Genesis 38 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXVIII. Clann Iúdah. 7 Agus an droċḃéusa. 13 Inntleaċd Támar. 27 Agus a geineoil. 1 Agus tárla sa namsin, go ndeaċuiḋ Iúdah síos ó na ḋearḃráiṫiḃ, agus gur ḟill a steaċ go Hadullamiteaċ, áiriġe dar ḃainm Híra. 2 Agus do ċonnairc Iúdah annsin inġean Ċanaanitiġ áiriġe, dar ḃainm Suah, agus do gaḃ sé ċuige í, agus do ċioṁríaċduin sé ría. 3 Agus do torrċeaḋ í, agus rug sí mac; agus tug sé Er dainm air. 4 Agus do tiorrċeaḋ a rís í, agus rug si mac; agus tug Onan dainm air. 5 Agus do tiorrċeaḋ fós a rís í, agus rug sí mac; agus tug Sélah dainm air: agus do ḃí sé ann Ċesib a nuáir rug sí é. 6 Agus tug Iúdah bean do Er a ċédġin, dar bainm Támar. 7 Agus do ḃi Er, cédġin Iúdah, go holc a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA; agus do ṁarḃ an TIĠEARNA é. 8 Agus a duḃairt Iúdah ré Hónan, Bí ag mnáoi do ḋearḃráṫar, agus pós í, agus déuna slioċd dot ḋearḃráṫair. 9 Agus do ḃí a ḟios ag Onan naċ buḋ leis féin an slíoċd: agus tárla, a nuáir do ċuáiḋ sé do ċoṁriaċduin ré mnáoi a ḋearḃraṫar, gur ḋóirt sé ar án ttalaṁ, ionnus naċ dtiuḃraḋ sé slioċd dá ḋearḃráṫair. 10 Agus do ċuir an ní do rinne sé fearg ar an TIĠEARNA: uime sin do ṁarḃ sé Onan mar an ccéadna. 11 Ann sin a duḃairt Iúdah ré Támar a ḃainċlíaṁuin, Fan ad ḃain treaḃuiġ a ttiġ haṫar no go ḟásuiġ mo ṁac Sélah; (óir a duḃairt sé, Deagla go ttigeaṁaḋ go ḃfuiġeaḋ seision bás fós mar fuáir a ḋearḃráiṫre) agus do imṫiġ Támar agus do rinne coṁnuiġe a ttíġ a haṫar. 12 Agus a ccionn aimsire do eug inġean Suah bean Iúdah; agus do ġlac Iúda meisneaċ ċuige, agus do ċuáiḋ súas go Timnah mar a raiḃ luċd béarrṫa a ċáoraċ, é féin agus a ċara Hírah an Tadullamíteaċ. 13 Agus do hinnseaḋ do Ṫámar, dá ráḋ, Féuċ, téid haṫai rcleaṁna súas go Timnah do ḃearraḋ a ċáoraċ. 14 Agus do ċuir sisi a culuiḋ báintreaḃuiġ ḋi, agus do ḟoluiġ sí í fein le folaċ, agus do ḟill í féin, agus do ṡuíġ a náit ṡoḟaicsiana, laiṁ ris a tsliġe ag dul go Timnah; óir do ċonnairc gur ḟás Sélah, agus nar tugaḋ í féin na mnáoi ḋó. 15 A nuáir de ċonnairc Iúdah í, do ṡáoil gur méirdreaċ do ḃí ann, do ċionn gur ḟoluiġ sí a haġaiḋ. 16 Agus do ḟill sé uirre ar a tsliġe, agus a duḃairt, Guiḋim ṫú luáiṫiġ ort, leig ḋaṁ a ḃeiṫ agad; (óir ní raiḃ a ḟios aige gur ḃí bean a ṁic í.) Agus a duḃairt sisi, Créud do ḃéura tú ḋaṁ do ċionn a ḃeiṫ agam? 17 Agus a duḃairt seision, Cuirfe mé meannán ċugad ó na gaḃruiḃ: Agus a duḃairt sisi, An ḃfuigfe tú geall agum nó go ccuiriġ tú ċugam é? 18 Agus a duḃairt seision, Créud an ġeall do ḃéura mé ḋuit? agus a duḃairt sisi, Do ṡéula, do ḃráisléid, agus do ḃata, noċ atá ad láiṁ: agus tug sé íad sin di, agus do ḃí aice, agus do toirrċeaḋ leis í. 19 Agus do éiriġ sisi, agus do imṫiġ roimpe, agus do ċuir a folaċ ḋi, agus do ċuir a héudaċ baintreaḃuiġ uimpe. 20 Agus do ċuir Iudah an meannán ċuice lé láiṁ a ċarad an Tadullamiteaċ, dfaġáil a ġill as láiṁ na mná: aċ ní ḃfuáir sé í. 21 Ann sin do ḟiafruiġ sé do ṁuinntir na háite sin, Cáit a ḃfuil an ṁeirdreaċ, do ḃí go hoscuilte ré táoḃ na sliġeaḋ? Agus a duḃradarsan, Ní raiḃ éinṁéirdreaċ sa náitsi. 22 Agus do ḟill seision go Iúdah, agus a duḃairt, Ní ḟaġuim í: agus mar an gcéadna a duḃradar muinntir na háite, ní raiḃ éinṁéirdreaċ sa náitsi. 23 Agus a duḃairt Iudah, Bíoḋ aice deagla go ḃfuiġmís náire: féuċ do ċuir mé an meannánso uáim, agus ní ḃfuáir tú í. 24 Agus táinic a steaċ na ccion ṫrí míosa na ḋiáiġ sin, gur hinniseaḋ do Iudah ag raḋ, Do rinne hinġean Támar meirdreaċus: agus feúċ fós atá sí torraċ o stríopaċus: agus a duḃairt Iudah, Tugṫar amaċ í, agus a loiscṫear í. 25 A nuáir tugaḋ amaċ í, do ċuir sí fios ċum a haṫar cleaṁna dá ráḋ, On té léar leis íad so atáimsi torraċ: agus a duḃairt sisi, Guiḋim ṫú, méas cía lear leis íad so, an séula, agus na bráisléide agus an bata. 26 Agus do aḋmuiġ Iúdah íad, agus a duḃairt, Dob ḟíréunta isi ná misi; do ċionn naċ dtug mé dom ṁac Sélah í, Agus níor ḃean ría a rís, ní is mó. 27 Agus tárla a naimsir a tuismiḋ, féuċ go raḃadar días iona broinn. 28 Agus tárla a naimsir a tuismiḋ, gur ċuir áon aca a láṁ amaċ, agus gur ġlac an ḃean ċuidiġe an láṁ, agus gur ċeanguil snáiṫe sgárláoide fan láiṁ, dá ráḋ, Sé so ṫáinic amaċ ar ttús. 29 Agus tárla nuáir rug sé a láṁ ar a hais: féuċ ṫáinig a ḋearḃraṫair amaċ: agus a duḃairt sisi, Cionnus do ḃris tusa amaċ? bíoḋ an briseaḋ so ort féin: uime sin tugaḋ Ṗáres dainm air. 30 Agus na ḋiáiġ sin ṫáinic amaċ a ḋearḃraṫair ar a raiḃ an snáiṫe scárláoide ar a láiṁ, agus tugaḋ Zárah dainm air. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society