Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Genesis 32 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXII. Tárladar aingle dé ar Iácob. 9 Do Iarr sé ar Ḋía a ċoiṁeud oná ḃráṫar Esau. 24 Ġleac sé re Aingil.

1 Agus do imṫiġ Iacob roiṁe na ṡliġe, agus tárla aingle Dé ris.

2 Agus a nuáir do ċonnairc Iacob íad, a duḃairt sé, A sé so slúaġ Dé: agus do ġoir sé dainm do náit sin Mahanaim.

3 Agus do ċuir Iacob teaċda roiṁe, go Hésan a ḋearḃraṫair go fearann Seir, eaḋon talaṁ Edom.

4 Agus do aiṫin sé ḋioḃ, ag ráḋ, Mar so a déarṫáoi rem ṫiġearna Esau: a deir do ṡeirḃiseaċ Iácob mar so: do ċoṁnuiġe mé a ḃfoċair Lábáin, agus do ḟan mé aige ann sin go ttí a nois.

5 Agus atáid daiṁ agus assail agam, tréada agus seirḃísiġ fear agus seirḃisiġ ban: agus do ċuir mé teaċda uáim dá innisin dom ṫiġearna, ionnus go ḃfaġa mé grása ad raḋarc.

6 Agus do ḟilleadar na teaċda go Iacob, ag ráḋ, Tangamairne go nuige do ḋearḃráṫair Esau, agus atá seision ag teaċd mar an gcéudna do ṫeagṁáil ort, agus ceiṫre ċéud fear leis.

7 An sin do ḃí Iácob lán deagla agus danḃuáin: agus do roinn sé na dáoine do ḃí aige, agus na tréada, agus na sealḃa, agus na cáṁuill a ndá ċuideaċduin.

8 Agus a duḃairt, Má ṫig Esau cum cuideaċda ḋíoḃ, agus go mbuáilfiḋ íad, ann sin raċuid an ċuideaċda ḟuigfiḋear as uaḋ.

9 Agus a duḃairt Iácob, A Ḋé máṫar Abraham, agus a Ḋé máṫar Isaac, an TIĠEARNA noċ a duḃairt rium, Fill ċum do ṫíre féin agus ċum do ġáoil, agus do ġeaḃṫar misi go maiṫ ort.

10 Ní fiú mé an ċuid as lúġa dot ṫrócaire, agus do nfírinne noċ do ṫaisbéin tú dod óglaċ: óir lem ḃata ṫáinig mé tar an iordáinse; agus a nois atáim ḋá ḃanna.

11 Sáor mé, iarrum ort, ó láiṁ mo ḋearḃraṫar, ó láiṁ Esau: óir atá eagla agus roiṁe, dfaitċios go ttiocfaḋ, agus go mbuáilfeaḋ mé, agus an ṁaṫair maille ris an ccloinn.

12 Agus a duḃairt tusa, Go deiṁin do ḋéuna mé maiṫ ḋuit, agus do ḋéuna mé do ṡíol mar ġaineaṁ na fáirge naċ féidir áireaṁ ar a iomadaṁlaċd.

13 Agus do ḟosuiḋ se ann sin a noiḋċe sin féin; agus do ḃean sé as an ní ráinic ċum a láiṁe, bronntanus ré ṫaḃairt dá ḋearḃraṫair Esau.

14 Ḋá ċéad gaḃar baineánn, agus fiṫċe poc, ḋá ċéad cáora ḃainean, agus fiṫċe reiṫe.

15 Tríoċad ċáṁall bainneann goná mbromċuiḃ, ceaṫraċad bó, agus deiċ ttairḃ, fiṫċe assal baineann, agus deiċ searruiġ.

16 Agus do ṡeáċuiḋ se íad a láṁuiḃ a ṡerbíseaċ, i gaċ éntsealḃ ar leiṫ, agus a duḃairt ré na ṡerḃíseaċuiḃ; Gluáisiġ ṫairis a nonn roṁamsa, agus cuiriġ spás eidir gaċ dá ṡeilḃ.

17 Agus do aiṫin don ċéad luċd, dá ráḋ, A nuáir ṫeigeóṁas mo ḋearḃraṫair Esau riot, agus ḟíafroċus díot, ag ráḋ, Cía léar leis ṫu? agus cáit a raċa tú? agus cía lear leis íad so roṁad?

18 Ann sin a déura tusa, Is lé do ṡerḃíseaċ Iácob íad so; is tioḋlaiceaḋ é do cuireaḋ ċum mo ṫiġearna Esau; agus féuċ, atá sé féin mar an gcéadna ar ndíaiġ.

19 Agus is mar sin do aiṫin sé don dara, agus don treas luċd, agus don méid do lean na sealḃa, ag ráḋ, Ar an moḋ so laiḃéorṫaoi ré Hésau a nuáir go ġeaḃṫaói é.

20 Agus abruiḋsi ós a ċionn sin, Féuċ, atá do ṡerḃíseaċ Iácob ar ndíaiġ. Oir a duḃairt, Ceinnseoċuiḋ mé é leis an mbronntanas raċas roṁam, agus na ḋiáiġ sin do ċífe mé a ġnúis; do bféidir go ngéuḃaḋ sé mo ġnúis ċuige.

21 Mar sin do ċuáiḋ an preasánta anonn roiṁe, agus do ċoṁnuiḋ sé fein a noiḋċesin ann sa ċuideaċduin.

22 Agus do éiriġ sé súas a noiḋċe sin, agus do ġlac sé a ḋías ban, agus a ḋá ċuṁal, agus a éanṁac déag, agus do ċuáiḋ sé tar áṫ Iabboc a nunn.

23 Agus do rug sé orra, agus do ċuir tar an aḃuinn a nunn íad, agus do ċuir ṫairis anunn a raiḃ aige.

24 Agus do fágḃaḋ Iácob na áonar; agus do ḃí duine ag gleic ris no go ttáinig éirġe na maidne.

25 Agus a nuáir do ċonnairc sé naċ deaċuiḋ aige air, do ḃean sé re log a laġairce, agus do ḃí log laġairce Iácob as alt, mar do ḃí agsbáirn ris.

26 Agus a duḃairt sé, Léig ḋaṁ imṫeaċd, óir ata an lá ag éirġe: agus a duḃairt seision, Ní léigfe mé ḋuit imṫeaċd nó go mbeannuiġe tú mé.

27 Agus a duḃairt seision ris, Cá hainm ṫu? Agus a duḃairt seision, Iácob.

28 Agus do ráiḋ seision, Ní goirfear Iácob ḋíot feasda mar ainm, aċ Israel: óir atá cuṁaċda agad mar ṗrionnsa ré Día, agus ré daóiniḃ agus do rug tú buáiḋ.

29 Agus do ḟíafruiġ Iácob ḋe, agus a duḃairt ris, Guiḋim ṫú, innis daṁ hainm. Agus do raíḋ seision, Cread an faṫ fá ḃfiafruiġionn tú maimn? Agus do ḃeannuiġ sé ann sin é.

30 Agus dó ġoir Iácob Peniel dainm do náit sin; óir do ċonnairc mé Día aġuiḋ ar aġuiḋ agus do saḃalaḋ mo ḃeaṫa.

31 Agus mar do ċuáiḋ a nunn tar Ṗenuel, do éiriġ an grían air, agus do ḃí sé bácaċ ann a laḋairg.

32 Uime sin naċ iṫid clanna Israel gus a níuġ don ḟeíċ do ċrap, noċ ḃios á log na laḋairge: do ċionn gur ḃean sé ré log na laḋairge ag Iácob ann sa ḃféiċ do ċrup.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan