Genesis 28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXVIII. Cuairt Iácob a Mesopotamia. 12 Ṫaisbein Día dreímre neaṁḋa ḋó. 13 Agus ḋearḃ ḋó a ġeallaṁna. 1 Agus do ġoir Isaac, Iácob, agus do ḃeannuiġ é, agus do aiṫin de, agus a duḃairt ris; ní ṫiuḃra tú bean dinġeanuiḃ Ċánaain. 2 Eiriġ, imṫiġ súas go Pádan Aram, go tiġ Ḃétuel aṫair do ṁaṫar, agus gaḃ ċugad bean as sin dinġeanuiḃ Lábain dearḃraṫair do ṁaṫar, 3 Agus go mbeannuiġe Día uile ċuṁaċdaċ ṫú, agus go ndearna siólṁur ṫú, agus go ḃfoirlíonuiġ ṫú, go ṁic tú ad iomad dáoine. 4 Agus go ttuga sé ḋuit beannaċd Abraham, duit féin, agus dot ṡiól maille riot; go ngaḃa tú oiġreaċd na dúṫaiġ ann a ḃfuil tú ad ċoiṁiġṫeaḋ noċ tug Día do Abraham. 5 Agus de ċuir Isaac, Iacob ar siuḃal, agus dimiġ sé go Pádan-Aram, go Lában ṁac Bétuel an Sírianaċ, dearḃraṫair Rebecah, maṫair Iácob, agus Esau. 6 A núair do ċonnairc Esau gur ḃeannuiġ Isaac, Iacob, agus gur ċuir ar siuḃal é go Pádan-Aram, do ṫaḃairt mná as sin; agus aṁuil do ḃeannuiġ é, go ttug aiṫne ḋó, ag ráḋ, Ní ṫiuḃra tú bean dinġeanuiḃ Ċánaain; 7 Agus gur uṁluiġ Iacob do aṫair, agus dá ṁaṫair, agus go ndeaċuiḋ go Pádan-Aram, 8 Agus mar do ċonnairc Esau nár ṫaitin inġeana Ċánaain ré na aṫair Isaac; 9 Ann sin do ċuaiḋ Esau ċum Ismael, agus tug a ccionn na mban do ḃí aige, Mahálah inġean Ismáel, ṁic Abraham, derḃṡíur Nebaiot, dá beiṫ na mnaói aige. 10 Agus do ċuáiḋ Iacob a maċ as Beerséba, agus do ġluáis go Háran. 11 Agus do ṫuirling ar ionad áiriġe, agus do ḟan ann feaḋ na hoiḋċe, mar do ċuáiḋ an ġrían faói: agus do ġlac cuid do ċloċuiḃ na háite, agus do ċuir íad mar a ċeannaḋairt, agus do luiġ síos sa náitsin do ċodlaḋ. 12 Agus do ċonnairc aisling, agus féuċ dréimre ar na ċur súas ar an talaṁ, agus ráinic a ḃárr go flaiṫeaṁnus: agus féuċ, aingil Dé ag dul suas agus ag teaċd a nṡúas ann. 13 Agus féuċ, do ṡeas an TIĠEARNA ós a ċionn, agus a duḃairt, As misi an TIĠEARNA Día Abraham haṫair, agus Día Isaac: an fearann ar a ḃfuil tú ad luiġe, do ḃéura mé ḋuitsi é, agus dot ṡlioċd. 14 Agus biáiḋ do ṡíol mar ġaineaṁ na talṁan; agus leiṫneaċuiḋ tú amaċ síar agus soir, buḋ ṫuaiḋ agus buḋ ḋeas; agus buḋ ionnad sa, agus ann do ṡíol ḃéid muinntir na talṁan uile beannuiġe. 15 Agus féuċ, ataimsí maille riot, agus cuiṁdeóċuiḋ mé ṫú ann gaċ uile ḃall a ngéuḃa tú, agus do ḃéura mé a rís don tírsi ṫú: oir ní ḟágfaiḋ mé ṫú, nó go ndéarna mé an ní do laḃair mé riot. 16 Agus do ṁúsguil Iácob as aċodlaḋ, agus a duḃairt, Go deiṁin atá an TIĠEARNA sa náitsi; agus ní raiḃ a ḟios agamsa. 17 Agus do ḃí eagla air, agus a duḃairt, Cread é úaṁnuiġe na háitesi! ní háit ar biṫ so aċ tiġ Dé, agus a se so geata ḟlaiṫeaṁnuis. 18 Agus do éiriġ Iácob go moċ ar maidin, agus do ṫóg an ċloċ do ċuirsé mar aḋairt, agus do ċuair súas í mar ṗiléir, agus do ḋóirt ola ar a mullaċ. 19 Agus do ġoir Létel dainm do náitsin; aċ Lus bá hainm don ċaṫair sin ar ttus. 20 Agus tug Iácob móid, ag ráḋ, Má ḃíonn Día liom, agus go ccuiṁdeaċa mé san turus a ḃfuilim ag dul, agus go ttiuḃra ḋaṁ arán ré a iṫe, agus eádaċ re ċur umum, 21 Ionnus go ttiucfaiḋ mé a rís go tiġ máṫar a síoṫċáin; annsin biaiḋ an TIĠEARNA na Ḋia agam: 22 Agus an ċloċsa, do ċuir mé mar ṗiléir, biaiḋ na ṫiġ Dé: agus do nuile ní dá ttiuḃra tú ḋaṁ do ḃéura misi go dearḃṫa a ḋeaċṁaḋ ḋuitsi. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society