciocraċ go fuil, agus ċum uáċtranaċt do ḃeiṫ aice. 1 Seasfuiḋ mé ar mo ċoiṁéad, agus raċfa mé air na ttor, agus aireoċa mé dféaċuin cred a déara sé riom, agus cred ḟreagoras mé an tan aiṫḃeorṫar mé. 2 ¶ Agus do ḟreagair an TIĠEARNA mé, agus a duḃairt, Scrioḃ a nfis, agus déana soilléir í air ċláruiḃ, iondus go rioṫaḋ an té léiġios. 3 Oír atá a nfis fós ċum uáire cinte, aċt fa ḋeóiġ laiḃeoruiḋ sí, agus ní ḋéana sí bréag: má atá go maḋ mall í, feiṫ uirre; do ḃríġ go ttiucfa sí go deiṁin, ní anfa sí. 4 Féuċ, an té ar tógḃaḋ súas a anam ní ḃfuil go díreaċ ann féin: aċt mairfiḋ an fíréun tred a ċreidioṁ. 5 ¶ Fós mar an ccéadna, do ḃríġ go cciontuiġionn sé le fíon, is duine úaiḃreaċ é, ní mó ḟanas sé annsa ḃaile, noċ ḟoirleaṫnuiġios a ṁían mar itrionn, agus go ḃfuil mar an mbás, agus naċ ḟéidir a ṡásaḋ, aċt go cruinniġionn sé ċuige gaċ uile ċineaḋ, agus go ccárnann sé a nuile ṗobal ċuige: 6 Naċ tóigfid so uile cosaṁlaċd súas na aġaiḋ, agus seanḟocal magaiḋ na aġaiḋ, agus a deáruid, A ṁairg don té ṁéaduiġios an ní naċ leis féin! ga fad? agus don té úaluiġios é féin le críaiḋ ṫiuġ! 7 Naċ éireoċuid androng ġoirteaċus ṫú súas go lúaṫ, agus naċ múisceoluiḋ an ní ṫú ḃuáiḋirtios tú, agus biáiḋ tú mar éadáil aca? 8 Do ḃríġ gur ṁill tú iomad cineaḋaċ, millfiḋ uile íarsma na ndaóine ṫusa; ar son fola daóine, agus ar son éigne na tíre, na caiṫreaċa, agus a nuile ḋuine ċoṁnuiġios inte. 9 ¶ A ṁairg don té ṡantuiġios droċṡaint da ṫiġ, iondus go suiġeoċa sé a nead go hárd, ċor go sáorfuiḋe é ó ċuṁaċt a nuilc! 10 Do ċoṁairliġ tú náire dot ṫiġ le gearraḋ ṁórain daóine, do ṗeacuiġ tú a naġaiḋ hanma féin. 11 Oír coṁaircfiḋ an ċloċ as an mballa, agus freigeoruiḋ an tsail as a naḋmad í. 12 ¶ A ṁairg don té do ní baile le fuil, agus ṡuiġios caṫair le héigceart! 13 Féuċ, naċ ó TIĠEARNA na slóġ atá go saoṫraċuid na daóine annsa teine féin, agus coirfid na ndaóine íad féin ar son díoṁáoinis? 14 ¶ Oír líonfuiġior an talaṁ le héolus ġlóire an TIĠEARNA, mar ḟoluiġid na huisceaḋa a nfairge. 15 ¶ A ṁairg don tí do ḃeir deoċ dá ċoṁarsoin, ċuirios do ḃuideal ċuige, agus fós ċuirios ar meisge é; ċor go bféuċfa air a lomnoċduiġ. 16 Atá tú líonta do náire a náit glóire: iḃse fós, agus bíoḋ do réiṁċroicionn leis: iompoċṫar cupán láiṁe deise an TIĠEARNA ċugadsa, agus biaiḋ sceaṫraċ náireaċ air do ġlóir. 17 Oír foileoċuiḋ éigion Lebanon ṫú, agus creaċ ḃeaṫaċ, noċ do ċuir eagla orra, ar son fola daóine, agus ar son éigine na tíre, na caiṫreaċa, agus a nuile ḋuine aitriġios ínte. 18 ¶ Cred ṫarḃuiġios a níoṁáiġ ġreanta ar ġrean fear a hullṁuiġṫe í; a níoṁáiġ leaġṫa, agus teagasgóir bréug, as a ndóṫċusuiġionn fear déanta a oibre féin ann, do ḋéanaṁ ioḋal mbalḃ? 19 A ṁairg don tí a deir ris an maide, Múscail; ris an ccloiċ mbalḃ, Eiriġ, teagoscúidb sí? Féuċ, do córuġaḋ í air fad dór agus dairgiod, agus ní ḃfuil anál ar áonċor iona lár. 20 Aċt atá an TIĠEARNA iona ṫeampall náoṁṫa: bíoḋ an talaṁ uile na ṫoċd dá laṫair. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society