Genesis 49 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XLIX. Tiomna agus faíġeadóireaċd Iácob, 19 Ordúġaḋ attimċeal a aḋluice. 1 Agus do ġoir Iacob ar a ṁacaiḃ, agus a duḃairt, Cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfoċair a ċéile, nó go ninneosa mé ḋáoiḃ cread ṫeigeaṁus daóiḃ sna láeṫiḃ deiġionaċa. 2 Cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfoċair a ċeile, agus éisdiġ, a ṁaca Iácob; agus tugaiḋ aire do Israel ḃur naṫair. 3 ¶ A Reuben, is tú mo ċéiḋġin, mo ċumas, agus tosaċ mo neirt, orḋearcus Inḃe, agus oirḋearcus ċuṁaċda. 4 Neaṁṡeasaṁaċ mar uisge, ní ṡaruiġe tu; do ḃriġ go ndeaċa tú súas a leabuiḋ haṫar: ann sin do ṫruaillíġe tú í, do ċuáiḋ sé suas am ċúd 5 ¶ Simeon agus Léḃi deatḃraiṫre íad, ionstruimentiġ fuilteaċda ann a náitreaḃuiġ. 6 O manum, ná tárrsa na secréid: O monóir na bí a naontuiġ ré na gcruinniuġaḋ; óir do ṁarḃadur duine ann a ḃfeirg, agus ann a nantoil féin do ṫoċladur síos balla. 7 Go maḋ malluiġe a ḃfearg, óir do ḃí sí niṁneaċ; agus a ndíḃfeirg, óir dó ḃí sí fioċṁar: roinnfiḋ me íad an Iácob, agus scaóilfead ó ċéile íad an Israel. 8 ¶ A Iúdah, as tusa an té noċ ṁolfuid do ḋearḃraiṫre; biaiḋ do láṁ a muinéul do náṁad; cláonfuiḋ clann haṫar síos ad laṫair. 9 Is coilén leoṁain Iúdah: ón ċreiċ do ċúaiḋ tú súas, a ṁic: do ċrom sé síos, do luiġ sé mar leoṁan, agus mar ṡeanleóṁan; agus cía ḋúiseoċus súas é? 10 Ní ḋeileoċuiḋ an tslat roġa ré Iudah, nó dliġṫaḃairṫoir ó ḃeiṫ eidir a ċosuiḃ, nó go ttiucfa Síloh; agus is ċuigesion ḃías cruinniuġaḋ na ndaóine. 11 Ag ceangal a ṡearruiġ do nfineaṁuin, agus bromúiġ a assail don roġa fíneaṁna; do niġ sé a éudaċ a ḃfion, agus a ċuluiḋeaċa a ḃfuil grápuiġe. 12 Béid a ṡuile dearg ó ḟíon, agus a ḟíacla geal ó ḃainne. 13 ¶ Aítreoċuiḋ Sebulun á gcúan na fairge; agus biáiḋ sé na ċúan long, agus biáiḋ a imiol go nuige Sídon. 14 ¶ Isaċar ís assal láidir é, ag crumaḋ síos idír ḋa úalaċ. 15 Agus do ċonnairc sé gur ṁaiṫ an ní suaíṁneas, agus an duṫaiġ gur taitneaṁaċ é; agus do ċláon a ġuala diomċur úaluiġ, agus táinig na ṡerḃiseaċ do áirdċios. 16 ¶ Do ḋéana Dan breiṫeaṁnus ar a ḋaoiniḃ, mar aon do ṫreaḃuiḃ Israel. 17 Biaiḋ Dan na naṫair ar a tsliġe, na naṫair niṁe ar an mbealaċ, noċ ġearras sála na neaċ, ionnus go ttuitfiḋ an marcaċ a ndiaiġ a ċúil. 18 Do ḃi mé ag fuireaċ réad ṡlánuġaḋ, a ṪIĠEARNA. 19 ¶ Gad, cláoifiḋ slúaġ é; aċ béuruiḋ sesion buáiḋ fá ḋeireaḋ. 20 ¶ Amaċ as Aser biáiḋ a arán raṁar, agus do ḃéara uaḋ sóġ rióġa. 21 ¶ Naṗtali, is eilid ar na scáoileaḋ amaċ é do ḃeir bríaṫra maiṫe úaḋ. 22 ¶ Ióseṗ, is cráoḃ ṫoruiḋ é, cráoḃ ṫoruiḋ ḋá ririḃ láiṁ ré tobar; noċ a leaṫnuiġionn a ġeuga amaċ tar anmballa. 23 Do ġoilleadur na saiġdeóiriġ áir go géur, agus do ċaiṫeadur air, agus do ḟuaṫuiġeadar é. 24 Aċ do ṁair a ḃóġa láidir, agus do rinneaḋ riġṫeaċ a láṁ láidir le láṁuiḋ Dé ċuṁaċduiġ Iácob; Is as sin an táoḋaire, cloċ Israel: 25 Lé Día haṫar dá ríriḃ, noċ ċuidéoċas leaċd, agus leis a nuileċuṁaċdaċ, noċ beinneóċus tú le beannuġaḋ niṁé ṡuas, beannuġaḋ a naigéin atá a níoċdar ṡíos, beannuġaḋ na gcíoċ, agus na mbronn: 26 Rugadar beánnaċda haṫar buaiḋ ós cionn beannaċd mo ṡinnsiorsa go nuige an téórann as faide amaċ do na cnócuiḃ siorruiḋe: béid síad ar ċeann Ioseṗ, agus ar ċoróin ċinn an tí do dealuiġeaḋ re na ḋeárḃráiṫriḃ. 27 ¶ Biáiḋ Beniamin fuaduiġeaċ mar ṁadra alla: ar maidín sluicfiḋ sé a ḟiaḋaċ, agus ann sa noiḋċe rannfuiḋ sé an ċreaċ. 28 Asíad so uile ḋá ṫreaḃ ḋéag Israel; agus a sé so an ní do laḃair a naṫair ríu, agus do ḃeannuiġ íad; gaċ áon fa leiṫ do réir a ḃeannaċda do ḃeannuiġ iad. 29 ¶ Agus do ċuir cúram orra, agus a duḃairt ríu, Atáimsi a nam mo ċruinniġṫe ċum mo ḋaóine, aḋlaiciḋ mé a ḃfoċair maiṫreaċ, ann sa nuaṁuiġ atá a maġ Eṗron an Hititeáċ, 30 Ann sa nuaṁuiġ atá a maġ Ṁaċpelah, noċ atá as coinne Ṁamre a ttír Ċánaain, noċ do ċeannuiġ Abraham maille re maġ Eṗron an Hititeaċ mar ṡeilḃ áite aḋluicṫe. 31 Ann sin do aḋluiceadar Abraham, agus Sárah a ḃean; is ann sin do aḋluiceadar Isaac, agus Rebecah a ḃean, agus is ann do aḋluic misi Léah. 32 Ceannuiġeaċd an ṁaċaire agus na húaṁa atá ann, is ó ċloinn Héṫ do fríṫ í. 33 Agus a nuáir do ċríoċnuiġ Iácob aiṫeanta do ṫaḃairt dá ċloinn, do ċruinniġ súas a ċosa san leabuiġ, agus do ḟáeiḋ a spiorad súas, agus do ċruinniuġaḋ ċum a ḋaoine féin é. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society