Genesis 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVII. Ar claoċloḋ ainme Abram agus Ṡarai. 9 Orduiġṫear an Tímċillġearraḋ, agus 16 geallfar mac dAbraham tríd Ṡarah. 1 Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta. 2 Agus do ḋéuna mé mo ċunnraḋ eadrum agus tú, agus méideoċuiḋ mé ṫú go hanṁór. 3 Agus do ṫuit Abram ar aġúiḋ: agus do ċoṁráiḋ Día ris, dá ráḋ, 4 Ar mo ṡonsa, féuċ, atá mo ċunnraḋ riot, agus biáiḋ tú a taṫair ṁóráin ciniḋeaċ. 5 Agus ní Hábram ḃus ainm ort ó so amaċ, aċ buḋ é hainm Abraham; óir ad taṫair ṁoráin do ċiniḋeaċuiḃ do rinne mé ṫú. 6 Agus do ḋéuna mé ro ṫórṫaċ ṫú, agus do ḋéuna mé ciniḋeaċa ḋíot, agus tiocfaid ríġṫe asad amaċ. 7 Agus daingneoċuiḋ mé mo ċunnraḋ eadrum féin agus tú agus eadrum féin agus do ṡíol ad ḋiaiġ ann a ngeinealaċuiḃsin mar ċunnrad siorruiḋe, do ḃeiṫ am Ḋía ḋuitse, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ. 8 Agus do ḃéura mé ḋuitsi, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ an fearann ann a ḃfuil tu ar cuairt, tir Ċanaáin, uile, mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe; agus biaiḋ mé mar Ḋía aca. 9 A duḃairt Día ré Hábraham, Coiṁéudfuiḋ tú mo ċunnraḋ ar a naḋḃarsin, ṫú féin, agus do ṡíol ad ḋiáiġ ann a ngeinealaċuiḃ. 10 A sé so mo ċunnraḋ, noċ ċoṁallfuiḋiġ eadrumsa agus siḃse, agus do ṡíol ad ḋiaiġ; Gaċ uile ġein ṁic ḃur measg biaiḋ sé timċillġéarrṫa. 11 Agus timċillgearrfaid feóil ḃur réuṁċroicinn; agus biaiḋ sin mar ċoṁarṫa an ċunnarṫa eadrumsa agus siḃse. 12 Agus an mac ḃías oċd la dáois eadruiḃ timċiollġearrfar é, gaċ uile ġein ṁic ann ḃur ngeinealaċuiḃ, an té ḃéarṫar annsa tiġ, no ċeannoċar ar airgead ó ċoiṁiṫiġeaċ ar biṫ, naċ bfuil dot ṡíolsa. 13 An té rugaḋ ann do ṫiġ, agus an té ceannċaḋ ar hairgead, is éigin a mbeiṫ timċillġearrṫa: agus biáiḋ mo ċunnraḋ ann ḃur ḃfeóil mar ċunraḋ síorruiḋe. 14 Agus an lenaṁ mic gan timċillġearraḋ gá mbía feóil a réuṁċroicinn gan timċillġearraḋ, gearrfuiḋear an tanam sin amaċ ón a ṗobal: do ḃris sé mo ċunnraḋ. 15 Agus a duḃairt Día ré Hábraham, Ar son Ṡárai do ṁná ní ġoirfe tú Sárai ḋí, aċ Sárah ḃías dainm uirre. 16 Agus beanneoċuiḋ misi í, agus do ḃéura mé mac ḋuitsi uaiṫe: fós beanneoċuiḋ mé í, agus biáiḋ sí na maṫair ċineaḋaċ; tiucfuiḋ riġṫe cineaḋaċ uaiṫe. 17 An sin do ṫuit Abraham ar aġuiḋ; agus do rinne gáire, agus a duḃairt ann a ċroiḋe, An mbéurṫar mac don ti atá a ccionn a ċéud blíaḋan dáois agus Sárah atá nóċad blíaġan dáois, an mḃéura sí? 18 Agus a duḃairt Abraham ré Día, Do bfearr líom go maireaḋ Ismael ad ḟiaḋnuisi! 19 Agus a duḃairt Dia, Béuruiḋ do ḃean Sárah mac dá ríriḃ ḋuit; agus ġoirfe tú Isaac dainm ḋe, agus daingneoċaiḋ misi mo ċunnraḋ ris na ċunnraḋ ṡíorruiḋe, agus ré na ṡíol na ḋiáiġ. 20 Agus ar son Ismael, do ċúala mé ṫú: Féuċ, do ḃeannuiġ mé é, agus do ḋéuna mé síolṁar é, agus oirlíonfad go hiomarcaċ é; ḋá ṗrionnsa ḋéug ġeinfeas sé, agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋe. 21 Aċ mo ċunnraḋ daingneoċuiḋ mé ré Hísaac noċ ḃéuras Sárah ḋuitsi annsa nuáir ċinntesi, annsa ḃliaḋuinsi ċúguinn. 22 Agus do scuir do ḃeiṫ ag caint ris, agus do ċuáiḋ Día súas ó Abraham. 23 Agus do ġlac Abraham a ṁac Ismael, agus gaċ a rugaḋ ann a ṫiġ, agus gaċ ar ceannċaḋ ar a ċuid airgid, gaċ uile ḟirionnaċ a measg ḋáoine ṫiġe Abraham; agus do ṫimċillġearr feóil a réuṁċroicinn annsa ló sin féin, mar a duḃairt Día ris. 24 Agus do ḃí Abraham nóċad agus náoi mbliaḋna dáois a nuáir do timċillġearraḋ é a ḃfeóil a réuṁċroicinn. 25 Agus do ḃí Ismael a ṁac tri bliaḋna déug dáois, a nuair do timċillġearraḋ é a ḃfeóil a réuṁċroicinn. 26 Ann sa ló ċéudna do timċillġearraḋ Abraham agus a ṁac Ismael. 27 Agus a nuile ḟear ann a ṫiġ, rugaḋ sa tiġ, agus do ċeannċaḋ ar airgead ón ċoiṁiġṫeaċ, do timċillġearraḋ iad maille ris. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society