Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Genesis 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVI. An tan ṫoirċeaḋ Hágar méaduiġe a hardan; 6 cuirfear amaċ í. 19 Do Ġéill sí, 15 Agus rug Ismael.

1 Anois, ní rug Sáraí bean Abram clann ar biṫ ḋó: agus do ḃí innilt Egipteaċ aice, dar bainm Hágar.

2 Agus a duḃairt Sárai ré Abram, Féuċ a nois, do ṫoirmisg an TIĠEARNA misi ó ḃreiṫ: iarruim ort, teiġ a steaċ ċum minnilte; dob éidir go ḃfuiġinn clann da táoiḃ. Agus tug Abram aire do ġlór Ṡárai.

3 Agus do ġlac Sáraí bean Abram Hágar a hinnilt an Tégipteaċ, a ndiáiġ Abram dáitreaḃ deiċ mbliaḋna a ttír Ċanáain, agus tug sí dá fear Abram í do ḃeiṫ na mnáoi aige.

4 Agus do ḃí sé ag Hágar, agus do ṫorċeaḋ í, agus a nuair do ċonnairc sí go raiḃ sí torraċ, do ḃí a maiġistreás tarcuisneaċ na raḋarc.

5 Agus a duḃairt Sárai ré Abram, Bíoḋ méugcóir ortsa: tug mé mo ċailín ad uċd; agus a nuáir do ċonnairc sí go raiḃ torraċ, do ḃí mísi tarcuisneaċ na raḋarc: go ndéuna Día breiṫeaṁnus eadrumsa agus tusa.

6 Aċd a duḃairt Abram ré Sárai, Féuċ, ata do ċailín ad láiṁ féin; déuna ría mar do ċiṫear ḋuit: agus a nuáir do ṁasluiġ Sárai í, do ṫeiṫ sí as a fiaġnuisi.

7 Agus fuáir aingeal an TIĠEARNA í láiṁ ré tobar uisge, san ḃfásaċ, laiṁ ris an ttobar ar an tsliġe go Súr.

8 Agus a duḃairt sé, A Hágar, a ċailín Ṡárai, cia as a ttáinig tú? agus cáit a ttéid tú? Agus a duḃairt sísi, Atáim ag leiṫeaṁ ó raḋarc mo ṁaiġistreás Sárai.

9 Agus do ráiḋ aingeal an TIĠEARNA ría, Fill ar do ṁaiġistreás, agus uṁluiġ ṫú féin fa na láṁuiḃ.

10 Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA ria, Méidioċuiḋ mé do ṡíol, go hiomarcaċ, naċ buḋ féidir a aireaṁ ar iomadaṁlaċd.

11 Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA ría, Féuċ, atá tú torraċ, agus béura tú mac, agus do ḃéura tú Ismael dainm air: do ċionn go ccúala an TIĠEARNA do ḃuaiḋreaḋ.

12 Agus biaiḋ sé na ḋuine ḟiaḋta; biáiḋ a láṁ a naġuiḋ gaċ áonduine, agus láṁ gaċ áonduine na aġuiḋ: agus coiṁneoċuiḋ sé a laṫair a ḋearḃraṫar uile.

13 Agus do ġoir síainm an TIĠEARNA do laḃair ría, Ṫusa a Ḋé do ċí mé: óir a duḃairt sí, Nar ḟéuċ misi mar an ccéudna annso a ndiáiġ an té do ċí mé?

14 Uimé sin do goireaḋ don tobar Beerlahai-roi; féuċ, atá sé idir Ċades agus Béred.

15 Agus rug Hágar mac do Abram: agus do ġoir Abram Ismael mar ainm dá ṁac rug Hágar.

16 Agus do ḃí Abram ceiṫre fiċid agus sé bliaḋna dáois, a nuáir rug Hágar Ismael dó Abram.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan