Genesis 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIII. Do ḟág Abram an Egipt. 7 Dealaiġ se re Lot. 14 Do aṫnúaiġ Día geallaḋ uma ṡlioċd. 1 Agus do ċuaiḋ Abram súas as an Egipt, é fein agus a ḃean, agus a nuile ni do ḃí aige, agus Lot maille ris, gus an árd andeas. 2 Agus do ḃí Abram ro ṡaiḋḃir a náirnéis, a nairgead, agus a nór. 3 Agus do imṫiġ ar aġaiḋ, ann a aistriḃ ón táoḃ ó ḋeas eaḋon go Betel, gus an áit a raiḃ a ṗáilliún ar tús, eidir Betel agus Hái. 4 Go háit na haltóra, do rinne sé ann sin ar ttús: agus do ġoir Abram ann sin ar ainm an TIĠEARNA. 5 Agus Lot mar an ccéadna, do ċuáiḋ le Abram, do ḃádur tréuda, agus áiriġe, agus páilliúin aige. 6 Agus ní ṫáinic do nfearann a niom ċur, ionnus go náitreoḃaidís a ḃfoċair a ċéile: óir do ḃí a substaint cóṁmór sin, nár ḃféidir leó coṁnuiġe a náonáit. 7 Agus do ḃí imreasan eidir áoḋairiḃ áirnéisi Abram, agus áoḋairiḃ áirnéisi Lot: agus do áitreaḃadar na Canáanitiġ, agus na Perisitiġ an tan sin ann sa duṫaiġ. 8 Agus a duḃairt Abram ré Lot, Guiḋim ṫú, na bíoḋ ceannairge ar biṫ eadrumsa agus tusa, nó idir máoḋairiḃ agus ṫáoḋairiḃ: óir is dearḃráiṫre sinn. 9 Naċ bfuil an duṫaiġ uile roṁad? guíḋim ṫú, dealuiġ ṫu fein riomsa: ma áil leat gaḃ don láiṁ ċle, ann sin geaḃa misi don láiṁ ḋeis: nó ma ṫéid tú don láiṁ ḋeis, ann sin raċa misi don láiṁ ċlé. 10 Agus do ṫóg Lot a ṡuile súas, agus do ċonnairc réiteaċ Jordan uile, go raiḃ uisge go maiṫ an gaċ éun taoḃ, suil do scrios an TIĠEARNA Sodom agus Gomorrah, eaḋon aṁuil gáirdin TIĠEARNA, cosṁuil re talaṁ na Héigipte, mar ṫig tú go Soar: 11 Ann sin do ṫoġ Lot dó féin réiteaċ Jordáin uile; agus do aistriġ Lot, soir: agus do ḋealuiġeadar iad féin gaċ áon, o ċéile. 12 Do ċoṁnuiġ Abram a ttir Ċanáain, agus do ċoṁnuiġ Lot a ccaiṫreaċaiḃ an reitiġ, agus do ṡuiḋiġ a ṗaillíun leaṫ re Sodom. 13 Aċ do ḃádar, dáoine Ṡodom go holc, agus na bpeacaċuiḃ a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA go hiomurcaċ. 14 Agus do ráiḋ an TIĠEARNA ré Abram, tar éis Lot dimṫeaċd uaḋ, Tóg súas a nois do ṡúile, agus féuċ ón áit a ḃfuil tú do ṫuaiġ, agus do ḋeas, soir agus siar: 15 Oír an fearann uile do ċí tú, do ḃeur misi ḋuit é, agus dot ṡíol go bráṫ. 16 Agus do ḋeana mé do ṡíol aṁuil luaiṫreaḋ na talṁan: iondus maḋ ḟéudan neaċ luaiṫreaḋ na talṁan dáireaṁ, annsin aireoṁṫar do ṡíolsa mar an gceadna. 17 Eíriġ, siuḃail ar feaḋ an ḟearuinn ann a ḟad agus ann a leiṫead; óir do ḃéura misi ḋuit é. 18 Ann sin do aṫruiġ Abram a ṗáilliún, agus táinic agus do ċóṁnuiġ á reiteaċ Ṁamre, noċ atá ann Ebron, agus do ċuir súas annsin altóir don TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society