Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Galatiánaċ 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II Pól ag leanṁuin ar a ṫúras 4 agus ag deiṁniuġaḋ an tsoisgeil. 7 Mar ṫeaċdair na Gcineaḋaċ; aṁuil Peadur, na Niúduiġeaċ.

1 Agus a gcionn ċeiṫre ṁlíaḋan déug na ḋiáiġ sin do ċuáiḋ mé súas a rís go Hiarusalem ma ráon ré Barnabas, ar mbreiṫ Ṫítuis riom mar an gcéudna um ċuideaċda.

2 Agus is do réir ṫaisbéunta do ċuáiḋ mé súas, agus do ċuir mé a gcéill dóiḃ an soisgéul do ním a ṡeanmóir a measg na Gcineaḋáċ, aċd don druing dob óirḋeirce aca air leiṫ, deagla a gcáil ar biṫ go rioṫfuinn go dioṁaóin, no gur rioṫas.

3 Aċd fós níor cuireaḋ dfíaċuiḃ ar Ṫítus, do ḃí um ċuideaċda, a ṫimċeallgearraḋ, bíoḋ go raiḃ sé na Ġréugaċ.

4 Agus sin ar son na ndearḃráiṫreaċ ḃfallsa do ḃí ar dteoltóġ a steaċ, noċ do ṫéultóiġ a steaċ do ḃraṫ na saóirse atá aguinn a Níosa Ċríosd ċum ar mbreiṫ fá ḋaóirse:

5 Dá naċ dtugamar urraim, ar feaḋ úaire aṁáin; ionnus go ḃfanfaḋ fírinne an tsoisgéil aguiḃse.

6 Agus ón druing air a saóiltear cáil éigin oirḋearcuis do ḃeiṫ, (giḋ bé mar do ḃádar róiṁe so, ní ḃeanann sé ḋaṁsa: ní ar ṗearsainn ḋuine ḃíos mea sag Día: oír) an dream ṡaóiltear do ḃeiṫ oirḋeirc, níor ċuireadarr bárr ar mo ṫeagusgsa:

7 Aċd go contrárḋa ḋó sin, ar ḃfaicsin dóiḃ gur táoḃaḋ soisgéul an nemṫimċillġearrṫa leamsa, mar do táoḃaḋ soisgéul an timċiollġearrṫa lé Peadar;

8 (Oír an té do oibriġ go heífeaċtaċ) do Ṗeadar ċum absdaltaċda an timċillġearrṫa, doibriġ sé ḋaṁsa mar an gcéudna do ṫáoḃ na Gcineaḋaċ:

9 Agus na naiṫne do Ṡéumus, agus do Ċéṗas, agus Déoin, ar a ḃfuil meas ḃeiṫ na bposduiġiḃ an grás do tugaḋ ḋaṁ: tugadar a láṁ ḋeas a ccrúṫ ċumainn daṁsa agus do Ḃarnaba; ċum sinne dimṫeaċd ċum na ccineaḋaċ, agus íad féin ċum an timċíllġearrṫa.

10 Aċd aṁáin go mbíáḋ cuíṁne aguinn ar na boċduiḃ; an ní céudna agá raiḃ mé féin dúṫraċdaċ ċum a ḋéunta.

11 Agus an tan ṫáinic Peadar go Hantíoċia, do ṡeas mé an aḋuiġ a éuduin, óir do ṫuill sé a spreagaḋ.

12 Oír sul tangadar dream áiriġe ó Ṡéumas, do ċaiṫ sé bíaḋ a ḃfoċair na Gcineaḋaċ: aċd tár éis teaċd dóiḃ, do ḋéultó sé agus do sgar sé ríu, ar mbeiṫ eaglaċ ḋó roiṁ an luċd do ḃí don timċiollġearraḋ.

13 Agus do ḃádar an ċuid eile do na lúduiġiḃ mar an gcéadna ag cluáinereaċd na ḟoċair; ionnas gur ṫáirrngeadar Barnabas fós ré na gcluáin.

14 Aċd an tan do ċonnairc misi náċ í an tsliġe ḋíreaċ do ṡíuḃladar ċum fírinne an tsoisgéil, a duḃairt mé ré Peadar na ḃfíaḋnuisis uile, Má atá tusa, agus tú ad Iúduiġe, ag caiṫeaṁ do ḃeaṫa réir na Gcineaḋaċ, agus ní réir na Níuduiġeaḋ, créd fá gcuireann tú dfíaċuiḃ ar na Cineaḋaċuiḃ aiṫris do ḋéunaṁ ar na Iúduiġiḃ?

15 Inne atá ar Níuduiġiḃ ó nadúir, agus ní ar bpeacṫaċuiḃ do na Cinéaḋaċuiḃ,

16 Ar mbeiṫ ḟios aguinn na sáorṫar duine tré oibriġiḃ an reaċda, aċd tré ċreideaṁ Iósa Críosd, do ċreideamairne a Níosa Críosd mar an ċreidaṁ Ċríosd, agus ní tré oibriġiḃ an reaċda: do ḃríġ naċ sáorfuiġṫear feóil ar biṫ tré oibriġiḃ an reaċda.

17 Agus má, ġeiḃṫear sinne ar bpeacṫaċuiḃ, agus sin nag íarruiḋ ar sáorṫa a Gcríosd, a né go ḃfuil Críosd na ṁinisdir ag an bpeacaḋ? nar léige Día sin.

18 Oír má ṫógḃuim súas a rís na neiṫe do leag mé síos do leag mé síos, do ním ciontaċ mé féin.

19 Oír atáimse trés an reaċd marḃ don reaċ, ionnus go mbéinn béo do Ḋía.

20 Do céusaḋ mé má ráon ré Críosd: giḋeaḋ atáim beo; bíoḋ naċ misi feasda, aċd Críosd atá béo ionnam: agus an ḃeaṫa ċaiṫim a nois sa gcoluinn is tré ċreideaṁ Ṁic Dé ċaiṫim í, noċ do ġráḋuiġ mé, agus tug é féin ar mo ṡon.

21 Ní ag cur ġrás Dé ar gcúl atáim: oír má ṫig trés an reaċd fíréuntaċd, is gan aḋḃar fuáir Críosd bás.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan