Gníoṁarṫa 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVI Sioḃal agus sáoṫair Ṗóil. 14 Croiḋe Lidia ar na osglaḋ 34 agus coiṁéuduiġ an ṗríosuin ag creideaṁ a Ndía. 1 Ann sinn táinic sé go Derbe agus go Listra: agus, féuċ, do ḃí deisciobal áiriġe ann sin, dar ḃainm Timotéus, mac ṁná áiriġe, ḋeaġċreidṁiġe don ċineaḋ, Iúduiḋe; agus bá Gréugaċ a aṫair: 2 Ar a dtugadar na bráiṫre do ḃí a Listra agus a Níconium teisd ṁaiṫ. 3 Do ġaḃ fonn Pól an fearso do ḃreiṫ leis na ċuideaċda; agus ar na ḃreiṫ leis dó do ṫinċeallġearr sé é ar son na Níudaiḋeaḋ do ḃí ann sna háitiḃ sin: óir do ḃí a ḟios acá uile gur Ġréugaċ a aṫair. 4 Agus mar do ṡioḃladar ar na caiṫreaċaiḃ, tugadar ḋóiḃ ré a gcoiṁéud nahórdaiġṫe, do órduiġeadar na habsduil agus na sinnsir do ḃí a Niarusalém. 5 Uime sin do ḃádar na heagluiseaḋa ar na ndaingnuiġaḋ ann sa ċreideaṁ, agus do ḃí a nuiṁir ag méuduġaḋ gaċ éun lá. 6 Agus ar ngaḃáil tré Ṗrígia agus tré ċríċ na Galátia ḋóiḃ, do ṫoirmisg an Spiorad Náoṁ íad an ḃríaṫar do laḃairt sá Násia, 7 Agus ar dteaċd go Mísia ḋóiḃ, do ċúireadar rómpa dul go Bitínia: aċd níor ḟulaing Spiorad Iósa ḋóiḃ. 8 Ar a naḋḃarsin ar ngaḃáil tré Ṁísia ḋóiḃ do ċúadar síos go Tróas. 9 Agus do ċonncas do Ṗóla dtaiḋḃsi sa noiḋċe; Duine áiríġe ó Ṁacedónia na ṡeasaṁ, dá ġuiḋe, agus ag ráḋ, Tárr go Macedónia, agus taḃuir caḃuir ḋúinne. 10 Agus mar do ċonnuircsé an taiḋḃsi, do ṡantuiġeamar ar an mball dull go Macedónia, óir do ṫuigeamar gur ḃé an Tiġearna do ġoir sinn ċum an tsoisgéil do ṡeanmóir ḋóiḃ. 11 Uime sin ag seólaḋ ḋúinn ó Ṫróas, tangamar go díreaċ go Samotrácia, agus lá ar na ṁáraċ go Neápolis; 12 Agus ann sinn go Ṗilippi, príoṁċaṫuir na coda sin don Ṁacedónia, agus colaṁuin: agus dfanamar ann sa ċaṫruiġ sin suim áiriġe do laeṫiḃ. 13 Agus do ċúamar a maċ as an gcaṫruiġ lá na sábboide ċois a tsroṫá, mar a ngnáṫuiġṫí urnaiġe do ḋéunaṁ; agus ar suiḋe ḋúinn ann sin, do laḃramar re mnaiḃ do ḃí ar cruinniuġaḋ ann. 14 Agus bean áiriġe dár ḃainm Lídia, reacadóir purpuir, a gcaṫruiġ na Dtiatiraċ, noċ do onóruiġeaḋ Día, déisd sí rinn: ag ar osgail an Tiġearna a cróiḋe, ċum aire do ṫaḃuirt do na neiṫiḃ a duḃairt Pól. 15 Agus ar ngaḃáil ḃaisdiḋ, ḋi féin agus do luċd a tiġe, do ġuiḋ sí sinn, ag ráḋ, Má ṁeasdáoi go ḃfuilim díleas don Tiġearna, tigiḋ, do ḋéunaṁ coṁnuiḋe dom ṫiġ. Agus do ċoiṁéigni sí sinn. 16 Agus tárla, ag dul ḋúinn do ḋéunaṁ urnaiġe, go dtárla cailín áiriġe oruinn agá raiḃ spiorad faisdine, fuair fáḃaltus mór dá tiġearnuiḃ féin lé fáisdine do ḋéunaṁ: 17 Do lean sí so Pól agus sinne, agus do éiġ sí, ag ráḋ, Is seirḃísiġ don Día ro árd na dáoinesi, moċ ṡoisgéulas dáoiḃ sliġe na sláinte. 18 Agus do rinne sí so mórán do laéṫiḃ. Aċd do ġoill sin, ar Ṗól, agus dfill sé air ais agus a duḃairt sé ris a spiorud, Aiṫniġim ḋíot a nainm Iósa Críosd teaċd amaċ aisde. Agus ar a núair sin do imṫiġ an spiorad aisde. 19 Agus an tan do ċunncadar a tiġearnuiḋesi gur imṫiġ muiniġin a bfáḃaltuis féin, do ċuireadar láṁ a Bpól agus a Sílas, agus rugadar léó don ṁargaḋ íad ċum na núaċdarán, 20 Agus ar na dtairgsin do na húaċdaránuiḃ, a duḃradar, Búaiḋrid na dáoinesi ar gcaṫuirne, óir is dón ċineaḋ Iúdaiḋe íad, 21 Agus múinid síad órduiġe, naċ dleisdeanaċ ḋúinne do ġaḃáil, na do leanṁuin, dó ḃríġ gur Roṁánuiġ sinn. 22 Agus do éiriḋ an pobal a náoinḟeaċd na naġuiḋ: agus ar réubaḋ a néuduiġeaḋ do na hoifigiḃ, do áiṫneadar gaḃáil do ṡlatuiḃ orrṫa. 23 Agus ar ngaḃáil orrṫa go roṁór ḋóiḃ, do ċuireadar a bpríosún íad, dá áiṫne dfear coiṁéuda an ṗríosúin a gcoiṁéud go ró ḋaingean: 24 Agus ar ḃfaġáil na háiṫne sin dósan, do ṫeilg sé íad ann sá ṗríosún dob ḟaide a steaċ, agus do ḋaingníġ sé a gcosa a gceap. 25 Agus a dtimċeall ṁeaḋóin oiḋċe ar ndeunaṁ urnaiġe do Ṗól agus do Ṡílas, do ċanadar salm daḋṁolaḋ Dé: agus do ċúaladar na príosúnuiġ íad. 26 Agus go hobann do éiriġ criṫ mór talṁun ann, a gcrúṫ go raiḃ fúindiment an ṗríosuin ar bogaḋ: agus ar an mball do ḃádar na doirrsi uile osguilti, agus a ngeiṁleaċa uile sgáoilte. 27 Agus ar músglaḋ do ċoiṁéuduiḋe an ṗríosuin, agus ar ḃfaicsin doirrseaḋ an ṗríosúin osguilte ḋó, ar dtarruing a ċloiḋiṁ amaċ, do smúain sé é féin do ṁarḃaḋ, óir do ṡáoil sé gur éulóiġeadar na braiġde. 28 Aċd do éiġ Pol do ġúṫ ṁór, ag ráḋ, Na déuna olc ar biṫ ḋuit féin: óir atámaóidne uile ann so. 29 Agus ar ngairm ar ṡolus dósan, do ṡáiṫ sé a steaċ, agus ar mbeiṫ ḋó ar coiṁċriċ, do ṫuit sé síos a ḃfiaḋnuise Ṗóil and Ṡílais, 30 Agus ar na mbreiṫ leis amaċ ḋó, a duḃairt sé, A ṁaiġisdríġe, créd ċaiṫfeas misi ḋeunaṁ do ċum go slainéoċṫáoi mé? 31 Agus a duḃradarsan, Creid ann sa Tiġearna Iósa Críosd, agus sláineoċṫar ṫú féin, agus do ṫiġ. 32 Agus do rinneadar bríaṫar an Tiġearna do ṡeanmóir ḋó féin, agus dá ráiḃ ann a ṫiġ uile. 33 Agus a nuáir sin féin do noiḋċe go ġlac se íad, agus do niġ sé a ccréaċda; agus ar an mball do ġlac sé féin, agus a ṫiġ uile baisdeaḋ. 34 Agus ar na mbreiṫ leis dó ḋá ṫiġ féin, do ċuir sé ḃiaḋ na ḃfíaḋnuisi, agus do rinne sé gairdeaċus, é féin agus a ṫiġ uile ag creideaṁ a Ndía. 35 Aċd ar néiriġe don lá, do ċuireadar na húaċdaráin máoir úaṫa, da ráḋ, Léig na daóine sin amaċ. 36 Agus dinnis coiṁéuduiḋe an ṗriosúin na briaṫraso do Ṗól, Ċuireadar na húaċdaráin fios úaṫa ḃur léigean amaċ: uime sin sioḃluiḋ roṁuiḃ a nois, agus ímṫiġiḋ a síoṫċain. 37 Aċd do ḟreaguir Pól doiḃsean, Tar éis gaḃáil oruinn go puiblliḋe agus sinn neíṁċiontaċ, agus ar Róṁanaċuiḃ, do ṫeilgeadar a bpríosún sinn; agus an né buḋ áil léo a nois ar gcur amaċ ós íseal? ní heaḋ go firinneaċ; aċd teigid féin agus beirid amaċ sinn. 38 Agus dinniseadar na maóir na bríaṫraso do na húaċdaránuiḃ: agus do ġaḃ eagla íadsan, an tan do ċúaladar gur Róṁanuiġ íad. 39 Agus ar dteaċd dóiḃ do ċuireadar impiḋe orrṫa, agus ar na dtaḃuirt amaċ, do guiḋeadar íad fá imṫeaċd amaċ as an gcaṫruiḋ. 40 Agus ar nimṫeaċd as an bpriosún dóiḃsion, do ċúadar a steaċ go Lídia: agus ar ḃfaicsin na mbríaṫar, tugadar coṁḟurtaċd dóiḃ, agus do imṫiġeadar rompa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society