Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Genesis 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Claonaḋ na ndaoine. 13 Tairrgir iman dile. 14 Agus ordúġaḋ na hairce.

1 Agus tárla, a nuáir do ṫosuiġeadar na dáoine ar ṁeaduġa ar ḋruim na talṁan, agus rugaḋ inġeana ḋóiḃ,

2 Go ḃfacadar mic Dé inġeana na ndáoine go raḃadar sgíaṁaċ; agus tugadar mná ċuca do nuile ḋroing do ṫógradar.

3 Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Ní ḃía mo spiorad a ccoṁnuiḋe ag crionċán ris an nduine, do ḃríġ gur féoil eision mar an ccéudna: giḋeaḋ béid a láeṫe na ccéud agus fiċṫe blíaġan.

4 Do ḃádar aiṫiṫe ar an ttalaṁ ann sna laeṫiḃ sin; agus mar an ccéudna na ḋiáiġ sin, a nuair ṫangadar mic Dé a steaċ ċum inġeana na ndáoine, agus rugadar clann dóiḃ, do ḟásadar sin na ndáoiniḃ árrṫaċda, noċ do ḃí san tseanaimsir na ndáoiniḃ iomráiteaċ.

5 Agus do ċonnairc Día gur ṁór ċionnta an duine air an ttalaṁ, agus gaċ áon ḃreaṫnuġaḋ dá smuaineaḋ a ċroiḋe gurab olc é a ccoṁnuiġe.

6 Agus do buḋ aiṫreaċ leis an TTIĠEARNA an duine do ḋeunaṁ ar an ttalaṁ, agus do ḃí brón air ann a ċroiḋe.

7 Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Sgriosfuiḋ me an duine do ċruṫaiḋ me ó aġaiḋ na talṁan; ar áon an duine, agus an beiṫeaċ, agus an ni ṡnáṁus agus éunlaiṫ an aiéir; óir as aiṫreaċ liom a ndéunaṁ.

8 Aċ fuair Naói grása a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA.

9 A síad so geinealuiġ Naói: do ḃí Naói na ḋuine ḟiréunta agus iomlan ann a ġinealaċaiḃ, agus do ṡiuḃail Naói lé Dia.

10 Agus do ġein Naói triur mac Sem, Ham, agus Jaṗet.

11 Do ḃí an talaṁ mar an cceudna truáilliġe a ḃfiaḋnuisi Dé, agus do lionaḋ an talaṁ dfoiréigean.

12 Agus do ḟeuċ Día ar an ttalaṁ, agus, féuċ, do ḃí sé trúailliġe; óir do ṫruáill gaċ uile ḟeóil a ṡliġe ar an ttalaṁ.

13 Agus a duḃairt Día re Naói, táinic críoċ a nuile ḟeola am ḟiaġnuisi; óir is lán an talaṁ durċóid tríoṫasan; agus, féuċ, sgriosfuiġ mé iad maille ris an ttalaṁ.

14 Déuna ḋuit féin áirc do aḋmud ġoper; do ḋéuna tú ionaid sa nairc, agus cuirfe tú pic úirre astiġ agus a muiċ.

15 Agus a sé so an timdéunaṁ ar a ndéuna tú í: a ḃfad na hairce béid tri ċéud ċuḃad, a leiṫead caogad cuḃad, agus a hairde tríoċad cuḃad.

16 Do ḋéuna tú fuinneóg do náirc, agus críoċnoċaiḋ tú í a ccuḃad ṡúas; agus cuirfiḋ tú dorus na hairce ar a taoḃ; maille ré hísliuġaḋ, an dara, agus an treas lota, do ḋéuna tú í.

17 Agus feuċ, misi, misi féin, do ḃéirim tuile uisgeaḋ ar an ttalaṁ, do sgrios gaċ uile ḟeóla, ann bfuil anal na beaṫa fáoi neaṁ; agus gaċ a ḃfuil sa talaṁ, do ġeaḃa sé bás.

18 Aċ riotsa daingneóċaiḋ mé mo ċunnraḋ; agus tiucfa tú a steaċ sa náirc, ṫú féin, agus do ṁic, agus do ḃean, agus mna do ṁac maille riot.

19 Agus do ġaċ uile ní beó, do ġaċ uile ḟeóil béuruiḋ tú cúpla leaċd da gaċ uile ṡórt sa náirc, dá gcuṁdaċ beó agad; béid síad fearḋa agus bannda.

20 Do néunlaiṫ do reir a gcinéil, agus do náirnéis do réir a ccineil, da ġaċ uile ní ṡiuḃlas an talaṁ do réir a ċineil, cúpla do gaċ áon ṡort ṫiucfas ċugad dá ccuṁdaċ beó.

21 Agus glac ċugad da gaċ uile ḃiaḋ iṫear, agus cruinneoċaḋ tú ċugad é, agus bíaiḋ na ḃiaḋ ḋuitsi, agus dóiḃsion.

22 Mar so do rinne Naói: do réir a nuile ní do aiṫin Día ḋe, is aṁlaiḋ sin do rinne sé.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan