Genesis 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Traoṫaḋ na tuile. 20 Buiḋeaċus Naói. 1 Agus do ċuiṁniġ Día air Naói, agus gaċ áonní beó, agus a uile áirnéis do ḃí na ḟoċair sa náirc: agus do rinne Día gáoṫ do ḋul ṫar án talaṁ, agus do ṫraoṫadar na huisgiḋe. 2 Do stopaḋ mar an cceadna toibreaċa a naigéin agus fuinnéoga neiṁe, agus do coisgeaḋ a nfearṫuinn o neaṁ; 3 Agus do ḟilleadar na huisgiḋe ó ḃeiṫ ar an talaṁ a ccoṁnuiġe: agus tareis na ccéad agus na ccáogad la do laġduiġeaḋ na huisgiḋe. 4 Agus do ċoṁnuiġ a náirc ar an seaċdṁaḋ mí, ar an seaċdṁaḋ la déug don ṁí, ar ṡléiḃtiḃ Ararat. 5 Agus do ṫráoṫadar na huisgiḋe a gcoṁnuiḋe gus an deaċṁaḋ mí: annsa deaċṁaḋ mí, ar an ccead la don ṁí, do ċonnarcas mulluiġe na sliaḃ. 6 Agus tárla, a ccionn ċeaṫraċad lá, gur osguil Naói fuinneóg na háirce do rinne sé féin: 7 Agus do ċuir sé amaċ fiaċ, noċ do ċuaiġ amaċ ag teaċd agus ag imṫeaċd, nó gur tiormuiġeaḋ na huisgiḋe súas ón talaṁ. 8 Mar an gceadna do ċuir sé colum uaḋa, amaċ; dféaċuin nar ṫráoṫadar na huisgiḋe ó aġaiḋ na talṁan. 9 Aċ ní ḃfuair an colum áit ċoṁnuiġe do ḃonn a coisi, agus do ḟill si ċuige asteaċ do nairc, óir da ḃádar na huisgíḋe ar uaċdar na talṁan uile; ann sin do ċuir a láṁ amaċ, agus do rug uirre, agus do ṫarraing ċuige a steaċ í do nairc. 10 Agus do ḟan sé fós seaċd lá oile; agus a rís do ċuir sé an colum amaċ as a náirc; 11 Agus táinig an colum ċuige tráṫ nóna a steaċ; agus, féaċ, do ḃí ann a gob duilleog ċroinn ola noċ do ṫarruing sí; as ar aiṫin Naói gur ṫraóṫadar na huisgiḋe ó ḋruim na talṁan. 12 Agus do ḟan sé fós seaċd lá oile; agus do ċuir an colum amaċ; noċ nar ḟill ċuige a rís ní is mó. 13 Agus tárla, sa náonṁaḋ agus sé ċeud bliaġan, san ċéud ṁí, san céud ló don ṁi, do tiormuiġeaḋ na huisgiḋe súas ón talaṁ: agus do aṫruiġ Naói folaċ na háirce, agus daṁairc, agus féuċ, do ḃí aġaiḋ na talṁan tirim. 14 Agus annsa dara mí, air a seaċdṁaḋ lá fiċead don ṁí, do ḃí an talaṁ tirim. 15 Agus do laḃair Día ré Naói, da raḋ, 16 Eíriġ amaċ as an aírc, ṫú féin agus do ḃean, agus do ṁic, agus mná do ṁac leaċd. 17 Beir leaċd amaċ gaċ éinní béo dá ḃfuil agad, don uile ḟeóil, idir éunlaiṫ, agus áirnéis, agus a nuile ni sníġṫeaċ noċ ṡníġios ar an ttalaṁ; ionnus go síolfuid go líonṁar ar an ttalaṁ, agus go raḃaid tórrṫaċ, agus go ndeunaid iomaduġaḋ ar an ttalaṁ. 18 Agus do ċuáiḋ Naói amaċ, agus a ṁic, agus a ḃean, agus mná a ṁac maille ris: 19 A nuile ḃeaṫaċ, a nuile ní ṡníġeas, agus a nuile éun, agus gaċ ni ṡniġeas ar an ttalaṁ, do réir a gcinéil, do ċúadar amaċ as a náirc. 20 Agus do rinne Naóṫ altóir don TIĠEARNA; agus do ġlac da gaċ éinḃeaṫaċ glan, agus dá gaċ uile éun glan, agus díoḋbuir ofráil loisge ar a naltóir. 21 Agus do ḃolṫuiġ an TIĠEARNA deaġḃlaḋ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ann a ċroiḋe, Ní ṁillfiġ mé aris ann talaṁ ar son an duine ó so amaċ; óir as olc smuáineaḋ croiḋe an duine ón óige: ní mó ḃuáilfeas mé a rís ni is mó, a nuile ní béo mar do rinne mé. 22 An feaḋ ṁairfeas an talaṁ, ní sguirfiḋ aimsir an tsíolċuir agus an foġṁar, agus an ḟuaċd agus an teas, agus an saṁraḋ agus an ġeiṁreaḋ, agus an lá agus a noiḋċe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society