Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Genesis 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V. Beaṫa na nsinnsearḋa ré an dilionn. 24 Gaḃala suas Enoċ ċum Flaiṫeaṁnas.

1 A se so leaḃar geinealuiġ Aḋuiṁ. Ann so ló ionar ċruṫaiḋ Día an duiné, a ccosaṁlaċd Dé do rinne sé é;

2 Fearḋa gus bannda do ċruṫaiḋ sé íad; agus do ḃeannuiġ íad, agus do ġoír Aḋaṁ dainm ḋioḃ, annsa ló ionar cruṫaiġeaḋ íad.

3 Agus do ṁair Aḋaṁ céud agus trioċad blíaġan, agus do ġein mac ann a ċosaṁlaċd féin, do réir a ḋealḃa; agus tug Séṫ dainm air:

4 Agus do buḋ íad láeṫe Aḋaiṁ tar éis Séṫ do ġeineaṁuin dó, oċd ccéud blíaġan: agus do ġein sé mic agus inġeana:

5 Agus na láeṫe ar ṁair Aḋaṁ uile ba náoi ccéud agus trioċad bliaġan íad: agus fuáir sé bás.

6 Agus do ṁair Séṫ céud agus cuig bliaġna, agus do ġein Enos:

7 Agus do ṁair Séṫ tar éis Enos do ġeineaṁuin oċd cceud agus seaċd mblíaġna, agus do ġein mic agus inġeana:

8 Agus ba híad láeṫe Ṡéṫ uile, naoí ccéud agus dá ḃlíaġain déug: agus fúair sé bás.

9 Agus do ṁair Enos nóċad bliaġan, agus do ġein Cáinan.

10 Agus do ṁair Enos tar éis Cainan do ġeineaṁuin oċd ccéud agus cúig blíaġna déug, agus do ġein mic agus inġeana:

11 Agus bá híad láeṫe Enos uile naoí ccéud agus cúig ḃliaġna: agus fúair sé bás.

12 Agus do ṁair Cáinan seaċdṁoġad bliaġan, agus do ġein Mahalaleel:

13 Agus do ṁair Cáinan tar éis Mahalaleel do ġeineaṁuin oċd cceud agus ceaṫraċad bliaġan, agus do ġein mic agus inġeana:

14 Agus dob iad láeṫe Cáinan uile náoi cceud agus deiċ mbliaġna; agus fúair sé bás.

15 Agus do ṁair Mahalaleel tri fiċid agus cúig ḃliaġna, agus do ġein Iáred:

16 Agus do ṁair Mahalaleel tar éis Iáred do ġeineaṁuin oċd cceud agus trioċad blíaġan, agus do ġein mic agus inġeana:

17 Agus dob iad láeṫe Ṁahalaleel uile oċd cceud agus nóċad agus cúig bliaġna: agus fúair sé bás.

18 Agus do ḃí Iared beó ceud agus eáogad agus ḋa ḃlíaġain, agus do ġein Enoċ.

19 Agus do ṁa ir Iared taréis Enoċ do ġeineaṁuin oċd cceud blíaġan, agus do ġein mic agus inġeana:

20 Agus dob íad láeṫe Iáred uile náoi ccéud agus seasgad agus da ḃlíaġain: agus fúair sé bás.

21 Agus do ṁair Enoċ seasgad agus cúig ḃliaġna, agus do ġein Matuselah:

22 Agus do ṡiuḃail Enoċ le Día tar éis ġeineaṁna Ṁatuselah tri ċéud blíaġan, agus do ġein mic agus inġeana:

23 Agus dob iad láeṫe Enoċ uile tri ċéud agus seasgad agus cúig ḃlíaġna:

24 Agus do ṡiuḃail Enoċ ré Día: agus ní raiḃ sé; óir rug Día leis é.

25 Agus do ṁair Matuselah céud agus oċdṁoḋad agus seaċd mbliaġna, agus do ġin Lameċ:

26 Agus do ṁair Matuselah tar éis Lameċ do ġeineaṁuin seaċd cceud oċdṁoḋad agus da ḃliaġain, agus do ġein mic agus inġeana:

27 Agus dob íad láeṫe Ṁatuselah uile náoi ccéud seasgad agus náoi blíaġna: agus fuáir sé bás.

28 Agus do ṁair Lameċ céud oċdṁoḋad agus da ḃlíaġain, agus do ġein mac:

29 Agus do ġoir Naói dainm ḋe, da ráḋ; do ḃéura an tisi meisneaċ ḋúinn a ttáoiḃ ar noibre agus saoṫair ar láṁ, do ḃríġ an talaiṁ do ṁalluiġ an TIĠEARNA.

30 Agus do ṁair Lameċ tar eis Naói do ġeineaṁuin cúig céud nóċad agus cúig ḃliaġna, agus do ġein mic agus inġeana:

31 Agus dob íad láeṫe Lameċ uile seaċd cceud seaċdṁoḋad agus seaċd mbliaġna: agus fuáir sé bás.

32 Agus do ḃi Naói cúig ċéud blíaġan dáois: agus do ġein Naói Sem, Ham, agus Jaṗet.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan