Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Genesis 23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIII. Aois agus bás Ṡárah. 19 Ionad a haḋlaicṫe.

1 Agus do ḃí Sárah céud agus seaċd mbliaḋna fiċiod dáois; boḋ hiad so bliaḋna ḃeaṫa Ṡárah.

2 Agus fuáir Sárah bás a Cciriat-arba; a se sin Hebron a ttír Ċanaáin: agus táinig Abraham do ḋéunaṁ doilġis fa Ṡárah, agus do ġul tríṫe.

3 Agus do ṡeas Abraham súas ó laṫair a ṁairḃ, agus do laḃair ré macuiḃ Het, ḋá ráḋ,

4 Atáimsi am ċoiṁiġṫeaċ agus am ḟior cnarta aguiḃse: tugaiḋ ḋaṁ áit aḋluice aguiḃ, go naḋlacuinn mo ṁairḃ as mo raḋarc.

5 Agus do ḟreagrádar clann Hét Abraham, ag ráḋ ris,

6 Eísd rinne a ṫiġearna: a táoisi ad ṗrionnsa ċuṁaċdaċ eadruinne, cuir do ṁairḃ an do roġa róiṁ aḋlaice dá ḃfuil aguinn: ní ċoinneoċuiḋ áonduine aguinn a ṫúma uáit.

7 Agus do ṡeas Abraham suas, agus do uṁluiḋ sé é féin do ṁuinntir na tíre, eaḋon do ċloinn Hét.

8 Agus do laḃair sé ríu, ag raḋ, Má sí ḃur ninntinn go naḋlacuinn mo ṁairḃ as mo raḋarc; éistiġ rium, agus laḃruiḋ ar mo ṡon re Heṗron mac Sohar,

9 Go ttugaḋ sé ḋaṁ uáiṁ Ṁaċpelah, noċ atá aige, atá a ndeireaḋ a ṁaċaire; ar iomlán a nairgid as fíu é do ḃéura se ḋaṁ é, mar ṡeilḃ áite aḋlaice eadruiḃsi.

10 Agus do ḃí Eṗron na ċoṁnuiḋe a measg ċloinne Hét: agus do ḟreaguir Eṗron an Hititeaċ Abraham a neisdeaċd ċloinne Héṫ, eaḋon gaċ áoin dá ndeaċuiḋ a steaċ a ngeataḋuiḃ a ċaiṫreaċ, dá ráḋ.

11 Ní heaḋ, a ṫiġearna, éisd riumsa: an maġ do ḃeirim ḋuit, agus a nuáiṁ atá ann, do ḃeirim ḋuit é; a laṫair ċloinne mo ḋáoine ḃeirim ḋuit é: aḋluic do ṁairḃ.

12 Agus do uṁluiġ Abraham é féin síos a laṫair luċd na tíre.

13 Agus do laḃair ré Héṗron a néisteaċd ṗobuil na tíre, ag ráḋ, Aċ má ḃeir tusa uait é, íarruim ort, éisd riumsa: do ḃéura misi airgead duit ar an maġ; glac uáim é, agus aḋlaicfiḋ mé mo ṁairḃ ann.

14 Agus do ḟreagair Eṗron Abraham, ag ráḋ ris.

15 A ṫiġearna, éist riumsa: as fíu an fearann ceiṫre ċéud secel airgid; créad é sin eadrumsa agus tusa? uime sin aḋluic do ṁairḃ.

16 Agus tug Abraham airé Déṗron; agus do ṁeaḋuiġ Abraham an tairgead Déṗron, fá mar dainmniḋ sé a néisteaċd ṁac Hét, ceiṫre ċéad secel airgid, ċorónta ag an cceannuiġe.

17 Agus maġ Eṗroin, noċ do ḃí a Maċpelah, as coṁair Ṁamre, an maġ, agus a nuaiṁ do ḃí ann sin, agus a nuile ċrann do ḃí san ṁaċaire, noċ do ḃí ann sna teórannuiḃ fá ccuairt, do rinneaḋ daingean íad

18 Dabraham mar ṡeilḃ a laṫair ċloinne Hét, as coinne a ndeaċuiḋ a steaċ a ngeataḋuiḃ a ċaiṫreaċ.

19 Agus na ḋiáiġ so, do aḋluic Abraham Sárah a ḃean a nuáiṁ ṁuiġe Ṁaċpelah láiṁ re Mamre: a sé sin Hébron a ttír Ċánaain.

20 Agus an maġ, agus a nuaiṁ atá ann, do rinneaḋ daingean íad Dabraham mar ṡeilḃ áite aḋluicṫe o ṁacuiḃ Hét.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan