Genesis 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV. Rinn Día cunnraḋ re Habram, ag daingniuġaḋ a ġallaṁna ḋó, adtimċiol a Ṡlioċd do ḃeiṫ lionṁur. 1 Andiaiġ na neiṫeannso táinig briaṫar an TIĠEARNA ċum Abram a dtaisbeanaḋ, ag ráḋ, Ná himeagluiḋ a Abram: is misi do scíaṫ, agus do luáiḋeaċd roṁór. 2 Agus a duḃairt Abram, A TIĠEARNA Día, cread do ḃéura tú ḋaṁ, ó táim ag imṫeaċd gan ċloinn, agus gurob é ann Telieser so ó Ḋamascus feamanaċ mo ṫiġe? 3 Agus a duḃairt Abram, Féuċ, ní ṫug tú síol ar biṫ ḋaṁ; agus féuċ, áon rugaḋ ann mo ṫiġ, asé is oiġre oram. 4 Agus, féuċ, táinig bríaṫar an TIĠEARNA ċúige, dá ráḋ, Ní hé so ḃus oiġre ort; aċd an té ṫiocfus amaċ as tinniḃ féin ḃus oíġre ort. 5 Agus tug leis amaċ é, agus a duḃairt, Féuċ annois air neaṁ, áiriṁ na réulta, más éidir leaċd a náireaṁ: agus a duḃairt sé ris; as marso ḃías do ṡíol. 6 Agus do ċreid seision ann sa TIĠEARNA; agus do ṁeas sé sin dó na ḟiréuntaċd. 7 Agus a duḃairt sé ris, As misi an TIĠEARNA tug amaċ ṫú as Urna gealdéanaċ, do ṫaḃairt na tírese ḋuit, ċum a beiṫ na hoiġreaċd agad. 8 Agus a duḃairt sesion, A Ṫiġearna Dia, cionnus ḃías a ḟios agam go maḋ oiġreaċd ḋaṁ í? 9 Agus a duḃairt ris, Glac ḋaṁsa colpaċ ṫrí mblíaḋan daóis, agus gaḃar baineann ṫri mblíaḋan dáois, agus reiṫe ṫrí mbliaḋan dáois, agus turtair agus colum óg. 10 Agus do ġlac sé iadso uile ċuige, agus do rann se ann a lár iád, agus do ċuir gaċ áon ṗíosa as coinne a ċéile: aċ nior roinn sé na héin. 11 Agus a nuáir tangadar a nénlaiṫe a nṡúas ar na conablaċoiḃ, do ḋíbir Abram íad. 12 Agus a nuáir do ḃí an ġrian ag dul faoi, do ṫuit codlaḋ trom ar Abram, agus, féuċ, do ṫuit úaṫḃás dorċaduis ṁóir air. 13 Agus a duḃairt ré Abram, Bíoḋ a ḟios agad go dearḃṫa go mbiáiḋ do ṡiol na coiṁiġṫeaċa a ndúṫaiġ naċ léo féin, agus do ḋéanuid seirḃis dóiḃ; agus go mbéid a ndáoirse aca ceiṫre ċead blíaġan; 14 Agus mar an gceadna an cineaḋsin, dá ndéanuid serḃís, béuradsa breaṫ orra: agus na ḋiáiġ sin tiocfaid amaċ maille re máoin ṁóir. 15 Agus raċuiḋ tusa ċum haiṫreaċ a síoṫċain; agus aḋlocṫar ṫú a naóis ḟoirfe ṁaiṫ. 16 Aċ san ċeaṫraṁaḋ geinealaċ tiocfaid siad annso a rís; óir ní ḃfuil éigceart na Namoriteaċ iomlán fós. 17 Agus tárla, a nuáir do ċuáiḋ an ġrían fáoi, agus go raiḃ dorċa, féuċ fuirnis ḋeatċa, agus tóirsile ṫeiniḋ, noċ do imṫiġ ṫríd na codċuiḃ sin. 18 Annsa ló ċeudna sin do rinne an TIĠEARNA cuimraḋ ré Abram, ḋá ráḋ; Dot ṡíolsa ṫug mé an tírsi, ó aḃuinn na Héigipte go nuige an sruṫ mór, sruṫ Euṗrátes: 19 Na Cinetiġ, agus na Cineisitiġ, agus na Cadmonitíġ. 20 Agus na Hititiġ, agus na Perisitiġ, agus na Reṗamitiġ. 21 Agus na Hamoritiġ, agus na Canaanitiġ, agus na Girgasitiġ, agus na Iebusitiġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society