Genesis 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IX. Fuair Naói Beannuġaḋ agus sólas o Ḋía. 13 Le coṁṫar a ḃoġ uisge. 22 Cionta Ċam, agus a smaċd. 1 Agus do ḃeannuiġ Día Naói agus a ṁic, agus a duḃairt riú; Biġi tórrṫaċ, agus iomaduiġiḋ, agus lionaiḋ an talaṁ. 2 Agus biaiḋ ḃur neagla agus ḃur núaṁan ar gaċ uile ainṁiḋe ar an ttalaṁ, agus ar gaċ uile éun a naiéir, ar gaċ uile ní da gcorruiḋeann ar an ttalaṁ, agus ar iásg na fairge uile; an ḃur láiṁ tugaḋ íad. 3 Gaċ uile ní béo da ccorruiġeann bía na ḃíaḋ ḋiḃsi; aṁuil mar an luiḃ nglais tug mé ḋiḃ a nuile ni. 4 Aċ feóil maille ré na hanam, eaḋon a fuil, ní iósa siḃ. 5 Agus go deiṁin ḃur ḃfuil ḃur nanma loirgfe misi; asláiṁ a nuile ḃeaṫuiġ loirgfe mé í, agus as láiṁ an duine; as láiṁ ḋearḃraṫar gaċ duine íarfas mé anam an duine. 6 Giḋ bé ḋóirtfeas fuil duine, is lé duine ḋóirtfíġear a ḟuilsion: óir is a ndeilḃ Dé do rinne sé an duine. 7 Agus siḃsi, bíġi tórrṫaċ, agus iomaduiġiḋ; geiniḋ go hiomarcaċ ar an ttalaṁ, agus iomaduiġiḋ ann. 8 Agus do laḃair Día ré Naói, agus ré na ṁacaiḃ maille ris, ag raḋ: 9 Agus misi, feuċ, misi ḋaingníġeas mo ċunnraḋ riḃsi, agus ré ḃur síol ḃur ndíaiġ; 10 Agus ré gaċ uile ċréutuir béo dá ḃfuil maille riḃ, do néunlaiṫ, do náirnéis, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ atá aguiḃ; ón uile da ndeaċuiḋ amaċ as an áirc, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ. 11 Agus daingneoċaiḋ mé mo ċunnraḋ riḃ; agus ní sgriosfuiġear amaċ gaċ uile ḟeóil ní is mó lé huisgiḋiḃ na dileann; agus ní mó ḃias díle ann ni is mó do sgrios na talṁan. 12 Agus a duḃairt Día, Ag so coṁarṫa an ċunnarṫa do ním eadram féin agus siḃsi agus gaċ uile ċréatuir beó dá ḃfuil maille riḃ, a ngeinealaċuiḃ síorruiḋe: 13 Suiġim mo ḃoġa annsa néull, agus biaiḋ sé mar ċoṁarṫa cunnarṫa eadrum féin agus an talaṁ. 14 Agus as aṁluiḋ ḃías, a nuáir do ḃéara mé néull ós cionn na talṁan go ḃfaicfiġear an boġa ann sa néull. 15 Agus cuiṁneoċaiḋ mé mo ċunnraḋ, ata éadrum féin agus siḃsi agus gaċ uile ċréatúir béo do nuile ḟeoil; agus ní ṫiocfaiḋ uisgiḋe na dílionn do sgrios gaċ uile ḟéola ni as mo. 16 Agus bíaiḋ an boġa annsa néull; agus féuċfa misi air, ionnus go cuiṁneoċa mé an cunnraḋ bioṫḃúan eidir Día agus gaċ uile ċréatúir béo do nuile ḟeóil dá ḃfuil ar an ttalaṁ. 17 Agus a duḃairt Día lé Naói, Ag so coṁarṫa an ċunnarṫa, ḋaingniġim eadrum féin agus gaċ uile ḟeóil da bfuil ar an ttalaṁ. 18 Agus mic Naói, do ċuáiḋ amaċ as a náirc, dob íad Sem, Ham, agus Iáṗet: agus sé Ham aṫair Ċanáain. 19 A síad so tríur mac Naói: agus as úaṫa do lionaḋ an doṁan uile. 20 Agus do ṫósuiġ Naói ar ḃeiṫ na ċríaḋaire, agus do ṗlannduiġ garḋa fíneaṁna. 21 Agus do iḃ sé do nḟion, agus do ḃí sé ar meisge; agus do ḃí sé lomnoċda a stiġ sa ṗailliun. 22 Agus do ċonnairc Ham, aṫair Ċanaáin, a aṫair lomnoċd, agus do innis dá ḋis dearḃraṫar amuiġ. 23 Agus do ġlaċ Sem agus Jaṗet brat, agus do ċuireadar ar a nguáilliḃ aráon é, agus do ċuadar a ndiaiġ accúil, agus do ḟoluiġeadar lomnoċdaḋ a naṫar; agus do ḃádar anaiġṫe ar anais agus ní ḟacadar lomnoċd a naṫar. 24 Agus do ṁúsguil Naói ó na ḟíon, agus do ṫuig cioḋ do rinne a ṁac dob óige ris. 25 Agus a duḃairt, go maḋ mallaiġe ḃías Cánáan; na ṡeirḃíseaċ seirḃísiġ ḃías sé agá ḋearḃráiṫriḃ. 26 Agus a duḃairt; go maḋ beannuiġe TIĠEARNA Día Ṡem; agus biaiḋ Cánáan na ṡeirḃíseaċ aige. 27 Do ḋénna Día Iaṗet go faireang, agus áiteoċaiḋ sé a bpuibliḃ Ṡem; agus biaiḋ Canáan na ṡeirḃíseaċ aige. 28 Agus do ṁair Naói déis na díleanna trí ċéud blíaġan agus cáogad. 29 Agús dob íad laéṫe Naói uile, náoi ccéud agus cáogad blíaġan: agus fuair sé bás. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society