Gníoṁarṫa 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIX Leaḃair na ndraói ar na loscaḋ, 35 Agus do ċiunaiġ cleireaċ na Heṗesuis buaiḋreacḋ a ṗobail ioma ċeard ċumṫa na nioḋal. 1 Agus tárla, a nuáir do ḃí Apollos a Gcorintus, gur ṡioḃail Pól tres na rannuiḃ úaċdaráċa agus go dtáinic sé go Heṗesus: agus ar ḃfaġáil ḋeisciobal airiġe ḋó, 2 A duḃairt sé ríu, Nar ġaḃaḃuir an Spiorad Náoṁ ó ċreideaḃair? Agus a duḃradarsan ris, Ní ċúalamar a noiread sin féin go ḃfuil Spiorad Náoṁ ann. 3 Agus a duḃairt seision ríu, Maseaḋ créd ann ar baisdeaḋ siḃ? Agus a duḃradarsan, A mbaisdeaḋ Eóin. 4 Agus a duḃairt Pól, Go deiṁin do ḃaisd Eóin lé baisdeaḋ na haiṫriġe, ag ráḋ ris an bpobal, creideaṁ ann sa té do ṫiocfaḋ na ḋiáiġ féin, eaḋon, a Níosa Críosd. 5 Agus ar ná ċlós so ḋóiḃsion, do ġaḃadar baisdeaḋ ċuca a nainm an Tiġearna Iósa. 6 Agus ar gcur a láṁ do Ṗól orrṫa, ṫáinic an Spiorad Náoṁ orrṫa; agus do laḃradar lé teangṫuiḃ, agus do rinneadar fáiḋeadoireaċd. 7 Agus do ḃádar uile a dtimċeall dá ḟear ḋéug. 8 Agus ar ndul dósan a steaċ don tsinagóig, do laḃuir sé go dána, ar feaḋ ṫrí míos, ag diosbóireaċd agus ag cruṫúġaḋ na neiṫeann ḃeanus ré rioġaċd Dé. 9 Aċd an tráṫ do ċrúaiḋeadar dream aca, agus naċ ccreidfidis, aċd go laḃraidís go holc ar a tsliġe sin a ḃfíaḋnuisi an ṗobúil, do imṫiġ Pól úaṫa, agus do ḋealuiġ sé na deisciobail, agus do ḃíoḋ sé ag diosbóireaċd gaċ éunlá a sgoil ḋuine áiriġe dár ḃainm Tiránnus. 10 Agus do ḃi so ḋá ḋéunaṁ ar feaḋ ḋá ḃlíaḋan; a gcrúṫ go gcúaladar a raiḃ ann sa Náisia uile eidir Iúduiḋe agus Ġréugaċ, bríaṫar an Tiġearna Iósa. 11 Agus as mór na míorḃuile do rinne Día tré láṁuiḃ Ṗóil: 12 A gcrúṫ go mbeirṫí ó na ċorp éudaiġe láṁ nó cinn ċum na ndáoine tinn, agus go sgaraḋ a neasláinte ríu, agus go nimṫiġdis droċspioruide asda. 13 Agus dream áiriġe do na Iúduiḋiḃ do ḃíoḋ ag sioḃal ó áit go háit ag cur spiorad fá ġeasuiḃ, do ċuireadar rompa ainm an Tiġearna Iósa do ġairm ós cionn na ndáoine ann a mbíoḋ droċspiorúda, ag ráḋ, Cuirimid fá ġeasuiḃ siḃ tré Iósa do ní Pól a ṡeanmóir. 14 Agus do ḃádar móirṡeisear mac ag Iúdaiġe áiriġe dar ḃainm Sceḃa, úaċdarán na sagart, noċ do níoḋ so. 15 Aċd ar ḃfreagra don droċspioraid a duḃairt sé ríu, Atá éolus ar Iósa agam, agus as aiṫne ḋaṁ Pól; giḋeaḋ cía siḃsi? 16 Agus do ṡaiṫ an duine ann a raiḃ an droċspiorad orrṫa, agus ar na gcláoi ḋó, do ḃúaḋuiġ sé orrṫa, a gcrúṫ gur ṫeiṫeadar créuċdaċ lomnoċd as an dtiġ sin. 17 Agus fúaradar na Iúduiġe agus na Gréuguiġ uile do áitriġ a Nesṗesus a sgéula so; agus do ġaḃ eagla íad uilé. Agus do hoirrḋearcaḋ ainm an Tiġearna Iósa. 18 Agus tangadar mórán don ṁuinntir do ċreid, ag adṁáil, agus ag innsin a ngnioṁarṫaḋ féin. 19 Agus fós morán don ṁuinntir do ġnáṫuiġeaḋ droċealaḋna, tugadar a leaḃuir léo, agus do ḋóiġeadar a ḃfíaḋnuisi ċáiċ uile iad: agus dó ċoṁáirṁeadar a lúaċ, agus fúaradar é na ḋeiċ mile agus da ḟíċead píosa airgid. 20 Do ḟás bríaṫar Dé agus rug sí búáiḋ ċoṁláidir sin. 21 Agus ar gcríoċnúġaḋ na neiṫeaḋsa, do ċuir Pól roiṁe ann inntinn, tar éis dul tré Ṁacedónia, agus Aċaía ḋó, dul go Hiarusalém, ag ráḋ, Tar éis mé ḃeiṫ ann sin, as éigin daṁ an Róiṁ dḟeaċain. 22 Agus ar gcur ḋeisi don ṁuinntir do ḃíoḋ ag minisdrálaċd dó, eaḋon Timotéus agus Erastus don Ṁacedonia; dfan sé féin na Násia ar feaḋ tamuill. 23 Agus fá naimsin déiriġ trioblóid nár ḃeag a dtimċeall ṡliġeaḋ an Tiġearna. 24 Oír do ḃí ceard airgid áiriġe dár ḃainm Demétrius, do níoḋ teampuill airgid do Ḋíana, agus fúair faḃálus nar ḃeag don luċd céirde. 25 Ar gcruinniuġaḋ ḋósan a raiḃ ré na leiṫéid sin do ċried, a duḃairt sé ríu, A ḋáoine, atá a ḟios aguiḃ gur leis an gcéirdse do ġeiḃmídne ar soċar. 26 Agus do ċíṫí agus do ċluintí, gur ḟill an Pólsa lé na ḃríaṫraiḃ pobal mór, ní hé aṁáin a Neṗesus, aċd fós beag naċ sa Násia uile, ag ráḋ naċ Déé íad, do niṫear lé láṁuiḃ: 27 Agus ní hí ar gcéird aṁáin as guáis dúinn do ṫeaċd ċum masla; aċd fós teampall na baindée móire Díana do ḋul a dtarcuisne, agus go dtiocfaḋ ċum críċe go gcuirfí ar gcúl a morrḋaċdsa, noċ onóruiġeas a Násia agus an doṁan mór uile. 28 Agus ar na ċlós so ḋóiḃsion, do líonaḋ íad dfeirg, agus do ġáireadar, ag ráḋ, Is mór Díana na Neṗésíanaċ. 29 Agus do ḃí an ċaṫuir uile ar na líonaḋ do ḃúaiḋreaḋ: agus do ṫiomáineadar déuntoil go háit ċruinniġṫe an ṗobail, agus rugadar ar Ġaíus agus ar Aristarcus, Macedónaiġ, coṁaisdriġe Ṗóil. 30 Agus ar na ṡantuġaḋ do Ṗól dul a steaċ a measg an ṗobuil, níor leígeadar na deisciobail dó. 31 Agus mar an gcédna do ċuireadar cuid áiriġe dúaċdaranuiḃ na Hasia, do ḃí na gcáirdiḃ aige, teaċda ċuige, dá íarruiḋ air gan dul go háit ċruinniġṫe an pobuil. 32 Uime sin do éiġ cuid díoḃ an nísi, agus cuid ní eile: óir do ḃí an coiṁṫionól buaiḋearṫa; agus ní raiḃ a ḟios ag an gcuid na mó ḋíoḃ créd é an taḋḃar fá dtangadar a gceann a ċéile. 33 Agus rugadar amaċ ríu as a tslúaġ Alecsandar, noċ do ṫiomáineadar na Iuduiġe rompa. Agus ar sméideaḋ Ḋalecsandar lé na láiṁ, ag iarruiḋ éisdeaċda, dob áill leis an taḋḃar dinnisin don ṗobal. 34 Agus an tan do aiṫniġeadar gur Iudaiġe é, do ṫógḃadar uile gáir ag éiġṁe a dtimċeall ḋá uáir, Is mór Díana na Neṗésíanċ. 35 Ann sin do ċíuinaiḋ an cléireaċ an pobal, ag ráḋ, A luċd Eṗesus, cía an duine ag naċ ḃfuil a ḟios go nonóruiġeann caṫair na Neṗésianaċ an ḃaindía ṁór Díana, agus a ní ṫáinic a núas o Iupiter? 36 Ar a naḋḃarsin ó naċ ḃféudann duine ar biṫ cur na aġuiḋ so, is coir ḋíḃsi súaiṁneas do ḋéunaṁ, agus gan éinni ḋéunaṁ go hóbann. 37 Oír tugaḃuir na dáoinesi liḃ, naċ ar ġoid áoinní as na heagluisiḃ, agus naċ dtug aiṫnis do ḃur mbaindia. 38 Ar a naḋḃarsin má atá aḋḃar ag Demétrius, agus ag luċd a ċeirde atá na ḟoċuir, ar ḋuine ar biṫ, atá an ċúirt ar ḃfaġal, agus atáid na húaċdaráinn ann: éiliġidis féin a ċéile. 39 Aċd ma atá ḃur gcéisd fá aḋḃuruiḃ eile, réiḋfiḋear í a gcoiṁṫionól dlisdeanaċ. 40 Oíratamáoíd a ngáḃaḋ go néiléoċṫar sinn a cceannairce ar son an láoi a niuġ, óir ní ḃfuil aḋḃar ar biṫ ann a ḃféudmaid reusún do ṫaḃuirt ar son an ċruinniġesi. 41 Agus an tan a duḃairt sé so, do ċuir sé an ċoiṁṫionól air síuḃal. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society