Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Genesis 36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXVI. Tríur ban Esau. 9 O attainíg siol Edom. 31 Agus iomḋa Rí.

1 Anois a síad so geinéaluiġ Esau, ré ráiḋter Edom.

2 Tug Esau a ṁná dinġeanuiḃ Ċánaain; Adah inġean Elon an Hititeaċ, agus Aholibamah inġean Anah, inġean Sibeon an Hiḃiteaċ,

3 Agus Basémat, inġean Ismael, deirḃṡíur Nebaiot.

4 Agus rug Adah do Esau Eliṗas; agus rug Basémat Reuel.

5 Agus rug Aholibamah Ieus, agus Iaalam, agus Córah: síad so mic Esau noċ rugaḋ ḋó a ttír Ċánaain.

6 Agus do ṫóg Esau leis a ṁná, agus a ṁic, agus a inġeana, agus a nuile ṗearsa dá ṫeaġlaċ, agus a áirnéis, agus a uile ainṁintiġe, agus a ṡubstaint uile, noċ fúair sé a ttír Ċánaain; agus do ċuáiḋ fan tír, ó aġuiḋ a ḋearḃraṫair Iacob.

7 Oír buḋ ṁo a saiḋḃrios ná mar do ḟéadadur diomċar láiṁ récéile: agus an tír ann a raḃadur na gcoiṁiġṫiḃ, níor ḟéad sí a niomċar le hiomad a máoine.

8 Marso do áitreḃ Esau a gcnoc Seir: a sé Esau Edom.

9 Agus a síad so geinealuiġ Esau aṫair na Nédomiteaċ a gcnoc Seir.

10 A síadso anmanna ṁac Esau: Eliṗas mác Adah, bean Esau; Reuel mac Ḃasémat, bean Esau.

11 Agus dob iad mic Eliṗas, Témon, Omar, Séṗo agus Gátam, agus Cénas.

12 Agus do ḃí Timnah na leannán ag Eliṗas mac Esau, agus rug sí Deliṗas Amalec: dob íad so mic Adah bean Esau.

13 Agus dob íad so mic Reuel; Nahat, agus Sérah, Sámaċ, agus Misah: dob iád so mic Ḃasémat bean Esau.

14 Agus dob íad so mic Aholibamah, inġean Anah, inġean Sibeóin, bean Esau: agus rug sí do Esau Ieus, agus Iaalam, agus Córah.

15 Dob íad so Duiḃciḋe ṁac Esau: mic Eliṗas cédġin Esau Duiḃce Témon, Duiḃce Omar, Duiḃce Seṗo, Duiḃce Cénas.

16 Duiḃce Córah, Duiḃce Gátam, Duiḃce Amalec; asíadso na Duiḃciḋe ṫáinig ó Eliṗas a ttír Edom; dob íad so mic Adah.

17 Agus asíadso mic Reul ṁac Esau: Duiḃce Nahat, Duiḃce Sérah, Duiḃce Sámah, Duiḃce Missah: a síad so na Duiḃciḋe ṫáinic ó Reul a ttír Edom: a síad so mic Ḃasémat bean Esau.

18 Agus is íad so mic Aholibamah bean Esau; Duiḃce Ieus, Duiḃce Iaálam, Duiḃce Córah: a síad so na Duiḃciḋe ṫáinic ó Aholibamah inġean Anah bean Esau.

19 A síad so mic Esau (noċ is Edom) agus a síad so a Nduiḃciḋe.

20 A síad so mic Ṡeir an Horiteaċ noċ do áitriḃ an dúṫaiḋ: Lótan, agus Sóbal agus Sibéon, agus Anah,

21 Agus Díson, agus Eser, agus Dísan: is íad so Duiḃciḋe na Horiteaċ clann Ṡeir a ttír Edom.

22 Agus is íad so clann Lótain; Hóri, agus Héman: agus deirḃṡíur Lótain Timnah.

23 Agus dob íad so clann Hobail; Alḃan, agus Manahat, agus Ebal, agus Séṗo, agus Onam.

24 Agus is íad so clann Ṡibeóin; aráon Aiah, agus Anah: sé so Anah, noċ fuáir na muilliḋe san ḃfásaċ mar do ḃí ag beaṫuġaḋ asal Ṡibeóin á aṫar.

25 Agus dob íad so clann Anah, Díson, agus Aholibamah inġean Anah.

26 Agus dob íad so clann Ḋísoin Hemdan, agus Esban, agus Itran, agus Ċéran.

27 Agus á síad so clann Eser: Bilhan, agus Saaḃan, agus Acan.

28 Agus a síad so clann Ḋísain: Us agus Aran.

29 A síad so na Duiḃciḋe ṫáinic do na Hóriteaċuiḃ; Duiḃce Lótan, Duiḃce Sóbal, Duiḃce Sibeon, Duiḃce Anah,

30 Duiḃce Díson, Duiḃce Eser, Duiḃce Dísan: is íad so na Duiḃciḋe ṫáinig ó Hóri, a measg a Nduiḃciḋe a ttír Ṡeir.

31 Agus a síad na ríġṫe so fuáir ríoġaċd a ttír Edom: suil dó ḃí éinriġ a rioġaċd ós cionn ċloinne Isráel.

32 Agus Béla ṁac Beor do ḃí a rioġaċd a Nédom: agus ainm a ċaiṫreaċ Dinhabah.

33 Agus fuáir Béla bás, agus Ióbab ṁac Sérah ó Ḃosra fá ríġ na áit.

34 Agus do éug Ióbab, agus Husam ó ṫír Ṫemáni fa ríġ na áit.

35 Agus do éug Husám, agus Hádad ṁac Bédad, noċ do ḃuáil Midian air ṁaġ Móáb, fá ríġ na áit: agus dob é ainm a ċaiṫreaċ Aḃit.

36 Agus do éug Hádad, agus Samlah ó Ṁasrecah fá ríġ na áit.

37 Agus do éug Samlah, agus Saul ó Rehoboṫ ó naḃuinn, fá ríġ na áit.

38 Agus do éug Saul, agus Baalhanan ṁac Aċbor fa ríġ na áit.

39 Agus do éug Baalhanan ṁac Aċbor, agus Hádar fa ríġ na áit; agus dob é ainm a ċaiṫreaċ Pau; agus dob é ainm a ṁná Mehetabel, inġean Ṁatread, inġean Ṁesahab.

40 Agus a síad so anmanna na Nduiḃceaḋa ṫáinic ó Esau, do réir a muinntire ar lorg a naiṫreaċ ann a nanmannuiḃ: Duiḃce Timnah, Duiḃce Alḃah, Duiḃce Ietet.

41 Duiḃce Aholibamah, Duiḃce Elah, Duiḃcé Pínon,

42 Duiḃce Cénas, Duiḃce Téman, Duiḃce Mibsar,

43 Duiḃce Magdiel, Duiḃce Iram: is íad so Duiḃciḋe Edom do réir a náitreaḃa, a ndúṫaiġ a seilḃe; sé sin Esau aṫair na Nédomiteaċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan