Genesis 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXI. Geineaḋ Isaac ó Ṡarah. 4 A ṫimċillġearraḋ. 9 Teiṫeaṁ Hagar agús Ismael. 1 Agus táinig an TIĠEARNA dféuċuin Ṡárah mar a duḃairt sé, agus do rinne an TIĠEARNA do Ṡárah mar da laḃair sé. 2 Oír do ṫoirrċeaḋ Sárah, agus rug mac do Abraham na áois ḟoirfe, ann sa nam ċinnte dar laḃair Día ris. 3 Agus tug Abraham Isaac dainim air an mac rugaḋ ḋó, noċ rug Sárah ḋó. 4 Agus do ṫimċillġearr Abraham a ṁac Isaac ar mbeiṫ oċd lá dáois, fá mar daiṫin Día ḋe. 5 Agus do ḃí Abraham céud blíaġan dáois, a nuáir do rugaḋ a ṁac Isaac ḋó. 6 Agus a duḃairt Sárah, Ṫug Día orum gáire ḋéunaṁ, ionnus gaċ a ccluinn, go ndéunuid gaíre liom. 7 Agus a duḃairt si, Cía déuraḋ ré Habraham, go ttiuḃraḋ Sárah cíoċ do ċloinn? óir rug mé mac ḋó na áois ḟoirfe. 8 Agus do ḟás an leanaṁ, agus do hoileaḋ é: agus do rinne Abraham féusda mór an la céudna ar coisgeaḋ Isaac ó ċíċ. 9 Agus do ċonairc Sárah mac Hágar an Tégipteaċ, noċ do rug sí Dabraham, ag magaḋ. 10 Uime sin a duḃairt sí ré Hábraham, Teilg amaċ an ḃean ḋaorsa agus a mac: óir ní ḃiaiġ mac na mná dáoire sí na oiġre maille ré mo ṁacsa, eaḋon re Isaac. 11 Agus do ḃí an ní roḋoiliġ a súiliḃ Abraham ar son a ṁic. 12 Agus a duḃairt Día ré Hábraham, Ná bíoḋ sé na ḋoilġeas agad ar son a nogánuiġ, agus ar son do ṁná dáoire; sa nuile ní dá nduḃairt Sárah riot éisd ré na glór; óir is an Isaac goirfíḋear do ṡlioċd. 13 Agus mar an gceudna do ṁac na mná dáoire do ḋéuna misi cineaḋ, do ḃríġ gurab é do ṡíolsa é. 14 Agus do éiriġ Abraham súas go moċ ar maidin, agus do ġlac arán, agus buidél uisge, agus tug sin do Hágar, agus do ċuir ar a gualuinn é, agus an leanaṁ, agus do ċuir ar siuḃal í: agus do imṫiġ sí, agus do ḃi ar fud ḟásuiġ Ḃeerséba. 15 Agus do caiṫeaḋ an tuisge do ḃí san mbuidél, agus do ṫeilg si an leanaṁ fá áon do na toruiḃ. 16 Agus do imṫiġ, agus do ṡuiġ sios as a ċoinne, tamal maiṫ uaḋ, fa ṫuairim urċuir ṡoiġde: óir a duḃairt sí, Ná faicim bás an leiniṁ. Agus do ṡuiġ sí as a ċoinne anunn, agus ar ttógḃail a goṫa go hárd, do ġuil sí. 17 Agus do ċúaluiḋ Día guṫ an leiniṁ, agus do ġoir aingeal Dé ar Hágar ó neaṁ, agus a duḃairt ría, Créd ġoilleas ort a Hágar? ná bíoḋ eagla ort; óir do ċúaluiḋ Día guṫ an leiniṁ mar a ḃfuil sé. 18 Eiriġ, tóg suas an leanaṁ, agus connaiṁ ann do láiṁ é; oir do ḋéuna misi cineaḋ mór ḋe. 19 Agus do oscuil Día a súile, agus do ċonnairc sí tobar uisge; agus do imṫiġ, agus do líon an buidél do nuisge, agus tug deoċ don leanaṁ. 20 Agus do ḃí Día leis an leanaṁ; agus do ḟás sé, agus do ċoṁnuiġ san ḃfásaċ, agus do ḃí na boġadóir. 21 Agus do ċoṁnuiġ a ḃfásaċ Ṗaráin: agus tug a ṁaṫair bean ċuige ó ċríċ na Héigipte. 22 Agus tárla fa namsin, gur laḃradar Abimeleċ agus Ṗiċol príoṁċaiptín a ṡlúaġ ré Hábraham, ag raḋ, Ata Día leaċtsa sa nuile ní dá ndéun tú. 23 Annois ar a naḋḃarsin taḃair ḋamsa Día do ṁionnuiḃ naċ déuna tú bréag riom, ná ré mo ṁac, no ré mac mo ṁic: aċ do réir an ċinéil do rinne misi ort, go ndéuna tusa ḋaṁsa, agus don duṫaiḋ ann ar ḟan tú. 24 Agus a duḃairt Abraham, Do ḃéura mé mo ṁionna. 25 Agus tug Abraham aċṁusan Dabimileċ fá ṫobar uisge, do ḃean muinntir Abimileċ amaċ ar éigin. 26 Agus a duḃairt Abimeleċ, Ní ḟeidir misi cía rinne an ní si: níor innis tusa ḋaṁ, agus ní mó do ċúala mé é, aċd a niuġ. 27 Agus do ġlac Abraham cáoiriġ, agus daiṁ, agus tug Dabimeleċ íad; agus do rinneadar aráon ceangal. 28 Agus do ċuir Abraham seaċd nuain ḃoinonna don tréd ar leiṫ leó féin. 29 Agus a duḃairt Abimeleċ ré Habraham, Créud as cíall do na seaċd nuanuiḃ bainonnaso do ċuir tú ar leiṫ? 30 Agus a duḃairt seision, Oir na seaċd nuain ḃainonnso géoḃuiḋ tusa as mo láiṁse, ionnus go mbeid na ḃfiaḋnuisi agum, gur ṫoċuil mé an tobarso. 31 Uime sin do ġoir sé do nait sin Beerseba; do ċionn gurab ann tugadar aráon mionna. 32 Mar so do rinneadar cunnraḋ a Mbeerséba; ann sin do éiriġ Abimeleċ suas, agus Ṗiċol príoṁċaiptin a ṡlúaġ, agus do ḟilleadar go críċ na Ḃṗílistineaċ. 33 Agus do ċuir Abraham fás ċrann a Mbeerséba, agus do ġoir ann sin ar anim an TIĠEARNA, an Día bioṫḃúan. 34 Agus do ḟan Abraham a ccríċ na Ḃṗilistineaċ morán do laéṫiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society