Genesis 50 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil L. Aḋlacaḋ Iacob. 15 Tug Ioseṗ solás da ḃráiṫriḃ uirisliġṫe. 25 A iartas ma ċnáṁaíḃ. 26 Agus a ḃás. 1 Agus do luiġ Ióseṗ ar aġuiḋ a aṫar, agus do ġuil air, agus do ṗóg é. 2 Agus do aíṫṫin Ioseṗ dá ṡearḃfoġantuiḃ na leaġa, a aṫar do ḃalmnuġaḋ: agus do ḃalmnuiġeadur na leaġa Israel. 3 Agus do coiṁlíonaḋ ceaṫraċad lá ḋó: (óir is mar sin coiṁlíontar laéṫe na druinge do níṫear a ḃalmnuġaḋ) agus do rinneadur na Hégiptiġ doilġios ar a ṡoin, trí fiċid agus deiċ lá. 4 ¶ Agus a nuáir do ċúadar laéṫe a ndóbróin ṫárrsa, do laḃair Ióseṗ ré tíġ Ṗárao, ag ráḋ, A nois ma fuáir mé grása ann ḃur raḋarc, guiḋim siḃ, laḃruiḋ a gclúasuiḃ Ṗárao ag ráḋ, 5 Do ḃean máṫair mionna ḋíom ag ráḋ, Féuċ, atáim ag faġáil ḃáis: ann muaiġe do ṫoċuil mé ḋaṁ fein a ttír Ċánaain, ann sin aḋlócus tú mé. Annois íarruim daṫċuinge ort, léig ḋaṁ dul súas, agus máṫair daḋlacaḋ, agus tiocfa mé a rís. 6 Agus a duḃairt Ṗárao, Imṫiġ súas, agus aḋluic haṫair, mar do ṫug mionna ort. 7 ¶ Agus do ċuaiḋ Ióseṗ súas daḋlacaḋ a aṫar: agus do ċuadar serḃísiġ Ṗarao uile suas leis, seanóiriġ a ṫiġe, agus seanóiriġ ċríċe na Hegipte uile, 8 Agus tiġ Ióseṗ uile, agus a ḋearḃraiṫre, agus tiġ a aṫar: aċd aṁáin a miondaóine, agus a ttréada, agus a nealḃaḋa do ḟágḃadur a ḃfearann Gosen. 9 Agus do ċuáiḋ suas leis, carbuid fós agus marcṡluáġ: agus bá roṁór an ċuideaċda íad. 10 Agus tangadur gó hurlúr ḃuáilte Atad, noċ ata táoḃ ṫall do Iórdan agus ann sin do rinneadur cuṁa maille ré caóineaḋ aḋḃalṁor: agus do rínne dóḃrón ann sin ar a aṫar seaċd lá. 11 Agus a nuáir do ċoncadur áitreaḃuiġ na háite, na Canaanítíġ, an ċuṁa a nurlár Atad, a duḃradur, Is doilġiosaċ an ċuṁaso ar na Hégiptiḃ; uime sin do ġoireaḋ Abel Misraim dainm ḋe, noċ atá táoḃ ṫall do Iordan. 12 Agus do rinneadur a ċlann ṁac ris mar do aiṫin sé ḋíoḃ. 13 Oír do rugadur a ċlann leó é go tIr Ċánaain, agus do Ṁaċpeláh, noċ do ċeannuiġ Abraham, maille ris an maċaire mar ṡeilḃ ċum áite aḋluicṫe, ó Eṗron an Hititeaċ as coinne Ṁamre. 14 ¶ Agus do ḟill Ioseṗ do Négipt, é féin agus a ḋearḃraiṫre, agus a ndeaċuiḋ leis súas uile daḋlacaḋ a aṫar. 15 ¶ Agus a nuáir do ċoncadur dearḃraíṫre Ioseṗ go ḃfuáir a naṫair bas, a dúḃradur, Do bféidir go mbiaḋ fúaṫ ag Ioseṗ ḋúinne, agus go gcúiteoṁaḋ rinn gó deiṁin a ndearnamar dolc air. 16 Agus do ċuireadur teaċda a gcionn Ioseṗ, ḋa raḋ, Do aiṫin haṫair roiṁ a ḃás, dá ráḋ, 17 Marso a déarṫaói ré Ioseṗ, Guiḋim ṫú annois, maiṫ cionta do ḋearḃráiṫreaċ agus a bpeacaḋ: óir do rinneadur olc ort: agus a nois íarmuid daṫċuingé ort, maiṫ cionta ṡérbiseaċ Dé haṫar: Agus do ġuil Ioseṗ a nuáir do laḃradur ris. 18 Agus do ċuadur a ḋearḃraiṫre mar an gceadna, agus do luiġeadur síos a ḃfiagnuisi a aġaiḋe, agus a duḃradur, Feuċ, is sinne do ṡerḃísiġ. 19 Agus a duḃairt Ioseṗ ríu, Ná bíoḋ eagla oruiḃ: óir an ḃfuilimsí an áit Dé? 20 Aċd ar ḃur sonsa do smuaineaḃair olc am aġaiḋsi; aċ do aígneiṫe Día ċum maiṫeasa é, dá ṫaḃairt a ccríċ mar atá a niuġ, do ċongṁáil móráin daóine beó. 21 Annois uime sin ná bioḋ eagla oruiḃ: oilfiḋ misi siḃ, agus ḃur náos óg; agus do ċoṁḟurtaiġ íad, agus do laḃair go cinealta ríu. 22 ¶ Agus do áitreiḃ Ióseṗ sa Négipt, é féin agus tiġ a aṫar: agus do ṁair Ióseṗ céad agus deiċ mbliaḋna. 23 Agus do ċonnairc Ióseṗ clann Eṗraim don treas geínealaċ; clann Maċir mar an ccéadna mac Ṁanasseh. Do tógḃaḋ súas iad ar ġlúiniḃ Ióseṗ. 24 ¶ Agus do ráiḋ Ióseṗ ré na ḋearḃráiṫriḃ, Atáimsi ag eug: agus fóirfe Día oruiḃsi go déiṁin, agus béura sé as an ttírsi siḃ, gus an ttír do ṁionnuiġ sé do Abraham, do Isaac, agus do Iacob. 25 Agus tug Ióseṗ mionna ar ċloinn Israel, ag ráḋ, Féaċfuiḋ Día oriḃ go deiṁin, agus beurṫaói mo ċnáṁasa súas as so. 26 ¶ Mar sin do éug Ióseṗ, ar mbeiṫ ḋó céad agus deiċ mbliaḋna daóis: agus do ḃalmuiġeadúr é, agus do cuireaḋ a ccoṁra sa Négipt é. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society