Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIV Fréagra Ṗóil do Ṫertullus a laṫair Ḟelics, 25 neaċ do ċríoṫnuiġ re an ṫeagasc.

1 Agus a gcionn ċúig lá na ḋiáiġ sin ṫáinig Ananias an tárdsagurt a núas maille ris na sinnsearuiḃ, agus ré Tertullus fear deaġ laḃarṫa áiriġe, noċ do ḟoillsiġ íad féin a ḃfiaḋnuisi a núaċdaráin a naġuiḋ Ṗóil.

2 Agus a núair do goireaḋ amaċ é, do ṫionnsguin Tertullus a éiliuġaḋ, ag ráḋ,

3 A Ḟélix ro oirḋeirc, adṁamáoid go follus, agus an gaċ áonáit, maille ré gaċ uile ḃuiḋeaċas, go ḃfuilmíd ag faġáil iomud sióḋċana ṫriódsa, agus go ḃfuilid mórán do neiṫiḃ tré do ġliocasa ar na gceartuġaḋ a measg an ċiniḋsi.

4 Aċd deagla, go dtuirseóċuinn ṫú ní sa ṁó, guiḋim ṫú dod ṁóirċeart féin, éisdeaċd linn go haiṫġearr.

5 Oír do fuaramar an fearsa mar ṗláiġ, agus ag cur ċeannairc eidir na Iúduiġiḃ uile ar feaḋ an doṁuin, agus na ċeannfeaḋna dórd na Nasaréunaċ:

6 Agus mar an gcéudna do ṫogair sé an teampall do ṡalċaḋ: agus do ċuireamairne láṁ ann, agus do ṡanntuiġeamar breiṫeaṁnus do ṫaḃairt air do réir ar ndliġe féin.

7 Aċd táinic an túaċdarán Lísias orainn, agus rug sé lé hainneart mór as ar láṁuiḃ é,

8 Agus do áiṫin sé da luċd éiliġṫe teaċd ċugadsa: ó na ḃféudfa tusa gaċ éun sgéula dfaġáil fá na neiṫiḃse ċuirmídne na leiṫ, dá leana tú ar a níarruiḋ.

9 Agus do áontuiġeadar na Iúdaiġe mar an gcéudna leis, dá ráḋ gurab mar sin do ḃadár na neiṫe sin.

10 Aċd ar sméideaḋ do núaċdarán air Ṗól ċum laḃarṫa, do ḟreaguir sé, As roṁóide mfonn fá ḟreagra ar mo ṡon féin, go ḃfuil a ḟios agum ṫusa ḃeiṫ ré mórán do ḃlíaḋnuiḃ ad ḃreiṫeaṁ ar an gcineaḋso.

11 Oír féuduiġ tú a ḟios dfaġáil, naċ mó ná ḋá lá ḋéug ó ċúaiḋ misi súas go Híarusalém do ḋéunaṁ eadarġuiḋe.

12 Agus náċ ḃfuaradar ag diosbóireaċd ré duine ar biṫ sa teampall mé, ná ag glúasaċd an ṗobail, ná ann sna sinagóguiḃ, na fós sa ċaṫraiġ:

13 Agus ní héidir léo na neiṫesi atáid síad déiliuġaḋ oram a nois a ċrúṫúġaḋ.

14 Aċd adṁuim so ḋuitsi, go ndéunuim seirḃís do Ḋía ar naiṫreaċ, do réir na sliġeaḋ úd dá ngoiridsean eiríceaċd, ag creideaṁ dá gaċ uile ní ḋá ḃfuil sgrioḃṫa ann sa dliġeaḋ agus ann sna faiḋiḃ:

15 Agus go ḃfuil dóiġ agam a Ndía, ré a ḃfuil a súilsean fós, go dtiocfa éiséiriġe na marḃ, eidir firéun agus neiṁḟíréun.

16 Is ar a ṡon so ṡáoṫruiġim coinsías glan do ḃeiṫ agam, gaċ uile úair a dtáoḃ Dé, agus dáoine.

17 Agus táinic mé a nois tar éis ṁórán blíaḋan a measg mo ċiniḋ féin, ċum déirce agus ofrála ḋéunaṁ.

18 Ann a ḃfúaradar Iúdaiġe áiriġe don Asía mé ar mo ġlanaḋ sa teampoll, gan ċonġair, gan ḃuaiḋreaḋ.

19 Noċ dar ċóir seasaṁ ann so ad ḟiaḋnuisisi maille riumsa, agus méiliuġaḋ, ḋa mbeiṫ ní ar biṫ aca ré a ċur am aġaiḋ.

20 No abruid an ṁuintírse féin, ma fuáradar éugcóir ar biṫ ionnam, an tan do ṡeas mé a ḃfíaḋnuisi na coṁairle,

21 Aċd aṁáin ar son a néanġoṫa so, do éiṁ mé an tráṫ do ṡeas me na lár, Gur ab fa eiseirġe na marḃ atáim dom éiliuġaḋ aguiḃsi a niuġ.

22 Agus mar do ċúaluiḋ Félics na neiṫesi, dó ċuir sé ar aṫlá íad, ag ráḋ, A núair do ġéuḃa mé fios na neiṫeaḋ ḃeanus ris a tsliġese ní as fearr, an tan ṫiocfas Lísias an tuaċdarán a núas, cuirfiḋ mé ḃur gcúis a gcríċ.

23 Agus do aiṫin sé don ċaiptín Pól do ċúṁdaċ, agus socaṁal do ṫaḃairt dó, agus gan a ḃacaḋ déunduíne dá ċáirdiḃ a ḟrioṫólaṁ ná ḋúl dá ionnsuiġiḋ.

24 Agus a gcionn laeṫeaḋ áiriġe, ar mbeiṫ do Ḟélics maille ré na ṁnáoi Drusilla, noċ do ḃí na Iúdaiġe a laṫair, do ċuir sé fios ar Ṗól, agus do éisd sé ris a dtimċeall an ċreidiṁ a Gcríosd.

25 Agus an tan do laḃair sé riu a dtimċeall na firéantaċda, agus na measarrḋaċda, agus an ḃreiṫeaṁnuis atá ag teaċd, ar gcrioṫnuġaḋ Dfélics, a duḃairt sé, Imṫiġ roṁad a nois; agus a núair ḃías úain agamsa air, cuirfiḋ mé fios ort.

26 Agus do ḃí súil aige fós go dtiuḃraḋ Pól airgead dó do ċionn a sgáoilte: air a naḋḃarsin ag cur feasa air go minic, do laḃraḋ sé ris.

27 Agus ar gcoiṁliónaḋ ḋá ḃlíaḋan táinic Porcius Festus a náit Ḟélics: agus ar mbeiṫ fonnṁar Dfelics air ḃuíḋeaċus na Niúdaiġeaḋ do ṫuilleaṁuin, dfag sé Pól ceanguilte.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan