Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Galatiánaċ 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III Tugaḋ dliġe Ṁaosi 19 ċum peacaḋ do ḃeaguġaḋ, agus do noċdaḋ; 24 aċd is tré ċreideaṁ Ċríosd atá ar sáoraḋ úaṫa ṫríd amaċ.

1 O A Ġalatíanaċa gan ċéill, cía rinne piseóga ḋaóiḃ, as náċ géillfeaḋ siḃ don ḟírinne, agar ṫaisbéunaḋ Iósa Críosd daóiḃ roiṁe so a ḃfiaḋnuisi ḃur súl, ar na ċéusaḋ ḃur measg?

2 Bá mían ríom so aṁáin dfoġluim uáiḃ, An ó oibriġṫiḃ an reaċda fúaraḃair an Spiorud, ná ó éisdeaċ an ċreidiṁ?

3 An ḃfuiltí coiṁmíċéillid hesin? ar dtosuġaḋ ḋaóiḃ sa Spioruid, go máḋ mían riḃ a nois ḃur gcríoċnuġaḋ sa ḃfeóil?

4 An go dioṁaóin dfuiling siḃ a noirid sin do neiṫiḃ? aċd fós más dioṁaóin.

5 Uime sin an tí do ḃeir an Sbiorad go fairsing ḋaóiḃ, agus oibriġeas súḃailciġe míorḃuileaċa ionnuiḃ, an tré oibriġṫiġ an reaċda, nó tré éideaċd a ċreidiṁ do ḃeir sé íad?

6 Aṁuil do ċreid Abraham do Ḋía, agus do measaḋ ḋó é mar ḟiréantaċd.

7 Uime sin is tuigṫe ḋaóḃ an drung atá don ċreideaṁ, gur ab íad sin clana Abraham.

8 Oír ar na ḟaicsin roiṁe don sgriobtúir, go sáorfaḋ Día na cineaḋaċa tré ċreideaṁ, do ṡoisgéil sé roiṁe láiṁ Dábraham, ag ráḋ, Biáiḋ na huile ċineaḋaċa ar na mbeannuġaḋ ionnadsa.

9 Uimé sin an dream áta don ċreideaṁ atáid síad beannuiġṫe maille ré Hábraham deaġċreidṁeaċ.

10 Oir an ṁéid atá do ṫáoḃ oibriġṫeaḋ an reaċda atáid síad fáoi an mallaċd: oír atá sgríoḃṫa, As malluiġe gaċ áon naċ ccoṁnuiġeann sna huile neiṫiḃ atá sgríoḃṫa a leaḃar an reaċd ċum a ndéunta.

11 Agus as ní follas naċ sáorṫar éunduine trés an reaċd a ḃfíadnuisi De, óir, As tré ċreideaṁ ṁairfeas an firéun.

12 Giḋeaḋ ní ón ċreideaṁ atá an reaċd: aċd, An tí ḋéunas íad mairfiḋ sé ṫrioṫaḋ.

13 Aċd dfúasguil Críosd sinne ó ṁallaċd air ar son: óir atá sgríoḃṫa, As malluiġe gaċ áon ċroċdar a gcrann:

14 Ionnus go dtiucfaḋ beannaċdaḋ Abraham ċum na Gcineaḋaċ a Niósa Críosd; ċum sinne dfaġáil geallaṁna na Spioruide tré ċreideaṁ.

15 A ḋearḃráiṫre, is do réir nóis daónna laḃruim; Bíoḋ naċ biaḋ ann aċd connraḋ duine, ar mbeiṫ ḋó daingniġṫe, ní ċuiréann éinneaċ ar gcúl é, agus ní curṫar tuilleaḋ ar biṫ leis.

16 Máseaḋ is Dáḃraham agus dá ṡíol tugaḋ na geallaṁnaċa. Ní abair sé, Agus do na síoltuiḃ, mar do ḃíaḋ sé ag laḃairt ar ṁórán; aċd mar do laiḃeóraḋ sé ar áon ag ráḋ, Agus dod ṡiolsa, agar ab é Críosd é.

17 Agus a deirim so, náċ ccuireann an reaċd, noċ do ṫosuiġ a gcionn ċeiṫre gcéud agus deiċ mblíaḋan ḃfiṫċead na ḋiaiġ, an connraḋ do ḋaingniġeaḋ roiṁe, ré Día a dtáoḃ Ċríosd, a neimbríġ, ionnas go gcuirfeaḋ sé an ġeallaṁuin ar gcúl.

18 Oír más ón reaċd ṫiġ a nóiġreaċd, ní ṫig sí feasda ón ngeallaṁuin: aċd tug Diá í go sáor Dábraham tré ġeallaḋ.

19 Uime sin créud é an reaċd? Is uime do hórduiġeaḋ é ar son sáruiġṫe na naiṫeantaḋ, go teaċd don tsíol dá ndearnaḋ an geallaḋ; ar na órduġaḋ ris na haingliḃ tré láiṁ eidirṁeaḋontóra.

20 Aċd an teidirṁeaḋantóir ní ré haon é, aċd is aon é Día.

21 Uime sin an ḃfuil an réaċd a naḋuiġ ġeallaṁnaċa De? a ḃfas uainn sin do ráḋ: oír da mbeiṫ reaċd ar na ṫaḃairt lér ḃféidir béaṫa do ṫaḃairt úaḋa, go deiṁin ís trés an reaċd do ṫiucfaḋ fíréuntaċd.

22 Aċd dfág an sgrioḃtuir na huile ḋáoine dúnta fáoi ṗeacaḋ, ionnus go dtiuḃarṫáoi an ġeallaṁuin ó ċreideaṁ Iósa Críosd don druing ċreideas.

23 Aċd suil ṫáinic an creideaṁ, do congṁaḋ sinn fá smaċd an reaċda, agus do dúnaḋ oruinn ċum an ċreidiṁ do ḃí ré haḋuiġ a ḟoillsiġṫe.

24 Uime sin a sé an reaċd fá sgolṁaiġistir ḋúinn go Críosd, ionnus go sáorfuiḋe sinn tré ċreideaṁ.

25 Aċd ar dteaċd dón ċreideaṁ, ní ḃfuilmíd feasda fáoi sgolṁaiġisdir.

26 Oír atá siḃ uile ḃur gcloinn ag Día tré ċreideaṁ a Niósa Críosd.

27 Oír an ṁeid aguiḃ do baisdeaḋ a Gcríosd do ċuireaḃair Críosd iomuiḃ.

28 Ní ḃfuil Iúduiġe na Gréugaċ, ní ḃfuil sáor na dáor, ní ḃfuil fear na bean: óir is áon siḃ uile a Niósa Críosd.

29 Agus más lé Críosd siḃ, as siḃ síol Abraham gan aṁras, agus oiġriġe do réir na geallaṁna.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan