Genesis 46 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XLVI. Tainic Iacob do Négipt, agus a ṡlioċt. 28 Ċoinniġ Ioseṗ é. 33 Agus ċoṁairliġ a ḃraiṫre. 1 Agus do ġluáis Israel maille ris a nuile ní dá raiḃ aige, agus táinic go Beerséba, agus do rinne ioḋbuirt do Ḋía a aṫar Isaac. 2 Agus do laḃair Día re Hisrael a ttaiḃse na hoiḋċe, agus do ráiḋ, A Iácob, a Iacob. Agus a duḃairt seision, Atáim annso. 3 Agus a duḃairt sé, As misi Día, Día haṫar: ná bíoḋ eagla ort dul síos do Négipt; óir do ḋeana misi ann sin díot cineaḋ mór. 4 Raċa mé leaċd síos do Négipt; agus do ḃéura mé go deiṁin mar an gcéadna a nsíos a rís ṫú: agus cuirfiḋ Ióseṗ a láṁ ar do ṡúiliḃ. 5 Agus do éiriġ Iacob súas ó Ḃéerséba; agus do iomċradar mic Israel a naṫair Iacob, agus a náos óg, agus a mná, ann sna carbuduiḃ ċuir Ṗárao ḋá iomċur. 6 Agus rugadur leó a narnéis, agus a maiṫeas, noċ fuaradur a ttír Ċánaain, agus tangadur do Négipt, Iacob, agus a ṡlíoċd uile leis: 7 A ṁic, agus mic a ṁac maille ris, agus a inġeana, agus inġeana a ṁac, agus a slioċd uile tug sé leis do Négipt íad. 8 Agus a síad so anmanna ċloinne Israel noċ do ṫáinic do Négipt, Iacob agus a ṁic: Reuben cédġin Iacob. 9 Agus mic Reuben; Hanoċ, agus Ṗallu, agus Hesron, agus Carmi. 10 Agus mic Ṡimeon; Iemuel, agus Iamin, agus Ohad, agus Iaċim, agus Sohar, agus Saul mac mná Canaanítiġ. 11 Agus mic Léḃi; Gerson, agus Cohat, agus Merári. 12 Agus mic Iúdah; Er, agus Onan, agus Sélah, agus Ṗáres, agus Sárah: aċ fuair Er, agus Onan bás a ttír Ċánaain. Agus mic Ṗáres dob íad Hesron, agus Hámul. 13 Agus mic Isaċar; Tóla, agus Ṗúbah, agus Iób, agus Simron. 14 Agus mic Sebulun; Séred, agus Elon, agus Iahleel. 15 Agus dob íad so mic Leah, noċ rug sí do Iácob a Bpadan-Aram, maille re na hinġin Dínah: anmann a ṁac agus a inġean uile bá tríur ar ṫrioċad íad. 16 Agus mic Ġad; Siṗion, agus Haggái, Súni, agus Esbon, Eri, agus Aródi, agus Aréli. 17 Agus mic Aser; Iimnah, agus Isuah, agus Isui, agus Bériah, agus Sérah a ndeirḃṡiur: agus mic Ḃériah; Héber, agus Malċiel, 18 A síad so mic Silpah, noċ tug Lában da inġin Léah, agus rug sí íad so do Iácob, eaḋon sé hanmanna déug. 19 Mic Raċel, bean Iácob; Ioseṗ, agus Beniamin. 20 Agus do rugaḋ a gcríċ na Hégipte do Ióseṗ, Manasseh, agus Eṗraim, noċ rug Asenat inġean Ṗotiṗerah sagart On dó. 21 Agus mic Ḃeniamin, Bélah, agus Béċer, agus Asbel, Géra, agus Náaman, Ehi, agus Ros, Muppim, agus Huppim, agus Ard. 22 A súíd so mic Ráċel, noċ rugaḋ do Iácob; na hanmanna uile bá a ceaṫair déug íad. 23 Agus mic Dan; Hussim. 24 Agus mic Naṗtali; Iasehel, agus Guni, agus Iéser, agus Sillem. 25 Asíadso mic Ḃilhah, noċ tug Lában dá inġin Ráċel, agus rug sí íad so do Iacob: na hanmanna uile bá móirṡeisior íad. 26 Na hanmanna uile noċ ṫáinic lé Iacob do Négipt, noċ ṫáiníc amaċ as a ḟorḋronnuiḃ, táoḃ amuiġ do ṁnáiḃ ṁac Iacob, bá trí fiċid íad agus a sé. 27 Agus mic Ióseṗ, rugaḋ ḋó sa Négipt, bá ḋá anum íad: a nuíle anum do ṫiġ Iácob, noċ ṫáinic do Négipt, bá trí fiċid, agus a deiċ íad. 28 Agus do ċuir sé Iudah roiṁe go Ioseṗ, do ṡeóluḋ a aiġṫe go díreaċ go Gosen; agus tangadur go tír Ġosen. 29 Agus do rinne Ióseṗ a ċarbad réiġ, agus do ċuaiḋ súas do ṫeagṁáil ar Israel a aṫair, go Gosen, agus do ṫais béin é féin do; agus do laiġ ar a ṁuinéul, agus do ġuil ar a ṁuinéul tamall maiṫ. 30 Agus a duḃairt Israel ré Ióseṗ, Annois faġaim bás ó ċonnuirc mé do ġnúis, do ċionn go ḃfuil tú beó fós. 31 Agus a duḃairt Ióseṗ ré na dearḃráiṫríḃ agus ré tiġ a aṫar, Raċa mísi súas, agus foillseoċad do Ṗarao, agus a déara mé ris, Tangadur mo ḋearḃráiṫre agus tiġ maṫar noċ do ḃí a ttir Ċanaain, ċugamsa: 32 Agus is aoḋaireaḋa cáoraċ íad, óir isé bá ceird doíḃ airneis do ḃeaṫuġaḋ; agus tugadur a ttréada agus a sealḃa leo, agus a nuile ní dá ḃfuíl aca. 33 Agus teigeóṁuíġ a nuáir ġoirfeas Ṗárao siḃsi, agus a déara sé, cred as ceird ḋaóiḃ? 34 A bruiḋsi do bí ceird do ṡerḃíseaċ ḃeiṫ timċioll áirnési ó ar nóige go ttí a nois, sinn féin aráon agus ar naiṫre, ionnus go náitreoċṫaoi a ḃféarann Gosen: óir is gráineaṁlaċd a nuile ṫréaduiġe cáoraċ ag na Hégiptiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society