Genesis 33 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXIII. Ḋearnadar Iácob agus Esau réiteaḋ. 18 Táinig Iacob go Salem, agus do ċeannaiċ maċair annsin. 1 Agus do ṫóg Iácob a ṡúile súas, agus daṁairc se, agus féuċ do ṫáinic Esau agus ceiṫre ċéad fear leis. Agus do roinn sé an ċlann do Léah, agus do Ráċel, agus don dá ċuṁal. 2 Agus do ċuir sé na cuṁail agus a cclann a ttosaċ, agus Léah agus a clann na ndiáiġ, agus Raċel agus Ióseṗ fá ḋeireaḋ. 3 Agus do ġluáis anonn rompa, agus do ċláon é féin go talaṁ seaċd nuáire, nó go ttáinig a ḃfogus dá ḋearḃraṫair. 4 Agus do riṫ Esau na ċoinne, agus do ṫeann ris é, agus do luiḋ ar a ṁuinéul, agus do ṗóg é: agus do ġuileadur. 5 Agus do ṫóg se súas a ṡúile, agus do ċonnairc na mná agus an ċlann; agus a duḃairt, Cía híad súd agud? agus a duḃairt seision, An ċlann tug Día go grásaṁuil dod ṡeirḃíseaċ. 6 Ann sin tangadur na cuṁail, agus a cclann a ḃfogus, agus do cláonadur íad féin. 7 Agus ṫáinic Léah mar an gcéadna gon a cloinn a ḃfogus, agus do ċláonadur íad féin: agus fá ḋeireaḋ ṫáinic Ióseṗ agus Ráċel a ḃfogus, agus do ċláonadar íad féin. 8 Agus a duḃairt sé, Créad as cíall duit ris a nealḃasa uile ṫárla rium? agus a duḃairt seision, Dfaġáil grás a raḋarc mo ṫiġearna. 9 Agus a duḃairt Esau, Atá go lór agamsa a ḋearḃraṫair; bíoḋ an ní as leaċd agad féin. 10 Agus a duḃairt Iácob, Ní heaḋ, guiḋim ṫú, má fuáir mé a nois grása ad raḋarc, ann sin glac mo ḃronntanas as mo láiṁ: oir is uime sin do ċonnairc mé do ġnuis aṁuil mar do ċífinn gnúis Dé, gus do ṫaitin mé riot. 11 Guiḋim ṫú, glac mo ḃeannuġaḋ, tugaḋ ċugad; do ċionn go raiḃ Día go grásaṁuil riom, agus do ċionn go ḃfuil go lór agam. Agus do ṡárúiḋ air, agus do ġaḃ sé an tioḋlaiceaḋ. 12 Agus a duḃairt seision, Glúaisiom ann ar sliġe, agus imṫiġiom, agus raċuiḋ misi roṁad. 13 Agus a duḃairt seision ris, Ata a ḟios ag mo ṫiġearna go ḃfuilid na leiniṁ máoṫ, agus na tréada agus na sealḃaḋa ré hóga agamsa: agus má ṫiomáinid daóine go hiomarcaċ íad a néanló, ġeaḃuiḋ an tréad uile bás. 14 Eirġioḋ mo ṫiġearna, íarruim ort, ṫairis anonn roiṁe a ṡerḃíseaċ: agus leanfa misi ṫú go socair, réir mar ḟéadfuid a nairnéis ḃías roṁam agus an ċlann ḟulang, nó go ttí mé go núiġ mo ṫiġearna go Seir. 15 Agus a duḃairt Esau, Léig ḋaṁsa a nois cuid don ṁuínntir atá am ḟoċair dfágḃáil agad. Agus a duḃairt seision, Cionnus rioċṫara leas? faġaim a nois grása a raḋarc mo ṫiġearna. 16 Marsin do ḟill Esau ann lá sin féin ann a ṡliġe go Seir. 17 Agus do ġluáis Iácob go Succot, agus do rinne tiġ ḋó féin, agus do rinne máinreaċa ḋá áirnéis: uimesin goirṫear Succot dainm do náit. 18 Agus táinic Iácob go Sálem, caṫair Ṡeċem, noċ atá a ttír Cánaain, a nuáir ṫáínic sé ó Ṗádan-Aram; agus do ṡuiḋiḋ a ṗubuil as ċoinne na caiṫreaċ. 19 Agus do ċeannuiġ sé cuid do ṁaċaire, áit ar leaṫnuiġ sé a ṗubail, as láiṁ ċloinne Hámor, aṫair Ṡeċem ar ċéad píosa airgid. 20 Agus do ċuir altoir súas annsin, agus do ġoir sé ḋi El-elohe-Israel. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society