Gníoṁarṫa 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI Seaċt deaċanna ar na ndtoġa, 5 dar díoḃ Steṗanus. 1 Agus an sna laéṫiḃsin, ag méuduġaḋ úiḃir na deisciobluiḃ, déiriġ monṁur na Ngréugaċ a naġaiḋ na Neaḃruiġeaċ, do ḃríġ go ttugṫáoi neíṁċion air a mbaintraḃaċuiḃ sa miniosdrálaċd laéṫeaṁuil. 2 Uime sin ar ngairm iomuid do na deisciobluiḃ a gceann a ċéile don dá ḟear ḋéug, a duḃradar, Ní hiomċuḃuiġe ḋúinne briaṫar Dé gfágḃáil do ċum na mbórd do ḟrioṫólaṁ. 3 Ar a naḋḃarsín, a ḋeartḃraiṫreaċa, féuċaiḋ amaċ ḃur measg féin mórṡeisear do ḋáoiniḃ deaġṫeasda, lán don Spioruid Náoṁ agus deagna, noċ do ċuirfeam a dtimċeal na hóibreise. 4 Agus bíaḋmaidne go cóṁnuiġṫeaċ a nurnuiġe, agus a miniosdrálaċd na bréiṫre. 5 Agus dáontuiġeadar an coṁlúadar uile don ráḋ so: agus do ṫóġadar Steaṗán, fear lán do ċreideaṁ agus don Spíoruid Naoṁ, agus Ṗilip, agus Procórus, agus Nícánor, agus Tímon, agus Parménas, agus Nicolás neaċ ó Aintióċia do ċeanguil é féin don neagluis: 6 Do ċuireadar íad so a ḃfíaḋnuise na nabsdal: agus ar ndéunaṁ urnuiġe ḋóiḃsean, do ċuireadar a láṁa orrṫa. 7 Agus dfás bríaṫar Dé; agus do ṁéudaiġ úiḃir na ndeisciobal go roṁór a Niarusalém; agus dúṁluiḋ cuid ṁór do na ságartaiḃ don ċreideaṁ. 8 Aċd Steaṗán, lan do ċreideaṁ agus do ċúṁaċdaiḃ, do rinne sé miorḃuile agus cóṁarṫaḋa móra a measg an ṗobail. 9 Agus déirġeadar súas dream áiriġe don tsinagóig, dar ab ainm Sionagóg na libertiniġ, agus na Cirenianaċ, agus luċd Alecsandria, agus Cilícia agus na Hásia, ag diosbóraċd lé Steaṗán. 10 Aċd níor ḃféidir leó cur a naġaiḋ na heagna agus na spioraide tré ar laḃair sé. 11 An sin tugadar a steaċ dream airiġe, noċ a duḃairt, do ċúalamar féin é ag laḃairt ḃríaṫra masluiġeaċa a naġaiḋ Ṁáoise, agus Dé. 12 Agus do ḃogadar an pobal, agus na sinnsir, agus na sgriobuiḋe, agus ag cur ċuige, rugadar air, agus tugadar leó ċum na coṁairle é, 13 Agus do ċuireadar amaċ fiaḋnuiseaḋa bréugaċa, noċ a duḃairt, Ní sguireann an fearso dá ḃeiṫ ag laḃairt ḃríaṫra masluiġeaċa a naġaiḋ na háite náoṁṫasa, agus an reaċda: 14 Oír do ċúalamar é ag ráḋ, Go sgriosfaiḋ Iósa Násarrḋaso a naitse, agus go niompoċaiḋ sé na hórduiġṫe tug Máoise ḋúinne. 15 Agus gaċ a raíḃ na suíḋe sa ccóṁairle, ag féuċuinn go frioċnaṁaċ airsion, do ċunncadar a aġaiḋ mar aġaiḋ aingil. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society