Genesis 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XII. Goifear Abram. 10 Doċuaiḋ as Canaan don Egipt. 11 Ṡéun a ḃeun tré éagat. 1 Anois a duḃairt an TIĠEARNA ré Abram, Eiriġ roṁad as do ṫír, agus ód ġáol, agus ó ṫiġ haṫar, go fearann ṫaisbenfus misi ḋuit: 2 Agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋíot, agus beannóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋeuna mé hainm mór; agus biaiḋ tú ad ḃeannuġaḋ: 3 Agus beannóċuiḋ mé an ṁéid ḃeannoċus ṫú, agus mailleoċuiḋ mé an té ṁailleoċas ṫú: is ionnadsa ḃeannóċar treaḃa an doṁuin uile. 4 Mar sin do imṫiġ Abram, mar a duḃairt an TIĠEARNA ris: agus do ċuáiḋ Lot leis: agus do ḃí Abram seaċdṁoġad agus cúig ḃlíaġna dáois a nuáir do imṫiġ se as Háran. 5 Agus rug Abram Sarai a ḃean, agus Lot mac a ḋearḃraṫar, agus a substaint uile noċ do ċruinniġeadar, agus na hanmanna fúaradar ann Háran: agus do ċúadar amaċ do ḋul go tir Ċanaáin; agus tangadar go tir Ċanaáin. 6 Agus do ġluais Abram ṫríd an ḃfearann go háit Ṡiċem, go reiḋteaċ Moreh. Agus do ḃí an Canaaníteaċ ann tan sin san ḃfearann. 7 Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó. 8 Agus do aṫruiġ sé as sin go slíaḃ táoḃ ṡoir do Ḃétel, agus do ṡuiḋiġ a ṗailliún, ar mḃeiṫ do Ḃetel don táoḃ ṡíar ḋe, agus Hái don táoiḃ ṡoir: agus do rinne altóir annsin don TIĠEARNA; agus do ġoir ar ainm an TIĠEARNA. 9 Agus do aistriġ Abram, ag dul ar aġuiḋ a gcoṁnuiḋe don táoḃ ó ḋeas. 10 Agus do ḃí gorta ann sa tir: agus do ċúaiḋ Abram síos don Egipt do ċoṁnúiġe ann sin; óir do ḃí an ġorta doilġeasaċ sa talaṁ. 11 Agus tárla, a nuáir do ḃi sé ar teaċd a ḃfogus do ḋul a steaċ don Egipt, go nduḃairt sé re Sárai a ḃean, Féuċ annois, as aiṫne ḋaṁsa go ḃfúil tusa ad ṁnáoi sgiaṁaiḋ ré féaċúin ort: 12 Uime sin teigeoṁaiḋ, nuáir do ċífid na Hégiptiġ ṫú, go naibeorúid síad, A sí so a ḃean; agus múirfid misí, agus coiṁneoċúid ṫusa beó. 13 Gúiḋim ṫú, abair gur tú mo ḋeirḃṡiur; ċor go mbeiṫear go maiṫ ar do ṡonsa leam; agus go mairfiḋ manam ar do ṡonsa. 14 Agus tárla, a nuáir ṫáinic Abram don Egipt, do ċoncadar na Hégiptiġ an ḃean go raiḃ si rosgiaṁaċ. 15 Do ċoncadar mar an ccéadna prionnsuiḋe Ṗárao í, agus do ṁoladar í a laṫair Ṗárao: agus rugaḋ an ḃean a steaċ go tiġ Ṗárao. 16 Agus do ḃi Ṗárao go maiṫ ré Abram air a son: agus do ḃádar cáoiriġ aige, agus daiṁ agus ásail, agus seirḃisiġ ḟear agus seirḃisiġ ban, agus banassail, agus cáṁúill. 17 Agus do ṗláiġ an TIĠEARNA Ṗárao agus a ṫiġ lé pláġúiḃ móra ar son Ṡárai bean Abram. 18 Agus do ġoir Ṗárao Abram, agus a duḃairt, Créad é so do rinne tú oram: créd nár innis tú ḋaṁ gur ḃí do ḃean í? 19 Créd fá nduḃairt tú, a sí mo ḋearḃṡíur í? mar sin do ḟéadfuinnse a taḃairt mar ṁnáoi; úime sin a nois féuċ do ḃean, gaḃ ċugad í, agus imṫiġ roṁad. 20 Agus tug Ṗárao áiṫne ḋá ṁuinntir ḋá táoiḃ: agus do ċuireadar ar siuḃal, é féin agus a ḃean agus a nuile ní do ḃí aige. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society