Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Exodus 39 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXIX. Atáid culaḋa naoṁṫa na nsagart ar na ndeunaṁ.

1 Agus don ġorm, agus don ṗurpuir, agus don scárláoid, do rinneadur eáduiġe seirḃíse, do ḋéanaṁ serḃise an sa náit naoṁṫa, agus rinneadur na culaḋa naoṁṫa do Aáron; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.

2 Agus do rinne an téṗod dór, do ġorm, do ṗurpuir, agus do scárláoid, agus do linéadaċ ṁin ċasta.

3 Agus do ḃuaileadar an tór na ṗlataḋuiḃ tana, agus do ġearradar na ṫéaduiḃ é, da oíbríuġaḋ annsa ġorm, agus annsa ṗurpuir, agus annsa scárlaoid, agus annsa linéadaċ ḟinealta, maille lé hobair ġéarċuísiġ.

4 Do rinneadar píosuiḋe gualann dó, ḋa ċoiṁċeangal dá ċéilé: leis an dá imiol do ċoiṁċeanglaḋ ḋa ċéile é.

5 Agus crios cúiríalta a eṗoid, do ḃí air, do ḃí don ċéadna, do réir a oibre sin; dór, do ġorm, do ṗurpuir, do scárláoid, agus do linéadaċ ḟínealta ċasta; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.

6 Agus do oibriġeadar cloċa onice ar na gcur a stiġ a ḃfailgiḃ óir ar na ngráḃáil, mar ġráḃaltar signéid, maille ré hanmannuiḃ ċloinne Israel.

7 Agus do ċuir sé ar ġuáilliḃ an eṗod íad, ar ċor go mbéidis na gcloċuiḃ mar ċuiṁne do ċloínn Israel; mar do aiṫin an TIĠEARNA da Ṁaóise.

8 Agus do rinne an tuċdṗláta dobair ġlic, cosṁail ré hobair a neṗoíd; dór, do ġorm, do ṗurpuir, do scárláoid, agus do líneadaċ finealta ċasda.

9 Do ḃí sé ceaṫairḃeannaċ; do rinneadar an tuċdṗláta dúbalta; réisi do ḃí na ḟad, agus réisi na leiṫead, dúbalta.

10 Agus do ċuireadar ann ceiṫre ċúrsa do ċlóċuiḃ: cúrsa do ṡardius, do ṫópas, agus do ċarbuncail: is é so an cead ċúrsa.

11 Agus an dara cúrsa, emeraud, saṗir, agus diamond.

12 An treas cúrsa, ligur, agat, agus ametist.

13 Agus an ceaṫraṁaḋ cursa, beril, agus onice, agus iasper: do ḃádar curṫa a stiġ a ḃfailgiḃ óir iona ndruduiḃ.

14 Agus do ḃádur na cloċa do réir anmanna ċloinne Israel, a dó ḋéag, dó réir a nanmann, aṁail ġráḃáil ṡignéid, gaċ éanduine gun a ainm, do réir an dá ṫreiḃ ḋéug.

15 Agus do rinneadar ar an uċdṗláta slaḃruiḋe ann a ċeannuiḃ dobair ḟiġte dór ḟíorġlan.

16 Agus do rinneadur ḋá ḟail óir, agus ḋa ḟáinne óir, agus do ċuireadar an dá ḟáinne ar ḋá ċeann an uċdṗláta.

17 Agus do ċuireadar an dá ṡlaḃraḋ ḟiġte dór annsa dá ḟáinne ar ċeannuiḃ an uċdṗláta.

18 Agus ḋá ċeann an dá ṡlaḃraḋ ḟiġte ḋaingníodar annsa da ḟail, agus do ċuireadar íad ar ġuailliḃ a neṗoid, roiṁe.

19 Agus do rinneadar ḋá ḟaínne dór, agus dó ċuireadar íad ar ḋá ċeann an uċdṗlata, ar a imeal, noċ do ḃi ar ṫáoḃ a néṗoid taoḃ a stiġ.

20 Agus do rinneadur ḋá ḟainne eile dór, agus do ċuíreadar íad ar ḋá ṫáoḃ a neṗoid ṡíos, leaṫ ris an gcuid ṫosuiġ ḋe, ṫall ar áġáiḋ a ċoṁċeangail, ós cionn ċreasa ċuirialta a neṗoid.

21 Agus do ċeangladar an tuċdṗláta le na ḟáinniġiḃ dfainniġiḃ a neṗoid, lé lása do ġorm, ċor go mbía ós cionn an ċreasá ċuiríalta a neṗoíd, agus naċ scáoiltí an tuċdṗlata ó neṗod; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.

22 Agus do rinne sé róba a neṗoid dobair ḟiġte, uile do ġorm.

23 Agus do ḃí poll a lár an róba, mar ṗoll lúiriġe, maille ré fonnsa fa gcuáirt timċioll an ṗuill, go naċ briseaḋ se.

24 Agus do rinneadur ar an ċiuṁuluiḃ an róba pomegranait do ġorm, agus do ṗurpuir, agus do scarláoid, agus do líneadaċ ċasta.

25 Agus do rinneadar cluigine dór ḟiorglan, agus do ċuireadar na cluigíne idir na pomegranatuiḃ, ar ċiuṁuis an róba, timċioll fá gcuáirt idir na pomegranatuiḃ.

26 Cluigín agus pomegranat, cluigín agus pomegranat, timċioll fa gcuáirt ḟaṫuaime an róba do ḋéanaṁ miniostralaċd ann; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.

27 Agus do rinneadar cótuiḋe do línéadaċ ḟínealta dobair ḟiġte do Aáron, agus dá ṁacuiḃ,

28 Agus míter do linéadaċ ḟínealta, agus boineid ṁaiṫe do linéadaċ ḟinealta, agus brísdiḋe linéaduiġ do lion ṁín ċásda,

29 Agus crios do línéadaċ mín ċasda, agus do ġorm, agus do ṗurpuir, agus do scárláoid, dobair ṡnáiṫide; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise.

30 Agus do rinneadar pláta na coróine náoṁṫa dór ġlan, agus do scríoḃadar scríḃinn air mar ġráḃail ṡeignéid, NAOṀṪAĊD DON TIĠEARNA.

31 Agus do ċeangladur ḋó sin lása do ġorm, dá ċeangal go hárd ar an míter; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise.

32 Mar so do crioċnuiġeaḋ uile obair an tábernacuil loistín an ċóṁċruinniġ: agus do rinneadar clann Israel do reir a nuile ní do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise, is mar sin do rinneadar.

33 Agus tugadar an tabernacuil ċum Maóisi, an lóistin, agus gaċ ní ḃeanas ris uile, a táitsiḋe, a ḃuird, a ḃarruiḋe a ṗiléir, agus a ṡoicéid.

34 Agus an folaċ do ċroicniḃ reiṫeaḋ daite dearg, agus an folaċ, do ċroicniḃ broc, agus cuṁdaċ an ḟoluiġ.

35 Aírc na fiaḋnuisi, agus a maidiḋe, agus an suiḋe trócaire.

36 An bórd, agus a uile ṡoiṫiḋe, agus an tarán taisbéanta.

37 An coinnleóir fíorġlán, go na lampaḋuiḃ, na lampuiḋe dá suiġiuġaḋ a nórd, agus a uile ṡoiṫiġe sin, agus a nola ċum soluis.

38 Agus a naltóir órḋa, agus a nola ungṫa, agus an túis deaġḃoluiġ, agus brat do ḋorus an tabernacuil,

39 A naltóir ṗráis, agus a ġráta práis, a ṁaidiḋe, agus a uile ṡoiṫiġ, an láḃéir agus a ċos,

40 Bruit na cúirte, a piléir, agus a soicéid, agus brat do ġeata na cúirte, a corduiḋe, agus a ṫairngiḋe, agus uile ṡoiṫiġe serḃíse an tabernacuil, do lóistín an ċoṁċruinniġ.

41 Eaduiġe na serḃíse, do ḋéanaṁ serḃíse annsa náit náoṁṫa, agus na culaḋa náoṁṫa do Aáron an sagart, agus a cculaḋa a ṁac, do ṁiniostralaċd a noifig an tsagairt.

42 Do réir a nuile ní do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise, is mar sin do rinneadar clann Israel a nobair uile.

43 Agus do ḟéuċ Maóise ar an obair uile, agus, féuċ, do rinneadar í, mar do aiṫin an TIĠEARNA; is mar sin do rinneadar í, agus do ḃeannuiġ Maóise íad.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan