Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Genesis 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Ṫárr Naói agús cúid do gaċ sórt creatuireaḋ, an Airc. 11 Táinic an tuil.

1 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Naói, Tárr féin agus do ṫeaġ uile ann sa náirc; óir do ċonnairc mé firéunta ṫú am ḟiaġnuisi annsa ngeinealaċ so.

2 Da gaċ uile ḃeaṫaċ ġlan béuruiḋ tú leaċd na seaċduiḃ, fearḋa agus bannda: agus do na beaṫaiḋiḃ naċ ḃfuil glan na ccúpluiḃ, fearḋa agus bannda.

3 Déunlaiṫ mar an cceudna an aiéir na seaċduiḃ, fearḋa agus bannda; do ċongṁáil síl beó ar aġaiḋ na talṁan uile.

4 Oír seaċd lá fos, agus do ḃéura misi fá deara air, fearṫuinn do ḋéunaḋ ar an ttalaṁ ceaṫraċad lá agus ceaṫraċad oiḋċe; agus gaċ uile ṡubstaint beó da ndearna mé, sgriosfuiḋ mé daġaiḋ na talṁan iad.

5 Agus do rinne Naói do réir mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋe uile.

6 Agus do ḃi Naói sé ċéud bliaġan dáois a nuáir do ḃí an díle uisgeaḋ ar an ttalaṁ.

7 Agus do ċuáiḋ Naói a steaċ, a ṁic, a ḃean, agus mná a ṁac, maille ris don náirc do ḃríġ uisgeaḋ na dílionna.

8 Do na beaṫuiġiḃ glana, agus do na beaṫuiġiḃ neaṁġlana, agus don éunlaiṫ, agus da gaċ áonni dá siuḃlann ar an ttalaṁ,

9 Do ċuaiḋ a steaċ a dó agus a dó ċum Naói ann sa náirc, fearḋa agus bannda, mar do aiṫin Día do Naói.

10 Agus tárrlá a ndiáiġ ṡeaċd lá, go raḃadar uisgeaḋa na dílionna ar an ttalaṁ.

11 Annsa seisuġaḋ ceud blíaġan dáois Naói, annsa dara mí, an seaċdṁaḋ lá déug don ṁí, an lá sin fein do brisioḋ a níos toibreaċa a naigein ṁoir uile, agus do hosglaḋ coṁluiġe uisge niṁe.

12 Agus do ḃí an ḟearṫuinn ar an ttalaṁ ceaṫraċad lá agus ceaṫraċad oiḋċe.

13 Annsa ló sin fein do ċuáiḋ Naói a steaċ, agus Sem, Ham, agus Jaṗet, mic Naói, agus bean Naói, agus tríur ban a ṁac leó don náirc;

14 Iad fein, agus gaċ uile ainṁiḋe do réir a ċinéil, agus a nuile áirnéis do réir a ccineíl, agus gaċ ní snaṁeaċ do ṡnáṁus ar an ttalaṁ do réir a ccinéil, agus gaċ uile eunlaiṫ da gaċ éun tsórt.

15 Agus do ċuadar a steaċ ċum Naói annsa náirc, cúpla agus cúpla da ġaċ uile ḟeóil, ann aḃfuil ánal na beaṫa.

16 Agus a ndeaċaiḋ a steaċ, do ċuadar a steaċ fearḋa agus bannda dá ġaċ uile ḟeóil, mar do aiṫin Día ḋe; agus do ḋruid an TIĠEARNA air a stiġ.

17 Agus do ḃí an díle ar an ttalaṁ ceaṫraċad lá; agus do ṁeaduiġeadar na huisgiḋe, agus do iomċradar snas a náirc, agus do tógḃaḋ súas í os cionn na talṁan.

18 Agus do rugadar na huisgiḋe buáiḋ, agus do ṁeaduiġeadar go hanṁór ar an ttalaṁ; agus do imṫiġ a náirc ar uaċdar na nuisgeaḋ.

19 Agus do rugadar na huisgiḋe buaiḋ go hiomarcaċ ar an ttalaṁ; agus do ḃádar na cnuic árda uile, do ḃí fo neaṁ, ar na ḃfolaċ.

20 Cúig cuḃaid déug do éiriġ an tuisge súas; agus do folċaḋ na sléiḃte.

21 Agus do éug gaċ uile ḟeóil dár ċorruiġ ar an ttalaṁ, idir éunuiḃ agus áirnéis agus ainṁiṫiḋ agus gaċ áonni snaṁeaċ a ṡnáṁus ar an ttaluṁ, agus gaċ uile ḋuine:

22 Gaċ ní ann a raiḃ anál na beaṫa a bpolláraiḃ a sronaḋ, don uile ní da raiḃ ar talaṁ tirim, fuaradar bas.

23 Agus do sgriosaḋ gaċ uile ṡubstaint beó noċ do ḃí ar druim na talṁan, idir ḋuine agus ḃeaṫaċ, agus an ni ṡnáṁus, agus éunlaiṫ neiṁe; agus do sgriosaḋ on talaṁ iad: agus do ḟan Naói aṁáin na ḃéaṫaiḋ, agus an luċd do ḃí na ḟoċair sa náirc.

24 Agus do ḃúaḋuiġ an tuisge ós cionn na talṁan céud agus caogad lá.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan