Exodus 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. An dara, treas, agus ceaṫraṁaḋ pláiġ na Hegipte. 1 Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, Eiriġ a ccionn Ṗárao, agus abair ris, Mar so a deir an TIĠEARNA, Léig dom ṗobal imṫeaċd, ionnus go ndéanuid serḃís daṁ. 2 Agus ma ḋíultann tú léigean dóiḃ imṫeaċd, féuċ, buáilfe misi do ṫeóranna uile le lúisgionn. 3 Agus geinfiḋ a naḃann cnadáin go líonṁur, noċ raċus súas, agus ṫiucfas a steaċ dot ṫiġse, agus dot ṡeómra leapṫa, agus ar do leabuiḋ, agus go tiġ do ṡerḃíseaċ, agus ar do ṁuinntir, agus ann do úaṁain, agus ann do loistiḃ fuiniḋ. 4 Agus tiucfaid na luisgionn súas aráon ort féin, agus ar do ṁuinntir, agus ar do ṡerḃíseaċuiḃ uile. 5 Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóisi, Abair ré Háaron, Sín amaċ do láṁ lé do ṡlait ós cionn na sroṫann, ós cionn na naḃann, agus ós cionn na loċán, agus taḃair fa deara Luisgionn do ṫeaċd súas ar ṫalaṁ na Hégipte. 6 Agus do ṡín Aáron a láṁ ós cionn uisge na Hégipte; agus tangadar na cnadáin anṡíos, agus do ḟoluiġeadar talaṁ na Hégipte. 7 Agus do rinneadar na dráoiṫe sin le na ndroiġeaċd, agus tugadar cnadáin súas ar talaṁ na Hégipte. 8 Ann sin do ġoir Ṗárao ar Ṁaóise, agus ar Aáron, agus a duḃairt, Guiḋiḋ an TIĠEARNA go mbeireaḋ sé na luisgionn uáimse agus óm ṁuinntir, agus léigfe mé don ṗobal imṫeaċd, go maḋ héidir leó ioḋbuírt do ḋéanaṁ don TIĠEARNA. 9 Agus a duḃairt Maóise ré Ṗárao, Deún onoír ṫeoram: gá huair ġuiḋḟeas mé ar do ṡon, agus ar son do ṡerḃíseaċ, agus ar son do ṗobuil do scrios na luisgionn uáit, agus od ṫiġṫiḃ, ionnus go ḃfanuid síad sa naḃuinn aṁáin? 10 Agus a duḃairt seision, A máraċ. Agus a duḃairt seision, Bíoḋ do réir ṫfocailsi: ionnus go mbía a ḟios agad naċ ḃfuil éinneaċ cosṁuil ris anTTIĠEARNA ar Ndíane. 11 Agus imeóċuid na luisgionn uáit féin agus ód ṫiġṫiḃ, agus ód ṡerḃíseaċuiḃ, agus ód ṗobal; agus fanfuid siad sa naḃuinn aṁáin. 12 Agus do ċuáiḋ Maóise agus Aáron, amaċ ó Ṗárao: agus do éiġ Maóise ar anTTIĠEARNA, fá na Cnadainiḃ tug sé a naġuiḋ Ṗárao. 13 Agus do rinne an TIĠEARNA do réir ḃreiṫre Ṁaóise: agus fúaradar na cnadáin bás as na tiġṫiḃ, agus as na bailtiḃ, agus as na maċairiḃ. 14 Agus do cruinniġeaḋ a cceann a ċéile íad ná gcrúaċuiḃ: agus do ḃréan an talaṁ. 15 Aċd a nuáir do ċonnairc Ṗárao go raiḃ cáirde, do ċruáiḋ sé a ċroiḋe, agus níor éisd ríusan; mar a duḃairt an TIĠEARNA. 16 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóisi, Abair ré Háaron, Sín amaċ do ṡlat, agus buáil luaiṫreaṁ a nfearuinn go ndearntar míola ḋi ar feaḋ críċe na Hégipte uile. 17 Agus do rinneadar mar sin; óir do ṡín Aáron a láṁ amaċ le na ṡlait, agus do ḃuáil luáiṫreaḋ na talṁan, agus do rinneaḋ míola ḋi, a nduine agus a mbeaṫaċ: do rinneaḋ míola do luaiṫreaḋ na talṁan uile ar feaḋ ċríċe na Hégipte. 18 Agus do ṫairgeadur ná dráoiṫe mar an ccéadna le na ndroiġeaċd míola do ċruṫuġaḋ, aċ níor ḟéadadar: mar sin do ḃádar míola ar ḋuine agus ar ḃeaṫaċ. 19 An sin a duḃradar na dráoiṫe ré Ṗárao, Sé so méur Dé: agus do crúáiḋeaḋ croiḋe Ṗárao, agus nior éisd ríu, mar a duḃairt an TIĠEARNA. 20 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Eiriġ súas go moċ ar maidin, agus seas as coinne Ṗárao; féuċ, tiucfa sé amaċ ċum a nuisge; agus abair ris: Mar so a deir an TIĠEARNA, Léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndéanuid serḃís daṁsa. 21 Nó muna léigiḋ tú dom ṗobal imṫeaċd, féuċ, cuirfe mé saiṫe ṁíoltóg ort féín, agus ar do ṡerḃíseaċuiḃ, agus ar do ṁuinntir, agus a steaċ ann do ṫiġṫiḃ: agus béid tiġṫe na Négipteaċ lán do ṡaiṫiḃ mioltóg, agus mar an gceadna an talaṁ ar a ḃfuilid. 22 Agus dealóċa mé an lá sin fearann Gosen, a gcoṁnuiġid mo ṗobal, naċ bía áon tsaiṫe ṁíoltóg ann sin; ar ċor go mbía a ḟios agadsa gur misi an TIĠEARNA a ṁeaḋón an doṁuin. 23 Agus cuirfe mé roinn idir mo ḋáoiniḃ féin agus do ḋáoine si: a máraċ ḃias an coṁarṫaso. 24 Agus do rinne an TIĠEARNA mar sin; agus táinic saiṫe ḋoilġe ṁíoltóg a sleaċ go tiġ Ṗárao, agus go tiġṫiḃ a ṡerḃíseaċ; agus ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile: do truáilleaḋ an talaṁ treas an tsaiṫe ṁíoltóg. 25 Agus do ġoir Ṗárao ar Ṁaóise agus ar Aáron, agus a duḃairt, Eirgiḋ, déanuiḋ ioḋbuirt do ḃur Ndía ann sa talaṁ. 26 Agus a duḃairt Maóisi, Ní hiomċuḃuiḋ an ní sin ré a ḋéanaṁ: óir isé an ní is aṫúaṁar do na Hégiptiḃ ḋéunas sinne ioḋbuirt don TIĠEARNA ar Ndía: féuċ, dá ndéanaḋ sinne an ní is aṫuaṁar do na Hégiptiḃ ioḋbuirt as coinne a súl, naċ géuḃaidis do ċloċuiḃ oruinn? 27 Raċam aistior ṫrí lá do ṡiuḃal san ḃfásaċ, agus do ḋéanam ioḋbuirt don TIĠEARNA ar Ndía, fa mar aiṫeónus sé ḋínn. 28 Agus a duḃairt Ṗárao, Léigfe mé ḋaóiḃ imṫeaċd, go ndearnṫaoi ioḋbuirt don TIĠEARNA ḃur Ndía san ḃfásaċ; aṁáin ní raċtáoi a ḃfad; guiḋiḋ ar mo ṡon. 29 Agus a duḃairt Maóise, Féuċ, raċa mé amaċ uaid, agus guiḋfe mé an TIĠEARNA go nimṫiġid na saiṫeaḋa, mioltóg ó Ṗárao, ó na ṡerḃiseaċuiḃ, agus ó na ṗobal a máraċ: aċ na himreaḋ Ṗárao cealg ní is mó, gan leigean don ṗobal imṫeaċd do ḋeanaṁ ioḋbarṫa don TIĠEARNA. 30 Agus do ċuáiḋ Maoisi amaċ ó Ṗárao, agus do ġuiḋ sé an Tiġearna. 31 Agus do rinne an TIĠEARNA do réir ḟocail Ṁaóise; agus do aṫarruiġ na saiṫeaḋa míoltóg ó Ṗárao, ó na ṡearḃfoġantuiḃ, agus ó na ṁuinntir: níor ḟan áon ḋíoḃ. 32 Agus do ċrúaḋuiġ Ṗárao a ċroiḋe a núairse mar an gcéadna, agus ní léigfeaḋ don ṗobal imṫeaċd. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society