Gníoṁarṫa 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVIII Ċúaiḋ Pól ar ċúairt dḟiosriuġaḋ na neagluise. 24 Agus ṫeagaisc Acuila le na ṁnaoi an soiseul Dapollos ni is soillier. 1 Tar éisi so ar ḃfagḃáil ċaṫair na Haiṫne do Ṗól, táinic sé go Córintus; 2 Agus fuáir sé Iúdaiḋe áiriġe ann sin dar ḃainm Acuilas, noċ rugaḋ a Bpontus, táinic go déiġeanaċ ó Neadáille, é féin agus a ḃean Priscilla; (ar a naḋḃur gur aiṫin Claudius do na Iúduiḋiḃ uile imṫeaċd as a Róiṁ:) agus do ċuáiḋ sé ḋá nionnsuiġe. 3 Agus do ḃríġ go raiḃ sé dáoinċeird ríu, dfan sé na ḃfoċair, agus do ḃí sé ag obair: óir a seaḋ bá ceird ḋóiḃ pailliúin do ḋéanaṁ. 4 Agus do níoḋ sé diosbóireaċd sa tsinagóig gaċ éun lá sábbóide, ionnus gur ṫarruing sé na Iúduiḋe agus na Gréuguiḋ. 5 Agus mar ṫáinic Silas agus Timotéus ó Ṁacedónia, do las Pól an a spioruid, ag déunaṁ finné do na Iuduiḋiḃ gur ḃé Iósa an Críosd. 6 Agus an tráṫ do ċuireadarsan na aġuiḋ, agus do laḃradar blasṗéime, ar gcroṫaḋ a éudaiġ ḋósan, a duḃairt sé ríu, Bíoḋ ḃur ḃfuil ar ḃur gceann féin; atáimsi glan: ó so súas raċuiḋ mé ċum na Gcineaḋaċ. 7 Agus ar a nimṫeaċd dó as sin, do ċuáiḋ sé go tiġ ḋuine áiriġe, dár ḃainm Iustus, duine air a raiḃ eagla Dé, agus agá raiḃ a ṫiġ láiṁ ris a tsionagóig. 8 Agus do ċreid Crispus, úaċdarán ná sinagóige, maille ré luċd a ṫiġe uile, ann sa Tiġearna; agus mórán do na Corintianaċuiḃ ag éisdeaċd rís do ċreideadar, agus do baisdeaḋ íad. 9 Agus a duḃairt an Ṫiġearna sa noiḋċe a dtaiḋḃsi ré Pol, Na bíoḋ eagla ort, aċd laḃuir, agus na bí ad ṫoċd: 10 Oír atáimsi maille ríot, agus ní ṫiocfa duine ar biṫ ort do ḋéunaṁ uile ḋuit: óir atá pobal mór agamsa an sa ċaṫraiġ so. 11 Agus dfan seisean blíaḋuin agus sé ṁí, ag teagusg ḃréiṫre Dé na measg. 12 Agus an traṫ do ḃí Gallio na úaċdarán a Naċaía do éirġeadar na Iuduiḋe déuntoil a naġuiḋ Ṗóil, agus rugadar go caṫaóir ar ḃreiṫeaṁnuis é. 13 Ag ráḋ, Táirrgiḋ an fear so lé na ḃríaṫraiḃ na daoine ċum Dé onóruġaḋ, a naġaiḋ an dliġe. 14 Agus an tan do ṡantuiġ Póla ḃéul dosglaḋ, a duḃairt Gallio ris na Iuduiḋiḃ, Dá maḋ éagcoir ar biṫ nó droċ ġnioṁ é, a Iudaiġe, buḋ cóir go niomċóruinn liḃ. 15 Giḋeaḋ más a dtimċeall ḃríaṫar agus anmann, agus ḃur ndliġe atá ḃur gceisd, féuċuiḋ féin dó; óir ní háill leamsa ḃeiṫ am breiṫeaṁ ar a leiṫeid sin do neiṫiḃ. 16 Agus do ċuir sé ón ċaṫaóir ḃreiṫeaṁnuis íad. 17 Ann sin ar mbreiṫ do na Gréugaċuiḃ uile ar Ṡostenes, úaċdarán na sinagóige, do ġaḃadar air a ḃfíaḋnuisi ċaṫáoireaċ an ḃreiṫeaṁnuis. Aċd níor ċuir Gallio suim a ní ar biṫ do na neiṫiḃsin. 18 Aċd tair éis Pól ḟuireaċ fós mórán do láeṫiḃ, do ġlac sé a ċead ag na bráiṫriḃ, agus do ċuáiḋ sé a luíng go Síria, agus do ċuáiḋ Priscilla agus Acuilas leis; tar éis a ċinn do ḃearraḋ ḋó a Gcenċreas: óir do ḃí móidġeallaḋ air. 19 Agus táinic sé go Héṗesus, agus dfág sé ann sin íad; giḋeaḋ do ċuáiḋ sé féin a steaċ don tsinagóig, agus do ṫaguir sé ris na Iúduiḋiḃ. 20 Agus an tan díarradar air fuireaċ na ḃfoċair ní as faide, níor áontaiġ seisean. 21 Aċd dfag beannaċd aca, ag ráḋ, Is éigin dáṁsa go deiṁin an tsollomuin so ċugainn do ḋéunaṁ a Niarusalém: aċd más toil lé Día é, fillfiḋ mé ċuguiḃsi a rís. Agus do ṡéol sé ó Eṗesus. 22 Agus ar ndul dó síos go Seasaréa do ċuáiḋ sé súas, agus ar mbeannuġaḋ do neagluis dó, do ċuáiḋ sé síos go Hantíoċia. 23 Agus ar fanṁuin dó ar feaḋ tamuill do imṫiġ sé roiṁe, agus do ṡioḃuil sé a nórduġaḋ ar feaḋ ċríċe na Galátia agus Ṗrígia, ag neartuġaḋ na ndeísciobal uile. 24 Agus táinig Iúdaiġe áiriġe go Heṗesus, dár ḃainm Apollos, rugaḋ a Nalecsándria, fear deaġlaḃarṫa, do ḃi cúṁaċdaċ ann sna sgríobtúiriḃ. 25 Do ḃí an fear so ar na ṫeagusg a sliġe an Tiġearna; agus ar mbeiṫ ḋó ar fiuċaḋ sa spioruid, do laḃuir agus do ṫeaguisg sé go diṫċeallaċ neiṫe a dtimċeall an Tiġearna, agus gan déolus aige aċd baisdeaḋ Eoin aṁáin. 26 Agus do ṫionnsgain sé laḃuirt go dána ann sa tsinagóig: agus an tráṫ do ċúaluiḋ Acuila agus Priscilla é, rugadar léo ċuca féin é, agus dfoillsiġeadar sliġe Dé ḋó ní as diongṁála. 27 Agus an tan do báil leis dul go Haċáia, do sgrioḃadar na bráiṫre, ċúm na ndeisciobal dá mbrosduġaḋ air eision do ġaḃáil ċuca: agus, ar dteaċd ḋó ann sin, tug sé furtaċd mór don líon do ċreid tré ġrásuiḃ: 28 Oír do rinne sé diosbóireaċd ṁór ṡáoiṫreaċ a ḃfíaḋnuisi an ṗobuil ris na Iúduiġiḃ, dá ḟoillsiuġaḋ as na sgríobtúiriḃ gur ḃé Iósa an Críosd. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society