Galatiánaċ 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V Saóirse na gcreidṁeaċ tré Ċríosd; ag coiṁṡeasaṁ, 3 ní a ngnás an tseínréaċd, agus ṗeacaiḋ, 5 aċd a ngráḋ Spiorúid Dé, agus ionnracuis. 1 Uime sin seasuiḋ sa tsáoirse léur ṡáor Críosd sinn, agus ná bíġiḋ a rís ar ḃur gcreapall ré cuing ná dáoirse. 2 Féuċ, a deirimse Pól riḃ, dá dtimċillġearrṫar siḃ, náċ ḃfuiġe siḃ tairḃe ar biṫ a Gcríosd. 3 Oír do ním dfíaḋnuisi a rís do gaċ áon ṫimċillġearrṫar, go ḃfuíl dfíaċuiḃ air an réaċd uile do ċoíṁlíonaḋ. 4 Atá an ṁéid aguiḃ ṡáorṫar trés an réaċd, ar ḃur ndealuġaḋ ré Críosd; so ṫuiteaḃair ó ġrás. 5 Oír atámuidne trés an Sbiorúid ó ċreideaṁ ag fuireaċ ré dóṫċas na fíreuntaċda. 6 Oír a Niósa Críosd ní ḃfuil éifeaċd ar biṫ a dtimċillġearraḋ, ná a neaṁṫimċillġearraḋ; aċd a gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ. 7 As maiṫ do rioṫaḃair; cía ċuir tóirmeasg oruiḃ fá ḃeiṫ úṁal do mḟírinne? 8 Ní on tí ġoireas siḃ ṫáinic an brosduġaḋ so. 9 Géuriḋe beagán laiḃín an táos uile. 10 Atá muiniġin agumsa asuiḃ sa Dtiġearna, náċ bíaḋ siḃ ar aṫaraċ inntinne: giḋeaḋ an tí ċuíreas buáiḋreaḋ oruiḃ biáiḋ sé fá ḃreiṫ ḋamanta, giḋ bé ar biṫ é. 11 Agus a ḋearḃráíṫre, má nímse mar an gcéudna an timċillġearraḋ do ṡeanmóir, créud fá ḃfuil gérleanṁuin fós dá ḋéunaṁ oram? go deiṁin atá sgannuil na croiṫe ar na cur ar gcúl. 12 Do bfearr leam fós an drung ċuireas míoṡúaiṁneas oruiḃ ga mbeidís ar na ngearraḋ uáiḃ. 13 Oír, a ḋearḃráiṫre, as ċum sáoirsi do goireaḋ siḃ; aṁáin ná déunuiḋ an tsáoirse na cionfáṫa don ċoluinn, aċd bíġiḋ féin ag seirḃís do ċéile tré ġráḋ. 14 Oír coiṁliontár an réaċd uile a náoinḃréiṫir aṁáin, ann so; Gráḋuiġ do ċoṁarsa mar ṫú féin. 15 Aċd dá raiḃ siḃ ag crine agus ag sluġaḋ a ċeile, taḃruiḋ aire riḃ náċ ccnáoiṫear siḃ ré ċéile. 16 Uime sin a deirim, Siúḃluiḋ sa Sbiorúid, agus ní ċoiṁlionfuiḋ siḃ núanġus na colla. 17 Oír bí míanġus na colla a naḋuiġ na Sbíoruiḋe a naḋuiġ na colla: agus atáid so contrárḋa ḋá ċéile: ionnas naċ féidir liḃ na neiṫe as mían riḃ do ḋéunáṁ. 18 Agus ma ṫreóruiġṫear siḃ ris an Sbiorúid, ni ḃfuilti fáoi an réaċd. 19 Tuilleaḋ eile, is follas oibreaċda na colla, mar atá; Aḋaltrannas, sdríopṫaċas, neaṁġloine, macnas, 20 Ioḋalaḋraḋ, piseóga, náṁadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceaċd, 21 Tnúṫ, dúnṁarḃaḋ, meisge, cráos, agus a saṁail sin: ar a laḃruim riḃ roiṁ láiṁ, aṁuil do innis mé ḋáoiḃ roiṁe, naċ ḃfuiġe an drung do ní a saṁail so óiġreaċda rioġaċda Dé. 22 Aċd a sé as toraḋ don Spiorúid gráḋ, gáirdeaċas, síoṫċáin, foíġid ḟasa, ceannsaċd, rún maiṫeasa do ḋéunaṁ, creideaṁ, 23 Macántas, measarḋaċd: ní ḃfuil dliġeaḋ a naḋuiġ a saṁuil sin. 24 Oír an drung as le Críosd do ċeusadar an ċolan maille ré na toil agus ré na míanġusuiḃ. 25 Más beó ḋúinn sa Sbiorúid, siuḃlam mar an gcéudna sa Sbiorúid. 26 Ná bíoḋ dúil a nglóir ḋioṁáoin aguinn, ag cur ċaṫuiġe ár a ċéile, ag tnúṫ ré ċéile. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society