Genesis 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIV. Lot a mbraiġdionnas, saorfar le Habram é. 18 Noċ ḃeannúigṫear ré Melċisedec. 1 Agus tarla a laéṫiḃ Amraṗel rí Sinair, Arioċ rí Ellasar, Ċedarlaomer ri Elaṁ, agus Tidal rí na gcineaḋaċ: 2 Go ndearnadar so cogaḋ ré Bera rí Sodom, agus ré Birsah rí Gomorrah, Sinab rí Admah, agus Semeber rí Seboiim, agus ré rí Belah eaḋon Soar. 3 Do iaḋadurso uile re ċéile a ngleann Siddim, noċ ar bé an ḟairge ṡaillte. 4 Da ḃliaḋain deúg do ḃádur ag seir ḃis do Ċedorlaomer, agus ar an treas bliaḋain déug do ċogadur na naġuiḋ. 5 Agus annsa ceaṫraṁaḋ Bliaḋain déug tainic Ċedorlaomer, agus na riġṫe do ḃí na ḟoċair, agus do ḃuáileadur na Reṗamiġ an Asterot Carnaim, agus na Susimiġ ann Ham, agus na Hemimiġ an Saḃeh Ciriataim, 6 Agus na Hoiritiġ ann a sliaḃ Seir, go nuige Elparan, noċ ata laiṁ ris an ḃfásaċ. 7 Agus do ḟilleadar, agus tangadar go henmispat, eaḋon Cádes, agus do ḃuáileadur crioċ na Namaleciteaċ uile, agus mar sin na Hamoritiġ, do aitreaḃuiġ Haseson-tamar. 8 Agus do ċuaiḋ amaċ ann sin riġ Sodom, agus riġ Gomorrah, agus riġ Admaih, agus riġ Seboiim, agus riġ Béla eaḋon Soar; agus dḟearadar caṫ ríu a ngleann Siddim. 9 Re Ċedorlaomer ríġ Elam, agus re Tidal ríġ na gcineaḋaċ, agus Amraṗel rí Sináir, agus Harioċ ríġ Ellasar; ceiṫre riġṫe ré cúig. 10 Agus do ḃí gleann Siddim lán do lóguiḃ pice talṁuiḋe; agus do ṫeiṫriġ Sodom agus Gomorrah, agus do ṫuiteadur ionta sin; agus an ṁéid do ṁair do ṫeiṫeadar fán tsliáḃ. 11 Agus rugadur léo maiṫeas Ṡodom agus Ġomorrah uile, agus a mbíaḋ uile, agus do imṫiġeadar rompa. 12 Agus do ġaḃadur Lot, mac dearḃraṫar Abram, noċ do áitreaḃ a Sodom, agus a ṁáoin, agus do imṫiġeadur. 13 Agus táinig áon do ċuáiḋ as, águs dinnis do Abram an teaḃruiḋeaċ; óir do áitriḃ sé a réiteaċ Ṁamre, an Tamoriteaċ, dearḃraṫair Escoil, agus dearḃraṫair Aner: agus do ḃádur so a ccoṁċeangal re Abram. 14 Agus a nuair do ċúaluiḋ Abram go raiḃ a ḋearḃraṫair gaḃṫa na ṗriosúnaċ, do árṁuiġ se a ṡerḃísiġ soiġdiurṫa rugaḋ ann a ṫiġ féin, trí ċéud agus oċd ḃfir ḋéug, agus do ṫóruiġ iadsan go Dan. 15 Agus do roinn é féin na naġaiḋ, é féin agus a ṡerḃísiġ sa noiḋċe, agus do ḃuail iád, agus do lean orra go Hoba, atá ar an laiṁ ċlé do Ḋamascus. 16 Agus tug na creaċa uile ar a nais, agus fós tug ar ais a ḋearḃraṫair Lot, agus a ṁaiṫeas, agus na mná fós, agus na dáoine. 17 Agus do ċuaiḋ ríġ Sodom amaċ na ċoinne tar éis filleḋ ó ṁarḃaḋ Ċedorlaomer, agus na riġṫe do ḃí na ḟoċair, an gleann Saḃeh, eaḋon gleann an ríġ. 18 Agus tug Melċisedec riġ Sálem amaċ arán agus fión; agus do bé sagart an Dé ro áird é. 19 Agus do ḃeannuiġ sé é, agus a duḃairt, Bioḋ Abram beánnuiġe on Día as ro áirde, sealḃuiġe neiṁe agus talṁan: 20 Agus go maḋ beannuiġe an Día as ro áirde, noċ do ṫoirḃir do naiṁde ann do láiṁ: agus tug se deaċṁaḋ a nuile neiṫe ḋó. 21 Agus a duḃairt riġ Sodom ré Habram, Taḃair ḋaṁsa na pearsanna, agus glac an ṁáoin ḋuit féin. 22 Agus a duḃairt Abram ré riġ Ṡodom, Do ṫóg mé súas mo láṁ ċum an TIĠEARNA, an Día as ro áirde séalḃuiġe neiṁe agus talṁan. 23 Naċ glacfaiḋ misi ó ṡnáiṫe go héille bróige, agus naċ nglacfa mé einní is leaċdsa, deagla go naibéorṫá, do rinne mé Abram saiḋḃir: 24 Aċd aṁáin a nduadur na hogánuiġ, agus cuid ronna na muinntire do ċuáiḋ liom, Aner, Escol, agus Mamre; glacaidis sin a ccuid ronna. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society