Genesis 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXII. Orduġaḋ a dtimċeall Isaac a Ioḋbraḋ. 3 Uṁlaċd Abraham. 13 Saoraḋ Isaac. 1 Agus tárla a ndíaiġ na neiṫeannso gur ṫeasduiġ Día Abraham, agus go nduḃairt ris, A Abrahaim: agus a duḃairt seision, Féuċ, mé annso. 2 Agus a duḃairt seision, Glac annois do ṁac háonṁac aṁáin, Isaac, ar a ḃfuil gráḋ agad, agus eiriġ go criċ Ṁóriah; agus Ioḋbuir ann sin é mar offráil loisge air áon do na sléiḃtiḃ inneósus misi ḋuit. 3 Agus do éiriġ Abraham go moċ ar maidin, agus do uġmuiḋ a asal, agus rug días dá óganaċuiḃ leís, agus a ṁac Isaac, agus do scoilt an connaḋ don offráil loisge, agus do éiriġ súas, agus do ċuáiḋ gus a náit a duḃairt Día ris. 4 An sin ar an treas lá do ṫóg Abraham a ṡuile súas, agus do ċonnairc a náit a ḃfad uaḋ. 5 Agus a duḃairt Abraham ré na óganaċuiḃ, Fanuiḋsi annso a ḃfoċair a násail; agus raċaiḋ misí agus an leanaṁ ann sud agus do ḋéanam aḋraḋ, agus tiucfam ċuguiḃ a rís. 6 Agus do ġlac Abraham connaḋ na hoffrála loisge, agus do ċuir é ar muin a ṁic Isaac; agus do ġlac an teine na láiṁ, agus sgian; agus do ċúadur aráon le ċéile. 7 Agus do laḃair Isaac re na aṫair Abraham, agus a duḃairt, A aṫair: agus a duḃairt seision, Ag so mé, a ṁic. Agus a duḃairt seision, Féuċ ag so an teine agus an connaḋ: aċ cáit a ḃfuil an túan ċum na hofrála loisge? 8 Agus a duḃairt Abraham, A ṁic, do ġeaḃa Día úan dó féin ċum offrála loisge: do ċúadur mar sin aráon lé ċéile. 9 Agus tangadar gus a náit do innis Día ḋósan; agus do rinne Abraham altóir ann sin, agus do ċuir an connaḋ go deas, agus do ċeangail a ṁac Isaac, agus do leag ar a naltóir é ar úaċdar an ċonnuiġ. 10 Agus do ṡín Abraham a láṁ amaċ, agus do ġlac an sgían do ṁarḃaḋ a ṁic. 11 Agus do ġoir aingeal an TIĠEARNA air ó neaṁ, agus a duḃairt, A Abrahaim, A Abrahaim: agus a duḃairt seision, Ag so mé. 12 Agus a duḃairt sé, Ná beanaḋ do láṁ ris an leanaṁ, agus ná déun éinní ris: óir aiṫniġim a nóis go ḃfuil eagla Dé órt, ó nár ċonnuiṁ tú do ṁac, háonṁac aṁáin uáim. 13 Agus do ṫóg Abraham a ṡúile súas, agus daṁairc sé, agus féuċ, do ḃí táoḃ ṡíar ḋe reiṫe ceanguilte lé na aḋarcuiḃ ann a ttor: agus do ċuáiḋ Abraham agus do ġlac an reiṫe, agus do íoḋbuir é mar offrail loisge a náit a ṁic. 14 Agus do ġoir Abraham dainm do náitsin Iehoḃah-Iireh: mar a dearṫar gus a niuġ, a sliaḃ an TIĠEARNA do ċífiḋear é. 15 Agus do ġoir aingeal an TIĠEARNA ar Abraham an dara huair ó neaṁ, 16 Agus a duḃairt, Do ṁionnuiġ mé oram féin, arsa an TIĠEARNA, do ċionn go ndearna tú an ní si, agus nar ċoigil tú do ṁac, háonṁac aṁáin: 17 A mbeannuġaḋ go mbeannoċad ṫú, agus a méoduġaḋ go méideoċuiḋ mé do ṡíol aṁuil reulta niṁe, agus mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge; agus sealḃoċuid do ṡíol geataiḋe a náṁad. 18 Agus ann do ṡiolsa ḃeid a nuile ċineaḋ ar talaṁ beannuiġe; do ċionn gur uṁluiġ tú dom ġlór. 19 Mar sin do ḟill Abraham a ccionn a ógánaċ, agus do éirġeadur suas agus do ċúadar an néinḟeaċd go Beerséba; agus do ċoṁnuiḋ Abraham am Beerséba. 20 Agus tárla tar éis na neiṫeannso, gur hinniseaḋ Dabraham, ag ráḋ, Feuċ Milcah mur rug sí mar an gcéudna clann dod ḋearḃraṫair Nahor; 21 Hus a ċeidġin, agus Bus a ḋearḃraṫair, agus Cemuel aṫair Aram, 22 Agus Ċesed, agus Haso, agus Pildas, agus Iidlaṗ, agus Betuel. 23 Agus do ġein Betuel Rebecah, an toċdar so rug Milcah do Nahor dearḃraṫair Abraham. 24 Agus a leannán, dá ngoirṫi Reumah, rug si mar an ccéudna Tébah, agus Gaham, agus Tahas, agus Maccah. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society