Genesis 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XI. Tor Ḃabel. 5 Aṁluaḋ na Tteangṫa. 10 Geinealuiġ Ṡem. 1 Agus do ḃí an doṁan uile ar éinteanguiḋ aṁáin, agus ar éanċoṁraḋ. 2 Agus tarla, ar naistríuġaḋ ḋoiḃ ó naird ṡoir, go ḃfúaradar coṁard a ttír Ṡínáir; agus gur ċoṁnuiġeadar ann sin. 3 Agus a duḃradar gaċ áon ré ċéile, Gluáisiḋ, déunam bríciḋ, agus loisciom go hiomlan iad. Agus is bríce do ḃí aca mar ċloiċ, agus pic ṫalṁuiġe mar ṁoirtéar. 4 Agus a duḃradar, Gluáisiḋ, déunam caṫair ḋuinn féin, agus tor a roiṫeaċuiḋ a ḃárr go neaṁ; agus déunam ainm ḋuinn féin, deagla go spréiġfiġ sinn ar feaḋ na talṁan go huiliḋe. 5 Agus táinic an TIĠEARNA a nṡúas dfeaċuin na caiṫreaċ, agus an tuir do rinneadar clann na ndáoine. 6 Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Féuċ, is áon an pobal uile, agus is éinteanga atá aca uile; agus do ṫosuiġeadar so do ḋéunaṁ: agus a nóis ni coinneóċar éinni úaṫa, dar ṡáoileadar a ḋéunaṁ. 7 Ag súd ċuguinn, déunnimne síos, agus buaiḋrim a teangaḋ, ionnus naċ dtúigfid siad glór a ċéile. 8 Mar sin do sgáoil an TIĠEARNA ó ċéile íad as sin ar feaḋ na talṁan uile; agus do sguireadar an caṫair do ṫógḃáil. 9 Is uime sin goirṫear Bábel dainm ḋi; do ċionn gur ḃuaiḋir an TIĠEARNA annsin teanga an doṁuín uile: agus do spréiġ an TIĠEARNA as sin íad ar feaḋ na talṁan uile. 10 Ag so geinealaċ Ṡém: do ḃi Sem céud bliaḋain dáois, agus do ġein Arṗaxad ḋá ḃliaġain a ndiaiġ na dileann: 11 Agus do ṁair Sem tar éis Arṗaxad go ġeineaṁuin cúig céud bliaġan, agus do ġein mic agus inġeana. 12 Agus do ṁair Arṗaxad cúig ḃliaġna déug ar ḟiċid, agus do ġein Salah: 13 Agus do ṁair Arṗaxad tar éis Salah do ġeineaṁuin ceiṫre ċéad agus trí bliaġna, agus do ġein mic agus inġeana. 14 Agus do ṁair Salah tríoċad ḃíaġan, agus do ġein Eber: 15 Agus do ṁair Salah tar éis Eber do ġeineaṁuin ceiṫre ċéad agus trí bliaġna, agus do ġein mic agus inġeana. 16 Agus do ṁair Eber ceiṫre bliaġna agus trioċad, agus do ġein Péleg: 17 Agus ṁair Eber tar éis Péleg do ġeineaṁuin ceiṫre ċéud bliaġan agus tríoċad, agus do ġein mic agus inġeana. 18 Agus do ṁair Péleg tríoċad blíaġan, agus do ġein Réu: 19 Agus do ṁair Péleg tar éis Réu do ġeineaṁuin ḋa ċéad agus náoí mbliaġna, agus do ġein mic agus inġeana. 20 Agus do ṁair Réu tríoċad agus dá ḃliaġain, agus do ġein Serug: 21 Agus do ṁair Réu tar éis Sárug do ġeineaṁuin ḋa ċéud agus seaċd mbliaġna, agus do ġein mic agus inġeana. 22 Agus do ṁair Serug tríoċad bliaġan, agus do ġein Nahor: 23 Agus do ṁair Serug tar éis Nahor do ġeineaṁuin ḋa ċéud blíaġan agus do ġein mic agus inġeana. 24 Agus do ṁair Nahor naoí mbliaġna fiċiod, agus do ġein Térah: 25 Agus do ṁair Nahor tar éis Térah do ġeineaṁuin ceud agus naoí mblíaġna déug, agus do ġein mic agus inġeana. 26 Agus do ṁair Térah seaċdṁoḋad blíaġan, agus do ġein Abram, Nahor, agus Háran. 27 Anois a síad so geinealuiġ Ṫérah: do ġein Térah Abram, Nahor, agus Háran; agus do ġein Háran Lot. 28 Agus do éug Háran roiṁe a aṫair, Terah ann a ṫír ḋúṫaiġ féin ann Ur na Gcaldéanaċ. 29 Agus tug Abram agus Nahor mná ċucṫa: ainm ṁná Abram Sárai; agus ainm ṁná Nahor Milcah, inġin Háran aṫair Ṁilcah, agus aṫair Iscah. 30 Aċ do ḃí Sarai aimrid; ni raiḃ clann ar biṫ aice. 31 Agus do ġlac Térah Abram a ṁac, agus Lot mac Hárain mac a ṁic, agus a ḃainċlíaṁuin Sárai, bean a ṁic Abram; agus do ċúadar amaċ leó ó Ur na Gcaldeanaċ, do ḋul go tír Ċanaáin; agus tangadar go Háran, agus daiṫreaḃuiġeadar ann sin. 32 Agus do biad laeṫe Térah ḋá ċéud agus cúig ḃliaġna, agus do éng Térah ann Háran. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society