Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VIII Sául ag brúġaḋ na heagluisi, 13 do baisdeaḋ Síomon a draói, 27 agus séomradóir Ċandace, ré Ṗilib.

1 Agus dáontaiġ Saul ċum a ḃásaiġe. Agus déiriġ sa ló sin gérleanṁuin ṁór a naġaiḋ na heagluise a Níarusalém; agus do ḃádar uile ar na sgaraḋ feaḋ réigion ṫíre Iúdaiġe agus na Samária, aċd aṁáin na habsdail.

2 Agus do ṫógḃadar dáoine cráiḃṫeaċ Steaṗán ríu, agus do ċáoineadar go mór é.

3 Aċd do ḃí Saul, ag sgrios na heagluise, ag dul a steaċ ann gaċ éintiġ, agus ag tarraing amaċ fear agus ban, do ċuireaḋ sé a bpriosún íad.

4 Uime sin an dream do ḃí ar na sgaraḋ dimiġeadar timċeall ag seanmóruġ na bréiṫre.

5 Agus ar dteaċd do Ṗilib go caṫair na Samária, do ṡeanmóir sé Críosd ḋóiḃ.

6 Agus tugadar an póbal déantoil aire do na neiṫiḃ do laḃair Ṗilib, ag éisdeaċd agus ag féuċain na gcóṁarṫaḋ do rinne sé.

7 Oír do ċúadar spíorada neaṁġlana, amaċ as mórán ann a raḃadar, ag éiṁġe do ġúṫ ṁór: agus do slánuġaḋ mórán do luċd paireilíse, agus do ḃacaċaiḃ.

8 Agus do ḃi gáirdeaċus mór sa gcaṫraiġsin.

9 Agus do ḃi roiṁe sin sa gcaṫraiġ, duinne áiriġe dar ḃainm Síomon, do ḃí na ḋraói, agus do ṁeall sé pobal na Samária, ag ráḋ, Gur ḋuine mór éigin é féin:

10 Tugadar uile aire ḋó, ón mbeag gus an mór, ag ráḋ, A sé so mórċuṁaċda Dé.

11 Agus tugadar a naire ḋó, do ḃríġ gur ṁeall sé íad aimsir ḟáda lé na ḋraóiḋeaċd.

12 Aċd a nuáir do ċreideadar do Ṗilib ag soisgéuluġaḋ na neiṫeann ḃeanus ré rioġaċd Dé, ague ré hainm Iósa Críosd, do ḃaisdeaḋ íad, eidir ḟeara agus ṁná.

13 Agus do ċreid Síomón féin mar an gcéudna: agus ar na ḃaisdeaḋ, do ċóṁnuiġ sé a ḃfoċair Ṗilib, Agus ar ḃfaicsin dó na gcoṁarṫaḋ agus na miorḃuileaḋ móra ḋá ndéunaṁ, do ġaḃ úaṫḃás é.

14 Agus ar gclos do na habsdalaiḃ do ḃí a Níarusalém gur ġaḃ Samaria re bríaṫar Dé, do ċuireadar ċuca Peadar agus Eóin:

15 Agus ar ndul síos dóiḃ, do ġuiḋeadar ar a son, do ċum go ngéuḃaidis ċuca an Spiorad Náoṁ:

16 (Oír níor ṫuirrling sé fós ar éinneaċ aca: aċd aṁáin do baisdeaḋ íad a nainm an Tiġearna Iósa.)

17 Ann sin do ċuireadar láṁa orrṫa, agus do ġaḃadar an Spiorad Naoṁ ċuca.

18 Agus ar na ḟaicsin do Ṡíomón go raiḃ an Spiorad Náoṁ ar na ṫaḃairt tré láṁuiḃ na nabsdal do ċur orṫa, do ṫairg sé airgead dóiḃ.

19 Ag ráḋ, Taḃraiḋ ḋaṁsa mar an gcéudna na cuṁaċdasa, go ḃfuiġe gaċ neaċ ar a gcuirfe mé láṁa, an Spiorad Náoṁ.

20 Aċd a duḃairt Peadat ris, Go dtéiġe do ċuid áirgid a múġa maille riot féin, do ḃriġ go measann tú go ḃfaġṫar tíoḋlaícaḋ Dé ar airgead.

21 Ní ḃfuil cuíd ná cumann agad ann sa miniosdrálaċdsa: oír ní ḃfuil do ċroiḋe díreaċ a ḃfíaḋnuise Dé.

22 Uime sin déuna aiṫriġe ar son a nuilcse, agus íarr ar Ḋía, más éidir smuáineaḋ do ċroiḋe do ṁaiṫeaṁ ḋuit.

23 Oír do ċím go ḃfuil tú a ndomlus an tsearḃuis, agus a ndaigean na héugcóra.

24 Agus ar ḃfreagra do Ṡíomón, a duḃairt sé, Guiḋiġse an Tiġearna ar mo ṡon, gan ní ar biṫ do na neitiḃse a duḃraḃair do ṫeagṁail daṁ.

25 Uime sin, ar ndéunaṁ fíaḋnuise ḋóiḃsion, agus ar laḃairt ḃréiṫre Dé, dfilleadar go Híarusalém, agus do ṡeanmóraiġeadar an soisgéul a mórán do ḃailtiḃ na Samáritaneaċ.

26 Agus do laḃair aingeal an Tiġearna ré Ṗilib, ag ráḋ, Eírġe, agus imṫiġ don taoiḃ ó ḋeas, an tsliġe síos ó Ierusalém go Gása, noċ atá na ḟásaċ.

27 Agua ar néirġe ḋósan dimṫiġ sé roiṁe: Agus, féuċ, cailltéanaċ áiriġṫe ó Etíopia, duine cúṁaċdaċ ré Candáce bainríoġan na Heitíopia, noċ do ḃí ós cionn a hionnṁusa uile, táinic sé go Hiarusalém daḋraḋ Dé,

28 Agus dfill sé tar a ais, agus ag súiḋe ḋó ann a ċarbad, do léiġ sé Esaías fáiḋ.

29 Agus a duḃairt an Spiorad ré Ṗilib, Druid a ḃfogus, agus cuir ṫú féin a naice an ċarbaid úd.

30 Agus do riṫ Ṗilib, agus do ċúalaiḋ sé é ag léuġaḋ a nfíaḋ Esaías, agus a duḃairt sé, An dtuigeann tú na neiṫe léiġeas tú?

31 Agus a duḃairt seision, Cionnus is éidir leam, muna raiḃ éolaiġe éigin agam? Agus diarr sé ar Ṗilib teaċd a nsios, agus suiḋe na ḟoċair.

32 Agus a sé so an mball don sgríobtúir do léiġ sé, Mar ċáoiriḋ do rugaḋ ċum báis é; agus aṁail uáin na ṫoċd a ḃfíaḋnuise a nfir lomarṫa, is mar sin nár osgail sé a ḃéul:

33 Ann a úṁlaċd do hárduiġeaḋ a ḃréiṫeaṁnus: Agus cía ḟoillséoċas a ġeinealaċ? óir tógṫar a ḃeaṫa don talaṁ.

34 Agus ag freagra air Ṗilib, a duḃairt an cailltéanaċ, Iarruim daṫċuinge ort, Cía ré a nabair an fáiḋ so? an leis féin, nó lé neaċ eigin eile?

35 Ann sin ar nosglaḋ a ḃéil do Ṗilib, agus ag tosúġaḋ ón sgriobtúrsa, do ṡeanmóir se Iósa ḋó.

36 Agus ar mbeiṫ ḋóiḃ ag imṫeaċd sa tsliġe, tangadar ċum uisge áiriġe: agus a duḃairt an cailltéanaċ, Féuċ, an tuisge; créud ṫoirmisgeas mise ḃaisdeaḋ?

37 Agus a duḃairt Ṗilib, Má ċreideann tú go hiomlán ó ċroiḋe, is éidir leaċd. Ar ḃfreagra ḋósan ann sin a duḃairt sé, Creidim gur ab é Iósa Críosd Mac Dé.

38 Daiṫin sé an carbad ann sin do ċongṁáil na ċoṁnuiġe: agús do ċúadar aráon síos sa nuisge, Ṗilib agus an cailltéanaċ a naóineaċd; agus do ḃaisd sé é.

39 Agus ar dteaċd a nsíos as a nuisge ḋóiḃ, dfúadaiġ Spiorad an Tiġearna Ṗilib leis, agus ó sin amaċ ní ḟacaiḋ an cailltéanaċ é: agus dimṫiġ sé roiṁe a ngáirdeaċus.

40 Aċd fríṫ Ṗilib a Nasótus: agus ag dul tríd an dtír ḋó do rinne sé an soisgéul do ṡeanmóruġaḋ do na huile ċaiṫreaċaiḃ, go teaċd ḋó go Seasáréa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan