Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Genesis 47 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XLVII. Tug Ioseṗ a ḃraiṫre. 7 Agus a aṫair a laṫair Ṗarao. 11 Tug ionad ḋóiḃ. 13 Fuair an Egipt do nri. 22 Taoḃ amuiġ do ḟearann na nsagart.

1 Ann sin táinic Ioseṗ, agus do innis do Ṗárao, agus a duḃairt, Tángadur máṫair agús mo ḋearḃraiṫre, agus a tréada, agus a nealḃaḋa, agus a ḃfuil aca as tir Ċánaain; agus, féuċ, atáid siád a ḃfearann Gosen.

2 Agus rug leis cuid dá ḋearḃraiṫriḃ, eaḋon cúigior ḋíoḃ, agus do ṫaisbein do Ṗárao íad.

3 Agus a duḃairt Ṗárao ré na ḋearḃráiṫriḃ, Créad as ceird ḋaoiḃ? Agus a duḃradursan ré Ṗárao, Aoḋairiġe cáoraċ do ṡerḃísiġ, sinn féin aráon, Agus ar naiṫre mar an gcéadna.

4 A duḃradursan fós re Ṗárao, Is do ċoṁnuiḋe san ḃfearann do ṫangamar; óir ní ḃfuil féur ag ad ṡerḃíseaċuiḃ ḋá náirnéis, óír atá an ġorta go trom a ttír Ċanaaín; a nois dá ḃriġ sin, iarrmaoid daṫċuinge ort, taḃair áitreaḃ dot ṡerḃiseaċuiḃ a ḃfearann Gosen.

5 Agus do laḃair Ṗárao ré Ióseṗ, ag raḋ, Tangadur haṫair agus do ḋearḃraiṫre ċugad.

6 Atá críoċ na Hégipte as do ċoinne; ann sa ċuid is féarr don tír cuir haṫair agus do ḋearḃraiṫre na gcoṁnuiġe; áitreaḃaidis a ḃfearann Gosen: agus más aiṫne ḋuit aonduine cumusaċ na measg, ann sin deana uaċdarán díoḃ os cionn máirnéisi.

7 Agus tug Ioseṗ Iacob a aṫair a steaċ, agus do ṡuiġiḋ é as ċoinne Ṗárao; agus do ḃeannuiġ Iacob Ṗárao.

8 Agus a duḃairt Ṗárao ré Iácob, Cá haóis tú?

9 Agus a duḃairt Iacob ré Ṗárao, Bliaḋna laéṫe moiliṫre is céad agus tríoċad bliaḋan íad: fá tearc agus fá holc láeṫe bliaḋna mo ḃeaṫa, agus ni rainic mé laeṫe bliaḋna ḃeaṫa maiṫreaċ, a laeṫiḃ a noiliṫresion.

10 Agus do ḃeannuiġ Iacob Ṗarao, agus do ċuaiḋ amaċ as fiaġnuise Ṗárao.

11 Agus do áitiġ Ioseṗ a aṫair agus a ḋearḃráiṫré, agus tug sealḃ ḋóiḃ a ccríċ na Hégipte, san ċuid do ḃféarr don dúṫaiġ, a bfearann Rameses, mar do aiṫin Ṗárao ḋe.

12 Agus do oil Ioseṗ a aṫair agus a ḋearḃráiṫre, agus muinntir ṫiġe a aṫar, uile lé harán, do réir a muinntir.

13 Agus ní raiḃ arán ar biṫ san tír uile; óir do ḃí an ġorta ro ṫrom, ionnus gur hanḃfainneaċ críoċ na Hégipte, agus tír Ċánaain uile do ḃríġ na gorta.

14 Agus do ċruinníġ Ioseṗ súas a nuile airgead fríṫ a ccríċ na Hégipte agus a ttír Ċánaain ar son a narḃa do ċeannċadur, agus tug Ioseṗ an tairgead a steaċ go tiġ Ṗárao.

15 Agus an tan do ṫraoṫ an tairgead a ccríċ na Hégipte, agus a ttír Ċánaain, tangadur na Hégiptiġ uile ċum Ióseṗ, agus a duḃradur, Taḃair ḋuinn arán; óir cread fa ḃfuiġemis bás ad ḟiaġnuise? óir do imṫiġ an tairgead úainn.

16 Agus a duḃairt Ioseṗ, Tugaiḋ ḃur náirnéis uáiḃ agus do ḃéura misi ḋíḃ ar son ḃur náirnéisi, má dfailliḋ an tairgead oruiḃ.

17 Agus tugadur a náirnéis go Ióseṗ: agus tug Ioseṗ árán dóiḃ ar a neaċuiḃ, agus ar a ttréaduiḃ, agus ar áirnéis a néalḃann, agus ar a nassaluiḃ: agus do ḃeaṫaiḋ sé íad le harán ar son a náirnéisi uile ar feaḋ na blíaḋna sin.

18 A nuair do críoċnuíġeaḋ an ḃlíaḋuin sin, tangadur ċuige an dara blíaḋuin, agus a duḃradur ris, Ní ċeilfiom ar mo ṫiġearna, gur caiṫeaḋ ar gcuid airgid, fuáir ar ttiġearna mar an gceadna ar ttréada áirnéise; níor fágḃaḋ éinni aguinn a laṫair ar ttiġearna an aċd ar gcuirp agus ar ḃfearann.

19 Uime sin cread fá ḃfuiġemis bás a ḃfiaġnuisi do ṡúl, sinn féin aráon agus ar ḃfearann? ceannuiġ sinn féin agus ar ḃfearann ar arán, agus bíam féin agus ar ḃfearann ar serḃíseaċuiḃ ag Ṗárao: agus taḃair síol dúinn, ar ċor go maiream, agus naċ ḃfuiġeam bas, agus naċ bía an fearann na ḟásaċ.

20 Agus do ċeannuiġ Ioseṗ fearann na Hégipte uile do Ṗárao; óir do reacadar no Hégiptiġ gaċ éanduine ḋióḃ a ḟearann, do ċionn go rug an ġorta buáiḋ orra: mar sin ṫáinic an fearann ċum Ṗárao.

21 Agus ar son na ndáoine, do áṫruiġ sé íad do na caiṫreaċuiḃ ó ċeann ḃruáiċ na Hégipte, go nuige an ceann eile ḋi.

22 Aṁáín fearann na sagart níor ċeannuiġ sé é, óir do fúaradar na sagairt coṁroinn ó Ṗárao, agus a dúadur a ccoṁroinn noċ tug Ṗáraó ḋóiḃ; uime sin níor reacadur a ḃfearann.

23 Ann sin a duḃairt Ióseṗ ris an bpobal, Féuċuiġ, do ċeannuiġ mé a niuġ siḃ féin agus ḃur ḃfearann do Ṗárao; féuċuiḋ, ag sin síol aguiḃ, agus cuirfíḋe an fearann.

24 Agús tiucfaiḋ a ccríċ ann sa mbiseaċ, go ttiuḃarṫáoi an cúigeaḋ cuid do Ṗárao, agus biaiḋ ċeiṫre ċuid aguiḃ féin, ċum síl a nfearainn, agus ċum ḃur mbeaṫa, agus do ṁuinntir ḃur ttiġe, agus mar ḃeaṫa dá ḃur leanbuiḃ.

25 Agus a duḃradarsan, Do ṡáḃáil tú ar mbeaṫa: fáġmaoid grása a raḋarc mo ṫiġearna, agus biamáoid ar serḃíseaċaiḃ ag Ṗárao.

26 Agus do rinne Ióseṗ sin na ḋliġeaḋ ar feaḋ ċríċe na Hégipte gus a niuġ, go ḃfuiġe Ṗárao an cúigeaḋ cuid; aċd aṁáin fearann na sagart, noċ naċ ráinic ċum Ṗárao.

27 Agus do ḃí Israel na ċoṁnuiġe a gcríċ na Hégipte, a ḃfearann Gosen; agus do ḃádur ṡealḃa dúṫaiġ aca ann sin, agus do ḟásadur, agus do lionadur go hiomadaṁuil.

28 Agus do ṁair Iácob a gcríċ na Hégipte seaċd mbliaḋna déug: mar sin gur ḃí áois iomlán Iácob, céad agus dá ḟiċead agus seaċd mbliaḋna.

29 Agus do ḋruid aimsir ḃáis Israel a ngar: agus do ġoir sé a ṁac Ióseṗ, agus a duḃairt sé ris, Má fuair mé anois grása ad raḋarc, íarruim mar aṫċuinġe ort, cuir do láṁ fáoim laḋairg, agus déana do cinealta fírinneaċ riom; iárruim daṫċuinġe ort, ná haḋlaic mé sa Négipt;

30 Aċ luidfiḋ me a ḃfoċair mo aiṫreaċ, agus béura tusa leaċd mé as a Négipt, agus aḋluic mé a náit a naḋlaicṫesion. Agus a duḃairt seision, Do ḋéana mé mar a duḃairt tú.

31 Agus a duḃairt seision, Taḃair do ṁionna ḋaṁ. Agus tug sé a ṁionna ḋó. Agus do ċláon Israel é féin ar ċeannaḋairt na leapṫa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan