Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Genesis 35 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXV. Táinic Jacob go Betel. 16 Fuair Ráċel bás ar an tsliġe re breiṫ Ḃeniamin. 28 Deúg agus daḋlaiceaḋ Isaac.

1 Agus a duḃairt Día ré Iácob, Eiriġ, imṫiġ súas go Bétel agus coṁnuiġ ann sin: agus déun altóir ann do Ḋía noċ do ḟoillsiġ é féin duit a nuáir do ṫeiṫ tú ó laṫair do ḋearḃraṫar Esau.

2 Ann sin a duḃairt Iacob ré na ṁuinntir, agus ré a raiḃ na ḟoċair uile, Cuiriḋ uáiḃ na deé coiṁiġṫeaċa atá eadruiḃ, agus bíġí glan, agus aṫruiġiḋ ḃur néudniġe:

3 Agus éirġeam agus teannum súas go Bétel, agus do ḋéana misi altóir ann do Ḋía, noċ do ḟreagair mé a nam mo ċrúaḋóige, agus do ḃi liom ann gaċ sliġe ar ġaḃus.

4 Agus tugadur do Iácob a raiḃ do ḋéeiḃ coiṁiġṫeaċa ann a láṁuiḃ, agus a raiḃ dfainniḃ-cluas na gcluasuiḃ; agus do ḟoluiġ Iácob íad faói an daruiġ noċ do ḃí laiṁ ré Seċem.

5 Agus do ġluáiseadur; agus do ḃí eagla Dé ar na caiṫreaċuiḃ do ḃí gaċa táoḃ ḋioḃ, agus níor leanadar síad clann Iácob.

6 Mar sin ṫainíc Iácob go Lus, noċ atá a ttír Ċánaan, eaḋon Bétel, é féin agus a raiḃ aige uile.

7 Agus do rinne altóir ann, agus do ġoir El-Bétel do náit: do ċionn gurob ann do ṫaisbéin Día é féin dó, a nuair do ṫeiṫ sé ó laṫair a ḋearḃraṫar.

8 Aċ fuáir Debora banaltra Rebecah bás, agus do haḋlaiceaḋ í táoḃ ṡíos do Ḃétel faói ḋaruiġ: agus do goireaḋ Allonbaċut dainm ḋe.

9 Agus do ṫaisbéin Día a rís é féin do Iácob, a nuáir ṫáinic sé amaċ as Páda-Aram, agus do ḃeannuiġ sé é.

10 Agus a duḃairt Día ris, Iácob as ainm ḋuitsi; ni goirfiġear feasda Iácob ḋíot, aċ Israel ḃus ainm ḋuit: agus do ġoir sé Israel dainm ḋe.

11 Agus a duḃairt Día ris, Is misi Día uile ċuṁaċdaċ: bí siolṁar agus foírlíon; tiocfuiḋ cineaḋ agus morán do ċiniḋeaċuiḃ uáid, agus tiocfaid ríġṫe amaċ ód ḟorḋronnuiḃ;

12 Agus an dúṫaiḋ tug misi do Abraham, agus do Isaac, do ḃéura mé ḋuitsi í, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ do ḃéura mé an dúṫaiġ sin.

13 Agus do ċuáiḋ Día úaḋ súas sa náit a raiḃ ag caint ris.

14 Agus do tóg Iácob piléir sa náit a raiḃ ag caint ris, eaḋon pileir cloiċe, agus do ḋóirt ofrail diġe air, agus do ḋóirt ola air.

15 Agus tug Iácob Bétel dainm ar a náit a raiḃ Día ag caint ris.

16 Agus do aistriġeadur ó Ḃétel; agus ní raiḃ aċ sliġe ġearr ag teaċd go Heṗrat: agus do ġaḃ teinnios cloinne Ráċel, agus fuáir sí saoṫar docaṁlaċ.

17 Agus tárla a nuair do ḃí sí ann a sáoṫar éigeantaċ, go nduḃairt an ḃean ċunganta ría, Ná bíoḋ eagla ort; biáiḋ an macsa agad mar an gcéadná.

18 Agus tárla, a nuáir do ḃí a hanam ag dul aiste, (óir fuáir sí bás) gur goir sí Benoni dainm ḋe: aċ tug a aṫair Beniamin dainm air.

19 Agus fuáir Ráċel bás, agus do haḋluiceḋ í ar a tsliġe a ngaḃṫaoi go Héṗrat, noċ re raiḋtior Bétlehem.

20 Agus do ċuir Iácob Piléir ar a huáiġe: sé sin Piléir uáiġe Ráċel gus a niuġ.

21 Agus do aistriġ Israel, agus do leaṫnuiġ a ṗubuil táoḃ ṫall do ṫor Edar.

22 Agus tárla, a nuáir do ḃí Israel ná ċoṁnuiġe sa duṫaiġ sin, go ndeaċuiḋ Reuben, agus gur luiġ re Bilhah leannán aṫar: agus do ċúaluiḋ Israel sin. A nois clann Iácob bá ḋá ḟear ḋéag iad.

23 Mic Léah Reuben céidġin Iácob, Símeon, agus Léḃi, agus Iúdah agus Issaċar, agus Sebulun.

24 Mic Ráċel; Ióseṗ, agus Beniamin.

25 Mic Ḃilhah, cuṁal Ráċel; Dan agus Naṗtali.

26 Agus mic Silpah, cuṁal Léah; Gad agus Assur. Asíad so mic Iácob, noċ do rugaḋ ḋó a Bpádan-Aram.

27 Agus táinic Iácob go nuige a aṫair Isaac go Mamre go caṫruiġ Arbah, (eaḋon Hébron) áit ar ċoṁnuiḋ Abraham agus Isaac.

28 Agus dob íad láeṫe Isaac céud agus ceiṫre fiċid blíaḋan.

29 Agus do ṫiomun Isáac a spiorad suas, agus fúair bás, agus do cruinniġeaḋ ċum a ḋaóine é, ar mbeiṫ foirfe lán dáois dó: agus do aḋlaiceadur a ċlann Esau agus Iácob é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan