Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXV Pol ag seasṁaḋ na fírinne go croḋa, cúarata, a ḃfíaġnais Ḟestuis.

1 Agus an tan ṫáinic Festus don ṗroḃinnsi, do ċúaiḋ sé a gcionn ṫrí lá na ḋíaiġ sin ó Ṡéasareá súas go Hiarusalém.

2 Agus do ċúaiḋ an tárdsagart agus maiṫe na Niúdaiġeaḋ ḋá láṫair a naġuiḋ Ṗóil, agus do ċuireadar impiḋe air,

3 Ag íarruiḋ foġuir a naġuiḋ Ṗóil, as go gcuirfeaḋ sé fios air go Híarusalém, ar gcur luiġeaċáin ar a tsliġe fá ċoṁair a ṁarḃṫa.

4 Aċd do ḟreaguir Festus, go raiḃ Pól air cúṁdaċ a Séasárea, agus go raċaḋ sé féin go háiṫġearr ann sin.

5 Uime sin, ar seisean, giḋ bé aguiḃsi ḟéudfus é, teaġuid síad a náoinḟeaċd rinne síos, agus má tá olc ar biṫ ann sa ḃfearso, éiliġid siad é.

6 Agus ar nfanṁuin dó na measg tuáirim ḋeiċ lá, do ċuáiḋ sé síos go Sésárea; agus lá ar na ṁáraċ do ṡuiḋ sé ann sa ċaṫaoir ḃreiṫeaṁnuis agus do áiṫin se Pól do ṫaḃuirt a láṫuir.

7 Agus an tan ṫáinic sé, do ṡeasadar na Iúdaiġe ṫáinic a núas ó Iarusalém na ṫimċeall, agus tugadar mórán déiliġṫiḃ tróma nár ḟeadadar a ċruṫúġaḋ, a naġaiḋ Ṗóil.

8 Ar ḃfreagra do Ṗól dá ġlanaḋ féin, Náċ dearna sé ní ar biṫ a naġaiḋ ḋliġe na Niúdaiġeaḋ, na an teampuill, na Ṡéasair.

9 Giḋeaḋ air mbeiṫ fonnṁar, air ḟoġar do ḋéanaṁ do na Iúdaḋuiḃ, do ḟreaguir Festus, do Ṗól, agus a duḃairt sé, A náill leaċd dul súas go Hiarusalém, agus breiṫeaṁnus dfulang ann sin a dtimċeall na neiṫeaḋso am ḟíaḋnuisisi?

10 Aċd a duḃairt Pól, Atáim am ṡeasaṁ ag caṫáoir ḃreiṫeaṁnuis Ṡéasair, ann ar ċóir breaṫ do ḃreiṫ orum: ní ḋearna me eugcóir ar biṫ ar na Iúdaiḋiḃ, mar as maiṫ atá a ḟíos agadsa féin.

11 Oír má rinne mé éugcóir ar boṫ ná éainní do ṫuill bás, ní ḃfuilim ag díultaḋ bás dfaġáil: giḋeaḋ muna ndearna mé áoinné do na neiṫiḃsi éiliġid síad oram, ní ḟéudann áonduine mo ṫíoḋlacaḋ ḋóiḃ. Tíaġuim ar ċomairce Ṡéasair.

12 Ann sin do laḃuir Festus, ris an gcoṁairle, agus do ḟreaguirsé, A ndeaċaiḋ tú ar comairce Ṡéasair? is dionnsuiġe Ṡéasair raċus tú.

13 Agus ar gcaiṫreaṁ laéṫe áiriġe táinic an rí Agrippa agus Bernice go Séasárea do ċur failte roiṁe Ḟestus.

14 Agus ar nfanṁuin dóiḃ ann sin mórán do laeṫiḃ, do ḟoillsiġ Festus cuis Ṗóil don rí, ag ráḋ, Dfag Felics duine áiriġe na ṗríosúnaċ:

15 Agus an tan do ḃí misi a Níarusalém, tangadar úaċdaráin na sagart agus sinnsir na Niúdaiġeaḋ ċugam na ṫimċeall, agus do íarradar breiṫ ḋamanta na aġuiḋ.

16 Ar a dtugasa an ḟreagra so, Nár ḃéus do na Róṁanċuiḃ duine ar biṫ do ṫaḃairt dá ṁilleaḋ, nó go dtigdís an luċd éilíġṫe a láṫuir an tí éiliġṫear, agus go ḃfaġaḋ sé ionad air é féin do ġlanaḋ ón gcoir do ċuirfiḋ air.

17 Ar a naḋḃarsin, ar dteaċd ann so ḋóiḃ a gceann a ċéile, ar ná ṁáraċ gan ċáirde ar biṫ do ṡuiḋ mé ann sa ċaṫáoir ḃreiṫeaṁnuis, agus do aiṫin mé an fearsin do ṫaḃuirt dom láṫuir.

18 Agus do ṡeasadar luċd a éiliġṫe na ḟoċair, agus níor ċuireadar cóir ar biṫ air do na neiṫiḃ do ṡáoil misi;

19 Aċd do ḃádar ceasda áiriġe a dtimċeall a ngeasrigaḋ féin aca na aġuiḋ, agus a dtimċeall Iósa éigin, fuáir bás, noċ a duḃairt Pól ḃeiṫ béo.

20 Agus do ḃríġ go raiḃ misi aṁarusaċ a leiṫid sin do ċeisd, a duḃairt mé, Nar ḃáill leis dull go Hiárusalem, agus breiṫeaṁnus ṫaḃairt air ann fá na neiṫiḃsi.

21 Agus an tan díarr Pól é féin do ċoiṁéud nó go ḃfuiġeaḋ Augustus fios air, do aiṫin misi a ċúṁdaċ nó go gcuirfinn ċum Séasair é.

22 Agus a duḃairt Agrippa ré Festus, Bá mian riumsa fós mé féin éisdeaċd ris an ḃfear sin. Agus a duḃairt seisean, cluinfiḋ tú a máraċ é.

23 Uime sin ar na ṁáraċ, táinic Agrippa, agus Bernice re poimp ro ṁóir, agus do ċúadar a steaċ maille rís na húaċdaránuiḃ, agus ré maiṫiḃ na caiṫreaċa, go teaġ na cúirte, agus ar na áiṫne Dfestus tugaḋ Pól a láṫuir.

24 Ann sin a duḃairt Festus, A rí Agrippa, agus a ḃfuiltí do ḋáoiniḃ a láṫair ann so, do ċiṫí an fearso agá dtangadar pobal na Niudaiġeaḋ go huiliḋe a Niárusalém, agus ann so, ċugamsa na ṫimċeall, ag éiġṁe nár ċóir a ḃeiṫ beó ni as faide.

25 Aċd a núair do ṫuig misi náċ dearna sé ní ar biṫ do ṫuill bás, agus go ndeaċuiḋ sé féin ar comairce Augustus, do ċuir mé roṁam a ċur ċuige.

26 Agus ní feas daṁ éainní áiriġe do sgrioḃṫuinn ċum mo ṫiġearna na ṫímċeall. Ar a naḋḃarsin tug mé ḃur láṫuirsi é, agus go mótṁór dod láṫuirsi, a rí Agrippa, ionnus, ar na ċeasduġaḋ, go mbeiṫ agam ní do sgríoḃṫuinn:

27 Oír do ċíṫear ḋaṁsa gur neiṁréasúnta príosúnaċ do ċur uáim, agus gan na cúiseanna atá na aġaiḋ dfoillsiuġaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan