Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II A nam na cingcise, tainic an Spiorad Naoṁ a rioċt teangṫa sgoiltiġe, ar na heasbalaiḃ.

1 Agus an tan ṫáinig lá na Cingcíse go hiomlan, do ḃádar uile dáontoil ar áonḃall.

2 Agus ṫáinig torann ó neaṁ go hobann mar do ṫiocfaḋ séideaḋ ġáoiṫe ro aintréun, agus do lion sé an tiġ uile mar a raḃadarsan na suiḋe.

3 Agus do taisbéanaḋ ḋóiḃ teangṫa sgoiltiġe mar ṫeine, noċ do ṡuiḋ air gaċ áon dióḃ.

4 Agus do ḃádar uile ar na liónaḋ don Spiorad Náoṁ, agus do ṫosuiġeadar laḃairt lé teangṫuiḃ eile, do réir mar ṫug an Spiorad laḃairt ḋóiḃ.

5 Agus do ḃádar na gcoṁnuiḋ a Niarusalém Iúduiḋe, dáoine díaḋa, do gaċ uile ċeinéul dá ḃfuil fáoi neaṁ.

6 Agus a ndul don tásgso amaċ, do ċruinniġ an coiṁṫionól, agus do ḃádar buáiḋearṫa, do ḃríġ go gcúaluiḋ gaċ áon aca iádsan ag laḃairt ann a dteanguiḋ féin.

7 Agus do ġáḃ úaṫḃás, agus iongantas iád uile, ag ráḋ ré ċéile, Féuċ, a né naċ Gaililéeanuiġ íadso uile laḃras?

8 Agus cionnas do ċluinn sinne gaċ áon aguinn a ṫeanguiḋ féin an a rugaḋ sinn?

9 Parti, agus Médi, agus Elamíti, agus na dáoine áitiġeas a Mesopotámia, agus a Níudéa, agus a Gcappadócia, a Bpontus, agus ann sa Násia,

10 A Ḃṗrígia, agus a Bpamṗília, ann sa Négipt, agus a ranntuiḃ Libia timċeall Ċiréne, agus coigcrióċṫa na Róṁa, agus Iúduiḋe agus Proseliti.

11 Luċd Ċréta agus Arábia, do ċluinmíd iád ag laḃairt ann ar dteangṫuiḃ féin oibreaċa mórḋálaċa De.

12 Agus do ġaḃ úaṫḃás, agus aṁaras iád úile, ag ráḋ gaċ fear ré a ċéile, Créd is ciáll dó so?

13 Agus a duḃradar dáoine eile ag fonoṁad, Is lán dfíon ṁilis atáid síad so.

14 Aċd ar seasaṁ do Ṗeadar a ḃfoċair a naóin easbuil dég, dárdaiġ sé a ġúṫ, agus do laḃair sé ríu, A ṗobail Iúdaiḋe, agus a luċd áitiġe Iarusalém uile, bíoḋ a ḋeiṁin só agaiḃ, agus éisdiġ rém ḃríaṫruiḃ:

15 Oír ní ḃfuilid siad so aír misge, mar ṁeastaóise, an tan naċ ḃfuil sé aċd an treas uáir don lá.

16 Aċd a sé so an ní a duḃraḋ tré san ḃfáiḋ Ióel,

17 Agus tíocfuiġ ċum críċe ann sna laéṫiḃ déiġeanaċa (a deir Día,) dóirtfiḋ mé dom Spiorad féin air gaċ uile ḟeóil: agus do ḋéunuid ḃur mic agus ḃur ninġeana fáiḋeadóireaċd, agus do ċífid ḃur nógánaiġ taisbéunta, agus ḃur seandáoine aislingṫe:

18 Agus fós doirtfiḋ mé dom Spiorad féin ar mo ṡearḃḟoġantuiḋiḃ agus air mo ḃanóglaċuiḃ ann sna laéṫiḃsin; agus do ḋeanuid faiḋeadoireaċd:

19 Agus foillseoċuiḋ mé iongantuis ar neaṁ ṡúas, agus comarṫaiḋe ar a dtalaṁ ṡíos; fuil, agus teine, agus gal deatuiġe:

20 Iompóċar an ġrían a ndorċadas, agus an ġealaċ a ḃfuil, suil ṫiocfas ab lá mór oirḋeirc sin an Tiġearna:

21 Agus tiocfuiḋ ċum críċe, giḋ bé ġuíḋfeas ainm an Tiġearna sláineoċṫair é.

22 Eísdiġ na bríaṫrasa, a ċlann Israél; Iósa Nasarrḋá, duine dearḃṫa ó Ḋía eadruiḃsi maille lé cúṁaċduiḃ agus lé miórḃailiḃ agus le coṁarṫaiḋiḃ; noċ do rinne Día ṫrídsean eadruiḃse, mar is aiṫne ḋiḃ féin:

23 An fearso, ar mbeiṫ ar na ṫoirḃirt tré ċoṁairle ċinte agus tré réiṁḟeaċuin Dé, do ġaḃ siḃse, agus ar na ċéasaḋ lé laṁaiḃ droċḋáoine do ṁarḃaḃair é:

24 Noċ do ṫóg Día súas, íar sgáoileaḋ ḋoilġis an ḃáis: ar a naḋḃar nar ḃéidir don ḃás a ċungḃáil.

25 Oír a deir Dáiḃi na ṫimċeallsan, Do ċunnairc mé an Tiġearna am ḟíaḋnuisi do ġnáṫ, óir atá sé ar mo láiṁ ḋeis, ionnus naċ ccorróċṫáoi mé:

26 Ar a ṡon so do ḃí mo ċroiḋe go súḃaċ, agus do rinne mo ṫeanga lúaṫġáire; agus na ċeann sin suaiṁneóċuiḋ mfeóil a ndóṫċas:

27 Ar a naḋḃar naċ ḃfúigfe tú manam a nifearn, agus ní ḟuileónga tú do Aón Náoṁṫa féin truáilliḋeaċd dfaicsin.

28 Dfoillsiġ tú ḋaṁsa sliġṫe na beaṫa; líonfuiḋ tú mé do ġairdeaċus léd ġnúis féin.

29 A ḟeara agus a ḃraiṫreaċa, is éidir leamsa laḃairt go dána riḃ a dtimċeall an ṗatriárc Daiḃí, go ḃfuil sé tair éis ḃáis agus ar na aḋlacaḋ, agus atá a ṫúama eadruinne gus an lá a niu.

30 Ar a naḋḃarsin ar mbeiṫ na ḟáiḋ ḋó, agus a ḟios aige go dtug Día móid ḋó maille lé mionnuiḃ, go dtóigfeaḋ sé Críosd súas, do ṡíol a leasruiġsion, do réir na féola, agus go ccuirfeaḋ sé na ṡuíḋe ann a ċaṫáoirsean é;

31 Ar na réuṁḟaicsin dó do laḃair sé a dtimċeall eiséirġe Ċríosd, naċ ḃfúigfiṫi a anam a nifearn, agus naċ ḃfaicfeaḋ a ċolann trúailleaḋ.

32 Do ṫóg Día an Tiosaso súas, agus atámáoidne uile an ḃfíaḋnuisiḃ air.

33 Ar a naḋḃarsin ar na ḃreiṫ súas lé láiṁ ḋeis Dé, agus ar ḃfaġáil an Spioraid Náoiṁ do reir ġeallaṁna a Naṫar, do ḋóirt sé amaċ an nísi, do ċíṫísi a nois agus do ċluintí.

34 Oír ní ḋeaċuiḋ Dáiḃi súas air neaṁ: giḋeaḋ a deir sé, A duḃairt an Tiġearna rém Ṫiġearnasa, Suíḋ ar mo láiṁ ḋeis,

35 Nó go gcuire mé do náṁaid na sdól fád ċosuiḃ.

36 Uime sin bíoḋ a ḟios go dearḃṫa ag tiġ Israél uile, go ndearnuiḋ Día Tiġearna agus Críosd, do Níosasa do ċroċaḃairsi.

37 Agus ar na ċloinsin so ḋóiḃ, do goineaḋ ann a gcroiḋe íad, agus a duḃradar ré Peadar agus ris an gcuid eile do na heasbaluiḃ, A ḟeara agus a ḃráiṫreaċa, créud do ḋéunam?

38 Agus do ḟreagair Peadar iád, Déanuiḋ aiṫriġe, agus baisdear gaċ áonduine agaiḃ a nainm Iósa Críosd ċum maiṫeaṁnuis na bpeacaḋ, agus géuḃṫáoi ċugaiḃ tioḋlacaḋ a Spioruid Naoiṁ.

39 Oír is dáoiḃsi do rinneaḋ an geallaḋ, agus dá ḃar gcloinn, agus dá gaċ nduine a ccían, eaḋon gaċ áon ġoirfeas ar Dtiġearna Día.

40 Agus do ġuiḋ sé agus do ṫeaguisg sé íad ré morán eile do ḃríaṫruiḃ, ag ráḋ, Coiṁéaduiḋ siḃ féin on droċġeinealaċsa.

41 Ann sin na dáoine do ġaḃ ċuca a ḃríaṫra go toileaṁail do baisdeaḋ íad: agus do cuireaḋ léo an lásin a dtimċeall ṫrí míle anam.

42 Agus do ċoṁnuiḋeadar go daingion a dteagasg na neasbal agus ann a ccumann a mbriseaḋ aráin, agus a nurnuiġiḃ.

43 Agus do ġaḃ eagla gaċ uile anam: agus do rinneaḋ mórán do ṁíorḃuiliḃ agus do ċoṁarṫuiḃ leis na heasbaluiḃ.

44 Agus na huile ḋáoine do ċreid do ḃádar a ḃfoċair a ċéile, agus do ḃádar na huile neiṫe coitċeann aca;

45 Agus do reacadar a ḃfineaċas agus a máoin, agus do roinneadar íad ar gaċ áon, fá leiṫ do réir a ríaċdanuis.

46 Agus ag fanṁuin, gaċ láoi déantoil ann sa teampoll, agus ag briseaḋ aráin ó ṫiġ go tiġ, do ċaiṫdís bíaḋ maille lé gáirdeaċas agus lé simpliḋeaċd ċroiḋe,

47 Ag molaḋ Dé, agus ag faġáil ceana ón ṗobal uile. Agus do ċuir an Tiġearna leis a neagluis gaċ láoi, an dream do sláinéoċṫáoi.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan