Habaccuc 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Gur measa na daóine sciúrsas, no an drong do scíursfuiġear; agus gur ḋóiḃ fein ḃeirid buiḋe a ḃuáiḋ tugadar amaċ, agus ní hann do Ḋía. 1 An túalaċ do ċonnairc Habaccuc an fáiġ. 2 O a ṪIĠEARNA, ga fad ḃias mé ag éiġioṁ, agus naċ ccluin tú! eaḋon ag éiġioṁ ċugad air ḟoiréigion, agus naċ áill leaċd tárṫail! 3 Créd fá ttáisbeanann tú éigceart ḋaṁ, agus a ṫaḃairt orum doilġios dfaicsin? óir atá cneaḋ agus foiréigean as mo ċoinne: agus atá drong ann ṫógḃus súas ceannairg agus imreasan. 4 Uimesin do failliġeaḋ an dliġeaḋ, agus ní ṫéid breiṫeaṁnus ċoiḋċe amaċ: óir íaḋuid na ciontuiġ a ttimċioll na ḃfíréan; uime sin ṫéid breiṫeaṁnus éigcóir ar aḋaiġ. 5 ¶ Féuċuiḋ siḃsi a measg na ngeinteaḋ, agus measuiġ, agus iongantaiġ go hiongantaċ: oir oibreoċa misi obair ann ḃur laéṫiḃ, noċ naċ ccreidfiḋe, dá mbeiṫ go ninneastaói ḋáoiḃ é. 6 Oír, féuċ, tógḃuim súas na Caldéanuiġ, an cineaḋ searḃ deiṫneasaċ sin, noċ imṫiġios tre leiṫead na tíre, do ṡealḃuġaḋ na náiteaċ ccoṁnúiḋe naċ leó féin. 7 Atáid síad úaṫḃásaċ agus gúasaċtaċ: gluáisfiḋ a mbreiṫeaṁnus agus a noirḋearcus úaṫa féin. 8 Is Iuáiṫe fós a neiċ ná liopaird, agus is buirbe íad ná coin allta an tráṫnóna: agus leaṫnoċuid a marcṡlúaġ íad féin, agus tiucfuid a marcṡlúaġ ó imċéin; eitilfid mar an niolar ḋeiṫfriġeas diṫe bíḋ. 9 Tiucfuid uile ċum éigin: súiġfid a naiġṫe súas mar an ngaoiṫ a noir, agus cruinneoċuid an braiġdionas mar an ngaineaṁ. 10 Agus do ḋéanuid sgige fá na ríoġaiḃ, agus béid na prionnsaḋa na ccúis ṁagaiḋ aca: dísbeagfuid gaċ uile ḋaingion láidir; óir crúaċfuid luáiṫreaḋ, agus géaḃuid é. 11 Annsin áṫroċus a inntinn, agus raċfuiḋ sé ṫairis anonn, agus cinteoċuiḋ sé, ag cur a ċuṁaċta a leiṫ a ḋé fein. 12 ¶ Naċ ḃfuil tusa ó ṡíorruiġioċd, a ṪIĠEARNA mo Ḋía, Máon Náoṁṫa? ní éugfuimne. A ṪIĠEARNA, dórduiġ tú íad do breiṫeaṁnus; agus, a Ḋé ċuṁaċdaiġ, do ḋaingniḋ tú íad do smaċduġaḋ. 13 Is fíorġlaine do ṡúile na ċum uilc daṁarc, agus ní ḟéadann tú féuċuin air éicceart: cred fa ḃféuċann tú air an droing do ní go fealltaċ, agus ḃíos tú ad ṫoċd an tan ṡluigios an droċḋuine an duine is fíréunta ná é féin? 14 Agus do ní tú daóine mar íasg na fairge, aṁuil na neiṫe snáiḋeaċa, naċ ḃfuil riaġlaiġṫeóir ós a ccionn? 15 Tógḃuid íad uile súas leis an nduḃán, gaḃuid íad iona líon, agus cruinniġid íad iona líon tairngṫe: uimesin gáirdiġid agus bíd lúaṫġaireaċ. 16 Ar a naḋḃarsin íoḋbruid síad dá líon, agus loiscid túis dá bpaintéur; do ḃriġ go mbí a ccoṁroinn méiṫ leó sin, agus a mbiaḋ fairsing. 17 An bfoilṁeoċuid síad a líon uimesin, agus gan ċoigill do ġuáṫ cineaḋaċa do ṁarḃaḋ? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society