Genesis 34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXIV. Dó Truailliġeaḋ Dínah. 13 Caiṫfid mic Iácob le ceilg súd do ḋíoġlaḋ ar aitreoiriḋ Ṡéċem. 1 Agus do ċuáiḋ Dinah inġean Léah, noċ rug sí do Iácob, amaċ dféaċuin inġeana na tíre. 2 Agus a nuáir do ċonnairc Seċem ṁac Hámor an Hiḃiteaċ, prionnsa na críċe í, do rug sé uirre, agus do luiġ sé lé, agus do ṫruáilliġ sé í. 3 Agus do ḃí a anam ceangailte do Ḋínah inġean Iácob, agus do gráḋuiġ sé í, agus do laḃair go cinealta ris an gcailín. 4 Agus do laḃair Seċem ré na aṫair Hámor, ag ráḋ, Faġ ḋaṁsa an cailínsi na mnaói. 5 Agus do ċualuiḋ Iácob gur ṫruailliġ sé a inġean Dínah: a nois do ḃádur a ċlann san ṁaċaire ag a nairnéis: agus do ṫoċd Iácob nó go ttáinic síad. 6 Agus do ċúáiḋ Hámor aṫair Ṡeċem amaċ do ċoṁráḋ ré Iácob. 7 Agus tangadur mic Iácob ón ṁaċ amuiġ a nuáir do ċualadur sin: agus do ġlac doilġios íad, agus do ḃádur na fir ro ḟeargaċ, fa go ndéarna sé leiṁe a naġaiḋ Israel tré luiġe lé hinġin Iácob; ní nar ḋliġṫeaċ do ḋeanaṁ. 8 Agus do rinne Hámor coṁráḋ ríu, agus a duḃairt, Atá anam mo ṁic Seċem lán dfonn hinġine: aṫċuinġim ort a taḃairt dó na mnaói. 9 Agus déanuiḋsi cleaṁnuis rinne, agus tugaiḋ ḃur ninġeana ḋúinn, agus glacuiḋ ar ninġeana ċuguiḃ. 10 Agus áiteoċṫáoi nar ḃfoċair: agus biáiḋ an talaṁ ar ḃar gcuinne: coṁnuiġiḋ agus malairtiġiḋ ann, agus faġaiḋ sealḃa ḋíḃ féin ann. 11 Agus a duḃairt Seċem ré na haṫair agus ré na dearḃráiṫriḃ, Faġuim grása an ḃur raḋarc, agus giḋ bé ní déarṫáoi riom do ḃéar uáim é. 12 Ni ḃfuil dá ṁéid croḋ nó tioḋlaiceaḋ íarrfuiḋe oram, naċ ttiuḃra me uáim do réir mar a déarṫaoi riom: aċ go ttugṫaoi an cailín daṁ na mnaói. 13 Agus do ḟréagradur mic Iácob Seċem agus a aṫair Hámor go cealgaċ, ag raḋ, Do ċionn gur ṫrúailliġ sé a ndeirḃṡiur Dínah: 14 Agus a duḃradur ríu, Ní ḟéadmáoidne an ní si a ḋéanaṁ, ar nderḃṡíur do ṫaḃairt do neaċ naċ ḃfuil timċillġéarrṫa; óir do buḋ masla ḋúinn sin. 15 Aċ áontoċam ḋiḃ mar so: má ḃiṫísi mar a támáoidne, gaċ énḟirionaċ aguiḃ do ḃeiṫ timċillġéarrṫa; 16 Ann sin do ḃéuram ar ninġeana ḋáoiḃ, agus géuḃam ḃur ninġeana ċuguinn, agus coiṁneoċam maille riḃ, agus bíam ar néunṗobal. 17 Aċ muna éistí rinn fa ḃeiṫ timċillġeárṫa; ann sin béuram ar ninġean linn, agus imeoċam roṁuinn. 18 Agus do ṫaitin a mbríaṫra le Hámor agus le Seċem, mac Hámor. 19 Agus níor ċuir an tóganaċ maill san ní do ḋéunaṁ, do ċionn go raiḃ dúil aige a ninġin Iácob; agus do buḋ ro onóruiġe é ná tiġ aṫar uile: 20 Agus táinic Hámor agus Seċem a ṁac go geata a ccaiṫreaċ, agus do laḃradar re muinntir na caiṫreaċ, ag ráḋ, 21 Atáid na dáoinesi síoṫċánta rinn; uimesin áitriġidís an talaṁ, agus déindís malairt ann; óir féaċuiḋ, atá an fearann fairsiong go lór ḋóiḃ; glacam a ninġeana na mnáiḃ ċuguinn, agus tugam ar ninġeana na mnaiḃ ḋóiḃsion. 22 Aċ aṁaín gurob mar so áontoċuid na daoine linn, coṁnuiġe do ḋéanaṁ ar ḃfoċair go mbemís ar néanṗobal; gaċ áon ḟirionnaċ aguinn do ḃeiṫ timċillġéarrṫa, mar a táidsion timċillġéarrṫá. 23 Naċ buḋ linne a náirneís, a máoin, agus gaċ ainṁiḋe da mbí aca? aċd aṁáin tigiom léo, agus áitreoċuid aguinn. 24 Agus do áontuiġ a ndeaċuiġ amaċ as geata a gcaiṫreaċ lé Hámor, agus lé Seċem: agus do tímċillġearraḋ gaċ éinḟear, an ṁéid do ċuáiḋ amáċ as geata a gcaiṫreaċ. 25 Agus tárla an treas lá a núair do ḃádur neiṁneaċ, gur ġlacadar días ṁac Iacob, Simeon agus Léḃi dearḃráiṫre Ḋínah, gaċ áon aca a ċloiḋeaṁ, agus tangadar ar an gcaṫruiġ go dána, agus do ṁarḃadur na fir uile. 26 Agus do ṁarḃadur Hámor, agus Seċem a ṁac le fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus tugadar Dínah as tiġ Ṡeċem, agus do ċúadur a maċ. 27 Tangadur clann Jácob ar a nár, agus do ċreaċadar an ċaṫair, do ċionn gur ṫruáilliġeadur a ndeirḃṡíur. 28 Do ṫógḃadur a gcaóiriġ, agus a ndaiṁ, agus a nassail, agus an ṁéid do ḃí sa ccaṫruiġ, agus an ṁéid do ḃí ar an maċaire léo, 29 Agus a saiḋḃrios uile agus a nóga uile, agus a mná rugadar léo a láiṁ, agus do airgeadur go léir a raiḃ annsa tiġ. 30 Agus a duḃairt Iácob ré Símeon, agus ré Léḃi, Do ċuireaḃair buáiḋreaḋ orum, mo ḋéanaṁ bréun a measg aitreaḃaḋ na tíre, a measg na Ccanaaniteaċ, agus a measc na Bperisiteaċ: agus gan mé aċ beagán a nuiṁir, cruinneoċuid íad féin uile am aġuiḋ, agus muirfid mé; agus sgriosfuiġer mé féin agus mo ṫiġ. 31 Agus a duḃradur san, Nar ċóir ḋósan a ḋéanaṁ ré ar ndeirḃṡiairne mar do ḋéanaḋ sé ré meirdriġ? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society