Gníoṁarṫa 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII Freagra ḋíaġa Steṗain, ag foillsiuġaḋ bríġ an dlíġe; 59 agus aris a ḃás féin áindliġeaċ. 1 Ann sin a duḃairt an tárdsagárt, An ḃfuilid na neiṫese mar so? 2 Agus a duḃairt seision, A ḃraiṫreaċa, agus a aiṫreaċa, éisdiġ; Dfoillsiġ Día na glóire é féin dar naṫair Abraham, an tan do ḃí sé sa Mésopotámia, suil do ċóṁnuiḋ sé a Gcárran, 3 Agus a duḃairt sé ris, Fág do ṫír féin, agus do ċineaḋ, agus tárr don tír ḟoillseaċus misi ḋuit. 4 Dimṫiġ sé ann sin as talaṁ na Gcaldéanaċ, agus do ċoṁnuiġ sé a Gcárran: Agus as sin, tar éis ḃáis a aṫar, dárrṫuiġ sé é don talaṁsa, ann a ḃfuiltíse a nois ḃur gcóṁnuiḋe. 5 Agus ní ṫug sé oíġreaċd ḋó ann, go fíu leiṫead troiġṫe: bíoḋ gur ġeall sé a ṫaḃairt mar ṡeilḃ ḋó féin, agus dá ṡíol na ḋíaiġ, gé báċ raiḃ clann fós aige. 6 Aċd do laḃair Día mar so, Bíaiḋ do ṡíolsa na náitreaḃaiḋ a dtír ċoiṁiġṫe; mar a ccoineóċar íad fá ḋáoirse, agus fá leaṫtrom ceiṫre ċéud blíaḋan. 7 Aċd do ḋéuna misi breiṫeaṁnus ar an gcineaḋ aga mbíaiḋ síad fá ḋáoirse, do ráiḋ Día: agus ná ḋíaiġ sin raċaid síad amaċ, agus do ḋéunuid seirḃís ḋaṁsa sa nionadsa. 8 Tug sé ḋó mar an gcéadna connraḋ an timċillġearraḋ: agus is mar sin do ġin Abraham Isaac, agus do ṫimċillġearr sé é an toċdṁáḋ lá; agus do ġein Isaac Iácob; agus Iácob an dá ṗátriárc ḋéug. 9 Agus ar ngaḃáil ṫnúiḋ, do na patriarcuiḃ, do reacadar Ióseṗ don Eigipt: agus do ḃí Día maille ris, 10 Agus do réiḋiġ sé é ó nuile ṫrioblóid, agus tug sé grása agus eagna ḋó a ḃfíaḋnuise Ṗárao rí na Héigipte; noċ do rinne úaċdarán de ar a Néigipt agus ar a ṫiġ féin uile. 11 Agus táinig gorta go tír na Héigipte agus Ċánaan uile, agus aṁgur ṁór: ionnus náċ ḃfúaradar ar naiṫreaċa beaṫa. 12 Agus ar na ċlós do Iácob go raiḃ arḃar sa Néigipt, do ċuir sé ar naiṫreaċa ar tús innte. 13 Agus an dara húair daiṫneadar a ḋearḃraiṫreaċa Ióseṗ; agus do foillsiġeaḋ do Ṗárao cineaḋ Ióseṗ. 14 Agus do ċuir Ióseṗ, fios air Iácob a aṫair, agus ar a luċd gáoil uile, cúiganmanna déug agus trí fiċid. 15 Agus do ċuáiḋ Iácob síos don Eigipt, agus fuair sé féin, agus ar naiṫreaċa bás, 16 Agus do haṫruiġeaḋ íad go Síċem, agus do ċuireaḋ íad ann sa túama do ċeannaiḋ Abraham ar a lúaċ airgid ó ċloinn Emmor Aṫair Síċeim. 17 Agus ar ndrud aimsire na geallaṁna tug Día Ḋábraham maille ré mionnaiḃ, dfás an póbal go híomaduil sa Néigipt, 18 Nó gur éiriġe rí eile súas, ag naċ raiḃ aiṫne air Ióseṗ. 19 Do ṁeall an fearso ar ccineaḋne, agus tug sé droċḋíol air ar naiṫreaċuiḃ, a ccrúṫ go dtug sé orrṫa a gclann óg do ṫeilgean amaċ, ionnus náċ ḃfasaidís. 20 Fá a namsin rugaḋ Máoise, agus do ḃí sé taitneaṁaċ ag Día, agus do hoileaḋ é feaḋ ṫrí míos a dtiġ a aṫar: 21 Agus ar mbeiṫ ḋó ar na ṫeilgean amaċ, do ṫóg inġean Ṗáraó ría é, agus do oil si é mar ṁac ḋi féin. 22 Agus do ḃí Máoise foġlomṫa a nuile éagna na Négipteaċ, agus do ḃí sé cúṁaċdaċ a mbríaṫruiḃ agus a ngníoṁarṫuiḃ. 23 Agus ar gcoiṁlíonaḋ aimsire a ḋá ḟiċead blíaḋan dó, táinic ann a ċróiḋe dul dféuċain a ḋearḃráiṫreaċ féin ċloinne Israél. 24 Agus ar ḃfaicsin duine áiriġe ag fulang éugcóra, do ċosain sé é, agus ar mbúalaḋ a Néigiptaiġ ḋó, do rinne sé dioġaltas air son an tí ar a ndearnaḋ a néugcóir: 25 Oír do ṁéas sé go dtuigfidís a ḋearḃráiṫreaċa go dtiuḃraḋ Día fúasglaḋ tré na láiṁsion dóiḃ: giḋeaḋ níor ṫuid siadsan sin. 26 Agus an lá na ḋíaiġ sin ar mbeiṫ ḋóiḃ ag coṁrac do ṫaisbéin sé é féin dóiḃ, agus do ḃí sé déanaṁ síoṫċana eatorra, ag ráḋ, A ḋáoine, as dearḃraiṫreaċa da ċéile siḃ; créud fá ndéuntáoi éugcóir ar a ċéile? 27 Aċd do ċuir an té do rinne a néugcóir ar a ċóṁarsuin úaḋ é, ag ráḋ, cía rinne úaċdarán agus breíṫeaṁ ḋíotsa ós ar gcoinne? 28 An mían riot misi do ṁarḃaḋ, mar do ṁarḃ tú an Tégiptaċ a né? 29 Do ṫeiṫ Máoisi ann sin ris an ḃfocal sin, agus do ḃí sé na ḋeóraiḋ a dtalaṁ Ṁádian, sa nionad ann a rugaḋ días mac ḋó. 30 Agus ar gcríoċnuġaḋ ḋá ḟiċead ḃlíaḋan, do taiḃreaḋ ḋó a ḃfásaċ ṡléiḃe Sína aingeal an Tiġearna a lasair ṫeineaḋ a ndos. 31 Agus ar ná ḟaicsin do Ṁáoise, do ġaḃ iongnaḋ fan táiḃse é: agus ar dteaċd dó ḋá ḃréaṫnuġaḋ, táinic gúṫ an Tiġearna ċúige, 32 As misi Día haiṫreaċ, Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iácob. Agus ar mbeiṫ do Ṁáoise ar criṫ, níor laṁ sé aire do ṫaḃairt dó. 33 Aċd a duḃairt an Tiġearna ris. Sgáoil do ḃróga dod ċósaiḃ: oír is talaṁ náoṁṫa an tionad ann a ḃfuill tú ad ṡeasaṁ. 34 Tug mé dom aire, go frioċnaṁaċ, áṁgar mó ṗóbail nóċ atá sa Néigipt, agus do ċúalaiḋ mé a nósnaḋaċ, agus do ṫuirrling mé dá ḃfúasgailt. Agus a nois tárrsa a leiṫ, cuirfe me don Eigipt ṫú. 35 An Máoise só do ḋíultadar, ag ráḋ, Cía rinne úaċdarán agus bréiṫeaṁ ḋíotsa? do ċuir Día é mar úaċdarán agus mar ḟear sáorṫa a láiṁ a naingil, do taiḃreaḋ ḋó sa dos. 36 Tug sé so amaċ íad, ar ndéunaṁ miorḃuileaḋ agus coṁarṫaḋ a dtalaṁ na Héigipte, agus ann sa muir Rúaiḋ, agus ann sa ḃfásaċ ḋá ḟiċead blíaḋain. 37 A sé so an Máoise úd, noċ a duḃairt ré cloinn Israél, Tóigéuḃaiḋ Día ḃur Dtiġearna fáiḋ súas dáoiḃ da ḃur ndearḃraiṫriḃ, mar misi; éisdfiṡ siḃ ris. 38 Sé so an té do ḃí sa gcóiṁṫionól ar an ḃfásaċ a ḃfoċair a naingil do laḃair ris ar ṡlíaḃ Sína, agus ré ar naiṫriḃne: noċ do ġlac mar an gcéudna briaṫra na beaṫa ċum a dtaḃarṫa ḋúinne: 39 Dá nár ḃáill ré ar naiṫríḃne úṁlaċd do ṫaḃairt, aċd do ḋíultadar é, agus dfilleadar ann a gcróiḋṫiḃ tar a nais don Eigipt, 40 Ag ráḋ ré Háaron, Déuna ḋúinn dée do raċa roṁuinn: oír ní ḃfuil a ḟios aguinn, créud do éiriġ don Ṁáoisese, noċ do ṫreóraiḋ sinn as talaṁ na Héigipte. 41 Agus da rinneadar láoġ ann sna laéṫiḃsin, agus do ḟoráileadar íoḋbairt don íoḋail, agus do rinneadar gáirdeaċus as oibriġṫiḃ a láṁ féin. 42 Agus dfill Día, agus tug sé íad do ḋéanaṁ seirḃíse do ṡlúaġ neiṁe, do reir mar atá sgríoḃṫa a leaḃar na ḃfáiġeaḋ, A ṫiġ Israél, nar ḟoraileaḃair ḋaṁsa beaṫaiḋ ṁarḃa agus ioḋbarṫa ar féaḋ ḋá ḟiċead blíaḋan ar an ḃfásaċ? 43 Aċd, do ġlacaḃair tábernacel Ṁóloċ, agus réult ḃur Ndía féin Remṗan, fíoġraċa noċ do rinneaḃair ċum a naḋra: ar a naḋḃarsin áṫróċa mé siḃ don táoḃ a nunn don Ḃábilóin. 44 Do ḃí tábernacel na fíaḋnuise ag ar naiṫriḃne ar an ḃfásaċ, do réir mar daiṫin, an té laḃair ré Máoisi, a ḋéunaṁ do réir na heisiomplara do ċunnairc sé. 45 Noċ do ġlacadar ar naiṫrene agus tugadar leó maille ré Híosa go seilḃ na Gcíneaḋaċ, noċ do ṫeilg Día amaċ as aṁarc ar naiṫreaċ, go laéṫiḃ Ḋáiḃi: 46 Noċ fuair grása a ḃfíaḋnuise Dé, agus do ṡir tabernacel dfaġáil do Ḋía Iácob. 47 Giḋeaḋ a sé Solaṁ do ṫóg tiġ ḋó. 48 Aċd fós ní a dteampluiḃ laiṁḋéanta atá an tí as Airde na ċoṁnuide; do réir mar a deir an fáiḋ, 49 Sé neaṁ mo ċaṫaóir, agus an talaṁ sdól mo ċos: créd é an tiġ ṫóigéuḃus siḃ ḋaṁ? a deir an Tiġearna: nó créud é mionad cóṁnuiġe? 50 A né naċ í mó láṁ do rinne na neiṫesi uile? 51 A ḋáoine cruáiḋṁuineulaċa agus neaṁṫimċeallġearrṫa a gcróiḋe agus a gclúasáiḃ, atáṫáoi ag seasaṁ ríaṁ a naġaiḋ an Spiorad Náoiṁ: aṁuil do rinneadar ḃur naiṫreaċa, as mar sin do niṫíse. 52 Cía do na fáiḋiḃ nar ḋíḃreadar ḃur náiṫreaċa? agus do ṁarḃadar an dream do réuṁḟoillsiġ teaċd an Táon Firéin úd; agá raḃaḃairse a nois ḃur luċd braṫa agus dúnṁarḃṫa: 53 As do ġlacaḃair an reaċd tré ṁiniosdrálaċd na naingeal, agus níor ċoiṁéudaḃair é. 54 Agus ar na gclós só ḋóiḃsion, do goinaḋ ann a gcróiḋṫiḃ íad, agus do ḃádar ag cognaṁ a ḃfiacal na aġaiḋ. 55 Aċd ar mbéiṫ do Steaṗán lán don Spíorad Náoṁ, agus ar ḃféaċain dó go gér ar neaṁ, do ċunnairc sé glóir Dé, agus Iósa na ṡeasaṁ ar láiṁ ḋeis Dé, 56 Agus a duḃairt sé, Féuċ, do ċím neaṁ osguilte, agus Mac an duine na ṡeasaṁ ar láiṁ ḋeis Dé. 57 Do ġáireadarsan annsin do ġúṫ ṁór, agus do stopádar a gclúasa, agus do ṡaiṫeadar déuntoil airsion, 58 Agus ar na ṫeilgean amaċ as an gcaṫraiġ ḋóiḃ, do ġaḃadar do ċloċaiḃ air: agus do ċuireadar na fiaḋnuisiġe a néuduiġe síos ag cosaiḃ ógánaiḋ áiriġe, dar ḃainm Saul. 59 Agus do ġaḃadar do ċloċuiḃ air Steaṗán, as é ag guiḋe, agus ag ráḋ, A Ṫiġearna Iósa, gáḃ mo spiorad ċugad. 60 Agus ar na léigean féin ar a ġlúiniḃ ḋó, do éiġ sé do ġúṫ ṁór, A Ṫiġearna, na cuir an peacaḋsa na leiṫ. Agus ar na ráḋ so ḋó do ċodail sé. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society