Gníoṁarṫa 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV Prioṁ-ċoṁairle na neasbul ag Ierusalem, ioma ttimċillġearraḋ. 1 Agus ar dteaċd do ḋruing áiriġe a núas ó ṫír Iudaiġe do ṫeaguisgeadar na bráiṫre, ag raḋ, Muna dtimċeallġearrṫar siḃ do réir reaċda Ṁáoisi, ní héidir ḃur slánuġaḋ. 2 Uime sin tair éis Pól agus Barnabas conspóid agus diosbóireaċd nar ḃeag do ḋéanaṁ na naġaiḋ, dorduiġeadar Pól agus Barnabas, agus cuid eile ḋíoḃsab, do ḋul súas go Híarusalem ċum na nabsdal agus na sinnsear a dtimċeall na ceasda so. 3 Agus ar na séolaḋ do neagluis, do ġaḃadar tré Ṗeníce agus Ṡamária, ag innisin ḟillte na Gcineaḋaċ: agus do ċuireadar lúṫġáir ṁór ar ná bráiṫriḃ uile. 4 Agus ar dteaċd go Hiarusalém ḋóiḃ, do ġaḃadar a neagluis, agus na habsduil agus na sinnsir ċuca íad, agus dinniseadarsan méud na niṫeann do rinne Día ṫríoṫaḋ. 5 Giḋeaḋ déirġe dream áiriġe deiriceaċd na Bṗairsíneaċ do ċreid, ag ráḋ, Go ccaiṫfiḋ a ttimċeallġearraḋ, agus a ċur dfíaċuiḃ orrṫa dliġeaḋ Ṁáoisi ċoiṁéud. 6 Ar a naḋḃarsin tangadar na habsduil agus na seinnsir ar áonball dféuċuinn a dtimċeall a neiṫse. 7 Agus ar ndéunaṁ móráin diosbóireaċda ḋóiḃ, déiriġ Peadar súas, agus a duḃairt sé ríu, A ḟeara agus a ḃraiṫreaċa, atá a ḟios aguiḃsi gur ṫog Día eadruinne fada ó ṡin, go gcluinfidis na Cineaḋaċa briaṫar an tsoisgéil as mo ḃéalsa, agus go gcreidfidís. 8 Agus do rinne Día, dar ab aiṫne na croiḋṫe, fínné ḋóiḃsion, ag taḃuirt an Spiorad Náoiṁ ḋóiḃ, ċoṁmaiṫlinne; 9 Agus ní ḋearna sé éidirḋéaluġaḋ ar biṫ eadruinne agus íad, ag glanaḋ a gcróiḋeaḋ lé creideaṁ. 10 Uime sin a nois créud fá ḃfuiltí ag cur ċaṫúiġṫe ar Ḋía, ag cur ċuinge ar ṁuinéuluinḃ na ndeisciobal, nar ḟéudadar ar naiṫreaċa ná sinn féin iomċar? 11 Aċd creidmíd go sláinéoċṫar sinn coṁmaiṫ léosan, tré ġrasuiḃ an Ṫiġearna Iósa Ċríosd. 12 Ann sin do ṫoċdadar an ċuideaċda uile, agus tugadar éisdeaċd do Ḃarnabas agus do Ṗól, ag innisin créad é méud na gcoṁarṫaḋ agus na míorḃuileaḋ do rinne Día ṫríoṫaḋ féin eidir na Cineaḋaċuiḃ. 13 Agus ar sgur ḋa dtagra ḋóiḃ, do ḟreaguir Séumus, ag ráḋ, A ḟeara agus a ḃráiṫreaċa, éisdiġ riumsa: 14 Dinnis Siomón dáoiḃ cionnus dféuċ Dia ó ṫosaċ, ċum pobail do ḃuáin as na Cíneaḋaċniḃ ḋá ainm féin. 15 Agus tigid bríaṫra na ḃfaiḋeaḋ leis an nisi; do réir mar atá sgríoḃṫa, 16 Fillfiḋ mé na ḋiáiġ so, agus tóigéuḃuiḋ mé súas a rís tábernacuil Ḋáiḃi, atá ar dtuitim; agus cóiréoċaiḋ mé an ní do ṫuit de, agus cuirfiḋ mé súas é a rís: 17 Do ċum go níarrfaidís an ċuid eile do na dáoiniḃ an Tiġearna, agus na huile Ċineaḋaċa, ar a ngoirṫear mainm, a deir an Tiġearna noċ do ní na neiṫesi uile. 18 Atá fios a oinreaċa féin uile ó ṫosaċ an tsáoġáil ag Día. 19 Uime sin measuimsi, naċ cóir míṡuáiṁneas do ċur air a ndreim do na Cineaḋaċuiḃ, dfill ċum Dé: 20 Aċd as insgríoḃṫa ċuca, iad féin do ṡeaċna ar ṫruáilliġṫiḃ na nioḋal, agus ar stríopṫaċus, agus ó ní taċduiġṫe, agus ó ḟuil. 21 Oír atáid ag Maóisi ó na seanaimsireaċuiḃ a nall dáoine do nía ṡeanmóruġaḋ a ngaċ áon ċaṫruiġ, ann sna sinagóguiḃ ann a léuġṫar gaċa sábbóid é. 22 Ann sin do ċonncas do na habsdalaiḃ agus do na sinnsearaiḃ, maille ris a neagluis uile, dáoine toġṫa ḋíoḃ féin do ċur go Hantíoċia lé Pól agus lé Barnabas; eaḋon, Iúdas dar coṁainm Barnabas, agus Sílas, dáoine oirrḋeirc eidir na bráiṫreaċuiḃ: 23 Ag sgríoḃaḋ leiṫreaċa ríu mar so; Beaṫa agus sláinte ó na heasbuluiḃ agus ó na seinnsearuiḃ agus ó na bráiṫriḃ ċum na mbráṫar do na Cineaḋaċuiḃ átá a Naintíoċia agus a Síria agus a Cilícia: 24 Dó ḃríġ go gcúalamar, go ndeaċadar dáoine áiriġe úáinne noċ do ḃuaiḋir siḃse lé briaṫruiḃ, agus do ċláoċluiḋ ḃur ninntinne, dá ráḋ riḃ, Ḃeiṫ ar ḃur dtimċeallġearraḋ, agus an reaċd do ċoiṁéud: dá naċ dtugamar a leiṫeid sin dáiṫne: 25 Do ċonncas dúinn, air tteaċd déuntoil a gceann a ċéile, dáoine tóġṫa do ċur ċugaiḃsi má ráon ré ar mbráiṫriḃ gráḋaċa Barnabas agus Pól, 26 Daóine ṫug a nanmanna féin ar son anma ar Dtiġearna Iósa Críosd. 27 Ar a naḋḃarsin do ċuireamar ċuguiḃ Iúdas agus Sílas, noċ ínnéosas na neiṫesi as béul mar an gcéudna. 28 Oír do ċonncas don Spiorad Náoṁ, agus dúinne, gan ni as mó dúalaċ do ċur oruiḃ ná na neiṫe ríaċdanaċaso; 29 Go seaċna siḃ féin ar neiṫiḃ do níṫear ofráil dioḋaluiḃ, agus ar ḟuil, agus ar ní taċduiġe, agus ar striopṫaċus: má ċongḃuiṫí siḃ féin úaṫa so, is maiṫ do ḋéuntáoi. Slán liḃ. 30 Agus ar na léigeansan air siuḃal, tangadar go Hantíoċia: agus ar gcruinniuġaḋ don ṗobal a gceann a ċéile, túgadar an leitir úaṫa: 31 Agus an tan do léiġeadarsan an leitir, do ġaḃ gáirdeaċus íad tres an ccoṁfurtaċd. 32 Mar an gcéadna ar mbeiṫ do Iúdas agus do Ṡílas, na ḃfaiḋiḃ, do ṫeaguisgeadar agus do neartuiġeadar, na bráiṫre lé mórán briaṫar. 33 Agus tair éis íad ḟuireaċ ann sin ar feaḋ tamuill, do leigeadar na bráiṫre íad a sioṫċáin úaṫa ċum na nabsdal. 34 Aċd do ċonncas do Ṡilás coṁnuiġe ann sin. 35 Aċd do ḟan Pól agus Barnabas fós a Naintíoċia, ag teagusg agus ag soisgéuluġaḋ ḃreiṫre an Tiġearna, máráon fós ré mórán eile. 36 Aċd a ndiáiġ láeṫeaḋ áiriġe a duḃairt Pól ré Barnabas, Filleam dféuċain ar mbráiṫreaċ atá ann gaċ áon ċaṫruiġ ann a ndearnamar bríaṫar an Tiġearna do ṡeanmóir, cionnus atáid síad. 37 Agus do ṡanntuiġ Barnabas Eóin dá ngoirṫear Marcus, do ḃreiṫ léo. 38 Aċd níor ḃáill lé Pól an té, dó ċúaiḋ úaṫa as Pamṗília, agus naċ deaċaiḋ ríu ċum na hoibre, do ḃreiṫ na gcuideaċda. 39 Uime sin do éiriġ easáonta eatorra, a gcrúṫ gur sgaradar ré ċéile: aċd rug Barnabas Marcus leis, agus do ċúaiḋ sé a luing go Cíprus; 40 Aċd dó ṫóġ Pól Silas dó féin, agus do imṫiġ sé roiṁe, ar na ċur ar comairce ġrás Dé do na bráiṫriḃ. 41 Agus do ṡioḃail sé ar feaḋ Ṡíria agus Ċilícia, ag coiṁneartuġaḋ na néagluiseaḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society