Gníoṁarṫa 26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXVI Pol ag laḃairt a ttimċeall Ċríosd go neartṁar a néisdeaċt Agrippá. 30 Do ṁeasadar an eireaċd neimċiontaċ é. 1 Agus a duḃairt Agrippa ré Pól, As ceadaiġeaċ ḋuit laḃairt ar do ṡon féin. Ann sin ar síneaḋ a láiṁe amaċ do Ṗól, do ḟreagair sé dá ṡáoraḋ féin: 2 Mesauim gur sona mé, a rí Agrippa, ó ḃeiṫ a niúġ ċum laḃarṫa ar mo ṡon féin ad ḟíaḋnuisise sna huile neiṫiḃ ann a néiliġid na Iúdaiġe mé: 3 Go mórṁór do ḃríġ gur feasaċ ḋaṁ, ṫusa do ḃeiṫ eólġaċ a nuile ġnáṫaiġiḃ agus ċeasduiḃ na Niúdaiġeaḋ: ar a naḋḃarsin guiḋim ṫú fá éisdeaċd ríum go foiġideaċ. 4 Is aiṫne do na Iúdaiġiḃ uile, mo ḃeaṫasa ó móige, agus cionnus do ḃí sí a measg mo ċiniḋ féin a Niárusalém ó ṫosaċ; 5 Noċ do aiṫin mé roiṁe so, (dá maḋ áil ríu fíaḋnuise do ḋéunaṁ,) ar mbeiṫ ḋaṁ am Ḟṗairisineaċ ó mó ṡinnsearaiḃ do réir ríaġla a núird ro ḋíriġse aguinne. 6 Agus a nois seasuim ar mbeiṫ ḋaṁ dom éiliuġaḋ tré ḋóṫċus na geallaṁna do rinne Día dár naiṫriḃ: 7 Ré a ḃfuil súil ag ar nda ṫreiḃ ḋéugne, ag déanaṁ seirḃíse do Ḋía do ló agus dóiḋċe go gnáṫaċ. Is do ṫáoḃ an dóṫċais sin, a rí Agrippa, eiliġid na Iúdaiġe misi. 8 Créd fá a measdar riḃse mar ní díċreidṁeaċ, go ndúisiġeann Día na mairḃ? 9 Go deiṁin do ṁeas misi ionnam féin, gur ċóir ḋaṁ mórán do neiṫiḃ contrarrḋa do ḋéanaṁ a naġaiḋ anma Iósa Nasárrḋa. 10 Noċ do rinne mé mar ann gcéudna a Níarusalém: óir do ċuir mé iomad do na náoṁuiḃ a bpríosúnaiḃ, ar ḃfaġáil cúṁaċd ḋaṁ ó úaċdaránaiḃ na sagurt; agus an tan do básuiġeaḋ íad, tug misi máonta. 11 Agus ag taḃairt pionúis dóiḃ go minic trés na huile ṡinagogaiḃ, do ċoiṁéigniġ mé íad, ċum blasṗéime laḃairt; agus ar ndul daṁ tar ṁoḋ ré buile na naġaiḋ, do rinne mé gérleanṁuin orrṫu a gcaiṫreaċaiḃ coigcríċe. 12 Fá a namsin ar mbeiṫ ḋaṁ fós ag dul go Damascus lé cúṁaċdaiḃ agus lé barántus na nárdsagurt, 13 Do ċunairc mé a rí a meaḋon láoi sa tsliġe solus ó neaṁ, bá mó ná soillse na gréine, noċ do ḋeallruiḋ um ṫimċeallsa agus a dtimċeall na druinge do ḃí um ḟoċair sa tsliġe. 14 Agus ar dtuitim ḋúinn uile ar talaṁ, do ċúalaiḋ mé gúṫ ag laḃairt riom, agus ag ráḋ sa dteangaiḋ Eaḃra, A Ṡáuil, a Ṡáuil, créd fa ḃfuil tú ag gérleanṁuin orum? is cruiḋ ḋuit beiṫ ag gaḃáil dod ṡálaiḃ a naġaiḋ ḋealg. 15 Agus a duḃairt misi, Cía ṫú féin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt seision, Is misi Iósa ar a ḃfuil tusa ag gérleanṁuin. 16 Aċd éiriḋ súas, agus seas ar do ċosaiḃ: óir is ċuige so do ḟoillsiġ mé féin duit, do ċum go nóirdeóċainn ṫú ad oglaċ agus ad ḟiaḋnuise, ní hé aṁáin ar na neiṫiḃ do ċunnairc tú, aċd mar an gcéudna ar na neiṫiḃ ann a ḃfoillseóċar ḋuit mé; 17 Dod ṡáoraḋ on bpobal, agus ó na Cineaḋaċaiḃ, ċum a ḃfuilim anois dod ċur, 18 Ċum a súl dosglaḋ, agus ċum a ḃfillte ó ḋorċadus ċum an tsolais, agus ó ċúṁaċdaiḃ Ṡatáin ċum Dé, ċum maiṫfeaċais na bpeacaḋ dfáġáil dóiḃ, agus oiḋreaċda a measg na muinntire atá ar na náoṁaḋ tré ċreideaṁ ionnamsa. 19 Uime sin, a rí Agrippa, ní raiḃ mé easuṁal don táiḋḃse neaṁḋa: 20 Aċd do ḟógair mé do luċd Ḋamascus ar tús, agus a Niarusalem, agus ar feaḋ région ṫíre Iúdaiġe go huiliḋe, agus do na Cineaḋaċaiḃ, aiṫreaċus do ḋéanaṁ agus filleaḋ ċum Dé, ag déunaṁ oibreaċa iomċúḃaiḋ don aiṫriġe. 21 Ar son na naḋḃarsa do rugadar na Iudaiġe sa teampall oram, agus do ċuireadar rompa mo ṁarḃaḋ. 22 Giḋeaḋ tug Día coḃáir ḋaṁ, agus do ṡeas mé gus a niu, ag déunaṁ fíaḋnuise don mbeag agus don mor, gán éainní a ráḋ ḋaṁ aċd na neiṫe a duḃradar na fáiḋe agus Maóisi do ḃeiṫ ċum teaċda: 23 Go ḃfuiléongaḋ Críosd, agus go maḋ hé céidneaċ do éiréoċaḋ ó ṁarḃaiḃ é, agus go ḃfoillséoċaḋ sé solus don ṗobalsa, agus do na Cineaḋaċaiḃ. 24 Agus ar mbeiṫ ḋó ag ráḋ na neiṫeaḋsa ar a ṡon féin, a duḃairt Festus do ġúṫ ṁór, Atá tú ar buile, a Ṗóil; cuiriḋ iomad foġlomaṫa ré cúṫaċ ṫú. 25 A duḃairt Pól an tan sin; A Ḟéstuis ro oiḋeirc, ní ḃfuilimse ar buile; aċd laḃruim bríaṫra na fírinee go céilliġe. 26 Oír atá fios na neiṫeannsa ag an rí, agá laḃraimse go dána na laṫair: óir ní ṡaóilim go ḃfuil ainḃfios éainneiṫe ḋíoḃ so air; oír ní a gclúid do rinneaḋ so. 27 A rí Agrippa, an gcreideann tú na fáiḋe? Atá a ḟios agam go gcreidir. 28 A duḃairt Agrippa an tan sin ré Pól, Is beag náċ ttairrngeann tú mé ċum ḃeiṫ am Ċríosduiġe. 29 Agus a duḃairt Pól, Do bfearr leam go ḃfaġuinn daṫċuinge ó Ḋía, ní hé aṁáin ṫusa, aċd mar an gcéudna an ṁéid éisdeas riom aniu, ḃeiṫ go híomlán, cosṁail ríom féin, aċd na geiṁleaċasa aṁáin. 30 Agus ar na ráḋ so ḋó, do éiriḋ an rí súas, agus an túaċdarán, agus Bernice, agus an dream do ṡuiḋ na ḃfoċaire. 31 Agus ar ndul do leaṫtaóiḃ ḋóiḃ, do laḃradar ré a ċéile, ag ráḋ, Ní ḋéunann an fearso éin ni ṫuilleas bás nó cuiḃriġṫe. 32 Agus a duḃairt Agrippa ré Festus, Do béidir an fearso do léigean fá réir, muna ḃeiṫ go ndeaċaiḋ sé ar ċómairce Ṡéasair. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society