Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Genesis 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III. Peacaḋ an dúine. 15 Agús géallaḋ ċoṁfúasglaḋ Dé ṫrid ṡíl na mná.

1 Anois do ḃí a naṫair niṁe ní buḋ cealguiḋe ná áoin ḃeiṫeaċ san ṁaċaire dá ndéarna an TIĠEARNA Día. Agus a duḃairt sí ris an ṁnáoi, A neaḋ, a nduḃairt Día, Ní iostáoi dá gaċ áon ċrann sa ngáirdín?

2 Agus a duḃairt an ḃean ris an aṫair niṁe, Féadmáoid iṫċe do ṫoraḋ ċrann an ġáirdín:

3 Aċd do ṫoraḋ an ċroinn atá a lar an ġáirdín, a duḃairt Día, Ní íosa siḃ ḋé súd, agus ní ḃeanfaiḋ ris, deagla go ḃfuiġeaḋ siḃ bás.

4 Agus a duḃairt a naṫair niṁe ris an mnáoi, Ní ḃfuiġṫí bás go deiḃin.

5 Oír atá a ḟios ag Día ann sa ló a níostáoi ḋe sin, go ḃfoisceóltar ḃur súile, agus go mbeiṫí mar Ḋée, fios maiṫeasa agus uilc aguiḃ.

6 Agus a nuáir do ċonnairc an ḃean go raiḃ an ċroinn maiṫ ċum bíḋ, agus go raiḃ taitneaṁaċ leis na súiliḃ, agus na ċrann iondúileaṁla ċum áoin do ḋéunaṁ eagnuiḋe, do ġlac sí ḋá ṫoraḋ, agus do iṫ sí, agus tug mar an ccéudna dá fear maille ría; agus do iṫ sé.

7 Agus do hosglaḋ a súile aráon, agus do aiṫniodar go raḃadar lomnoċd; agus do ḟuáiḋeadar duilleaḋa fíge ḋá ċéile, agus do rinneadar aprúin dóiḃ féin.

8 Agus do ċúaladar guṫ an TIĠEARNA Dé ag spaisdeóireaċd ann sa ngáirdín a ḃfuarḋaċd an láoi: agus dfoluiġ Aḋaṁ agus a ḃean íad féin ó ḟiaḋnuisi an TIĠEARNA Dé a measg ċrann an ġáirdín.

9 Agus do ġoir an TIĠEARNA Día ar Aḋaṁ, agus a duḃairt ris, Cáit a ḃfuil tú?

10 Agus a duḃairt seision, Do ċúala mé do ġuṫ annsa ngáirdín, agus do ḃí eagla orm, do ċionn go raiḃ mé noċd uiġe; agus do ḟoluiġ mé mé féin,

11 Agus do raiḋ seision, Cia dinnis duit go raiḃ tú noċduiġe? Ar iṫ tú don ċrann, do aiṫin misi ḋiot naċ íostá ḋe?

12 Agus a duḃairt an fear, An ḃean tug tusa ḋaṁ ċum beiṫ am ḟoċair, tug sí ḋaṁ do an ċroinn, agus diṫ mé.

13 Agus a duḃairt an TIĠEARNA Día ris an mnáoi, Creud é so do rinne tú? agus a duḃairt an ḃean, Do ṁeall a naṫair niṁe mé, agus do iṫ mé.

14 Agus a duḃairt an TIĠEARNA Día ris a naṫair niṁe, Do ḃriġ go ndéarna tú so, atá tú malluiġe ós an uile áirneis, agus ós gaċ uile ainṁiḋe an ṁaċaire: ar do ḃolg ṡiuḃólus tú, agus luaiṫreaḋ íosas tú ar feaḋ uile laéṫe do ḃeaṫa;

15 Agus cuirfe misi náṁadus eadrad agus an ḃean, agus eidir do ṡíol agus a síolsa; brúiġfiḋ sé do ċeannsa, agus brúiġfiḋ tusa a ṡálsan.

16 A duḃairt sé ris an mnáoi, Méideóċa mé go mór do ḋoilġios agus do ṫoirrċiuġaḋ; a ndoilġeas ḃeuras tú clann: agus dot ḟior ḃias ṫfonn, agus do ḋéuna sé uaċtarántaċd ort.

17 Agus a duḃairt sé ré Haḋaṁ, Do ḃriġ go ttug tú éisdeaċd do ġuṫ do ṁná, agus gur iṫ tú don ċrann, ar aiṫin misi ḋíot, dá ráḋ, Ní íosa tú ḋe; atá an talaṁ mallaiġe ar do ṡon; a ndoilġios íosas tú ḋe ar feaḋ uile laéṫe do ḃeaṫa;

18 Droiġneaċ fós agus foġḃannáin do ḃéura sé ḋuit; agus íosa tú luiḃ na talṁan;

19 A nallus haiġṫe íosas tú arán, no go ḃfilliġ tú ċum na talṁan; óir is aisde do beanaḋ ṫú; óir as luaiṫreaḋ ṫú, agus ċum luáiṫriḋ ḟillfíos tú.

20 Agus do ġoir Aḋaṁ Euḃa ḋá ṁnáoi; do ḃríġ gurab í maṫair an uile ḃéo í.

21 Do Aḋaṁ mar an ccéudna agus do ṁnáoi do rinne an TIĠEARNA Día cótuiḋe croicinn, agus do éuduiġ sé íad.

22 Agus a duḃairt an TIĠEARNA Día, Féuċ, atá an duine ar na ḋéunaṁ mar áon aguinn féin, dfios maiṫeasa agus uilc: agus a nois, deagla go ccuirfeaḋ a láṁ amaċ, agus go nglacfaḋ fós do ċrann na beaṫa, agus go níosfaḋ, agus go mairfeaḋ go bráṫ:

23 Ar a naḋḃur sin do ċuir an TIĠEARNA Dia amaċ as gáirdín Eden é, do ṡáoṫruġaḋ an talaiṁ as ar tugaḋ é.

24 Mar sin do ṫiomáin sé an duine amaċ, agus do ċuir sé ag an ccuid ṡoir do ġairdin Eden Ċerubíniġ agus cloiḋeaṁ lasarḋa, noċ do iompoiġeaḋ ann gaċ uile táoḃ, do ċoiṁéud sliġe ċroinn na beaṫa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan