Gníoṁarṫa 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III Do leiġis Peadar an bácaċ, 19 agus brosduiġ sé filleaḋ on olc go creidim Ċríosd an Tslanaiġeoir. 1 Agus do ċúaiḋ Peadar agus Eóin a néaineaċd súas don teampoll a nam urrnuiġe, a dtimċeall a náoiṁaḋ huáir. 2 Agus do hiomċraḋ duine áiriġe do ḃí na ṁairtíneaċ ó ḃruinn a ṁaṫar, noċ do ċuirdís gaċ láoi ag dorus an teampuill ré a ráitear Breaġa, díarruiḋ déirce ar a ndruing do ṫéiġeaḋ a sdeaċ don teampoll; 3 An tan do ċunnairc an fearso Peadar agus Eóin ar tí dul a steaċ don teampoll díarr sé déirc. 4 Agus ar ḃféuċain go géur do Ṗeadar air, maille lé Heóin, a duḃairtsé, Féuċ oruinne. 5 Agus tug seision aire ḋóiḃ, a ndoṫċus neiṫe éigin dfáġail úaṫa. 6 Aċd a duḃairt Peadar, Ní ḃfuil airgead na ór agamsa; aċd an ní atá agam do ḃeirim ḋuitse é: A nainm Iósa Críosd Nasárrḋa éiriġ agus siuḃail. 7 Agus ar mbreiṫ air a láiṁ ḋeis dó, do ṫóg sé súas é: Agus ar an mball do neartuiġeaḋ muġarnaiġ agus bonnaiḋe a ċos. 8 Agus do léim sé súas do ṡeas, agus do ṡiuḃail sé, agus do ċuáiḋ sé ríu a steaċ don teampoll, ag siuḃal, agus ag léimniḋ agus ag molaḋ Dé: 9 Agus do ċunnairc an pobal uile é ag siuḃal agus ag molaḋ Dé: 10 Agus daiṫneadar é gur ab é do ḃíoḋ ag íarruiḋ déirce na ṡuiḋe ag geata Bréaġ an teampuill: agus do lionaḋ íad diongantas agus dúaṫḃás fá a ní sin ṫárla ḋó. 11 Agus ag cungṁáil Ṗeadair agus Eóin don ṁairtíneaċ úd do slánuġaḋ, do rioṫ an pobal uile ċuca ag iongantus, don ṗoirse da ngoirṫear póirse Ṡolaiṁ. 12 Agus ar na ḟaicsin sin do Ṗeadar, do ḟreagair sé don ṗobal; A ḟeara Israél, créd fá ḃfuil iongnaḋ aguiḃ ann so? nó créd fá ḃfuiltí ag sírḟéaċuin oruinne, aṁuil as gur tré ar gcúṁaċdaiḃ féin nó tré ar náoṁṫaċd do ṫugamar air an ḃfearso siúḃal? 13 Día Abrahám, agus Isáac, agus Iácob, Día ar naiṫreaċne, do ġlóruiġe sé a Ṁac féin Iósa; noċ do ḃraiṫeaḃairse, agus do ṡéunaḃair a ḃfíaḋnuisi Ṗíolaid, an tan rug sé do ḃreiṫ a sgáoileaḋ. 14 Aċd do ṡéunaḃairse an Neaċ Náoṁṫa Fíréanta, agus diarraḃair fear dúnṁarḃṫa do ṫioḋlacaḋ ḋíḃ; 15 Aċd do ṁarḃaḃair Uġdar na beaṫa, noċ do ḋúisiġ Día ó ṁarḃaiḃ; agá ḃfuilmídne ar ḃfíaḋnuisiḃ. 16 Agus tré ċreideaṁ anmasán, do neartaiḋ a ainm an fearso, do ċiṫí agus áiṫeantáoi: agus, an creiḋeaṁ atá ḋá ṫáoḃsan, tug sé ḋó so an tsláinte iomlánso ann ḃur laṫairse uile. 17 Agus a nois, a ḋearḃraiṫe, atá a ḟios agam gur tré ainḃfios do rinneaḃair na neiṫe so, agus ḃur núaċdaráin mar an gcéadna. 18 Aċd is mar so do ċoṁlíon Día, na neiṫe do réuṁḟoillsiġ sé tré ḃéul a ḟaiġeaḋ uile, go ḃfuileóngaḋ Críosd. 19 Ar a naḋḃarsin déunaiḋ aiṫriġe, agus filliḋ, ionnus go sgriosfuiḋe ḃur bpeacaiḋ, a núair ṫiocfus aimsir a nfúaraiḋ ó ḟíadnuise an Tiġearna; 20 Agus ċuirfeas sé úaḋ Iósa Críosd, noċ do seanmóruġaḋ ḋíḃ roiṁe: 21 Dár ab éigin do neaṁ a ġaḃáil go teaċd daimsearaċaiḃ aiseagṫa na nuile neiṫeann, noċ do laḃair Día tré ḃéul a uile ḟáiġeaḋ náoṁṫa ó ṫús an doṁain. 22 Oír a duḃairt Máoise ris na haiṫreaċuiḃ, Toigéuḃaiḋ ḃur Dtiġearna Día fáiḋ súas díḃ dá ḃur ndearḃraiṫreaċaiḃ féin, mar misi; éisdfiḋ siḃ ris sna huile neiṫíḃ laiḃeórus sé riḃ. 23 Agus tiocfuiḋ ċuin críċe, giḋ bé anam, náċ éisfiḋ ris an ḃfáiḋsin go sgriosfuiġṫear é as an bpóbal. 24 Agus, dfoillsiġeadar na huile ḟáiḋe mar án gcéudna ó Ṡámuél agus ón druing do lean é ó ṡoin, an ṁéid do laḃair ḋíoḃ, na laéṫe so. 25 As siḃsi clann na ḃfáiġeaḋ, agus na tiomna do rinne Día ré ar naiṫreaċaiḃ, ag ráḋ ré Hábraham, Agus ann do ṡíolsa ḃeannóċṫar cineaḋaċa na talṁan uile. 26 As ċuguiḃse ar tús, do ċuir Día a Ṁac féin Iósa, ar na ḋúsaċd ó ṁarḃuiḃ, dá ḃur mbeannuġaḋ, ionnus go ḃfilleaḋ gaċ áon aguiḃ ó ḃur nolcaiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society