Exodus 37 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXVII. Ata so ag leanṁuin fós ar obair an tabernacuil do ullṁuġaḋ. 1 Agus do rinne Besaleel a náirc do ċrann Sitim: ḋá ċuḃad go leiṫ do ḃí iona fad, agus cuḃad go leiṫ iona leiṫead, agus cuḃad go leiṫ iona háirde. 2 Agus do ḟoluiġ í le hór fíorġlan amuiṫ agus a stiġ, agus do rinne ḋi coróin óir timċioll fá gcuáirt. 3 Agus do ṫeilg ḋi ceiṫre ḟáinne óir, dá ceiṫre coirnealuiḃ; eaḋón ḋá ḟáinne ar áon táoḃ ḋí, agus ḋá ḟáinne ar áon ttáoḃ ḋí, agus ḋá ḟáinne ar an ttáoḃ eile. 4 Agus do rinne sé maidiḋe do ċrann Sitim, agus do ḟoluiġ sé le hór íad: 5 Agus do ċuir na maidiḋe ann sna fáinniḋiḃ ré táoḃ na háirce, diomċur na háirce. 6 Agus do rinne an suiḋe trócaire dór ḟíorġlan; ḋá ċuḃad go leiṫ do ḃí iona ḟad, agus cuḃad go leiṫ iona leiṫead. 7 Agus do rinne ḋá ċerubin dór, ar na mbúalaḋ amaċ as énṗíosa do rinne sé íad, ar ḋá ċéann an tsuiḋe ṫrócaire; 8 Aon ċérub ar an gcionn don táoḃsa, agus ċerub eile ar an gceann don táoiḃ úd: amaċ as an tsuiḋe ṫrócaire do rinne sé na ċerubíniġ ar a ḋá ċeann. 9 Agus do leaṫnuiġeadar na ċerubíniġ amaċ a scíaṫáin go hárd, agus do ḟolċadar lé na sciaṫánuiḃ ós cionn an tsuiḋe ṫrócaire, guna naiġṫiḃ gaċ áon ar a ċéile; leaṫ ris an tsuiġe ṫrócaire do ḃádar aiġṫe na ċerubíniġ. 10 Agus do rinne sé an bórd do ċrann Sitim: ḋá ċuḃad dób é a ḟad, agus cuḃad a leiṫead, agus cuḃad go leiṫ a áirde: 11 Agus do ḟoluiġ sé é lé hór fíorġlan, agus do rinne ḋó coróin dór timċioll fá gcuáirt. 12 Mar an gcéadna do rinne sé ḋó imiol do leiṫead baise timċioll fá gcuairt; agus do rinne coróin óir dá imiol sin timċioll fá ccuáirt. 13 Agus do ṫeilg sé ḋó ceiṫre ḟáinne óir, agus do ċuir na fáinniḋe ar na ceiṫre coirnéuluiḃ ann a ċeiṫre ċosuiḃ. 14 Ṫall ar aġaiḋ a nimil do ḃádur na fáinniḋe, áite na maideaḋa ċum an ḃuird diomċur. 15 Agus do rinne sé na maidiḋe do ċrann Sitim, agus do ḟoluiġ sé dór íad, diomċur an ḃuird. 16 Agus do rinne sé na soiṫiġe do ḃí ar an mbórd, a ṁíasa, a líaċa, agus a ċupáin, agus a ḃrat ċum a ḟolaċ, dór ḟíorġlan. 17 Agus do rinne sé an coinnleóir dór ḟíorġlan: dobair ḃuáilte do rinne sé ann coinnleóir; a ċos, agus a ḃeangáin, a scáluiḋe agus a ċnaip, agus a ḃláṫa, do ḃádur don ccéudna. 18 Agus sé ḃeangán ag dul amaċ as a ṫáoḃuiḃ; trí ḃeangan don ċoinnleóir as táoḃ ḋé, agus trí ḃeangán don ċoinnleoir as an ttáoḃ eile. 19 Trí scála ar na ndéanaṁ do reir ċumṫa almóinne a nénḃeangán, cnap agus bláṫ; agus trí scála déanta aṁail almóinne a mbeangán eile, cnap agus bláṫ; mar sin ar fad amaċ na sé mbeangan ag dul amaċ as an gcoinnleóir. 20 Agus do ḃádur ceiṫre scala annsa ċoinnleóir deanta aṁail almoinne, a ċnaip, agus a ḃláṫa: 21 Agus cnap fáoi ḋá ḃeangán don ccéadna, agus cnap faoi ḋá ḃeanġán don ccéadna, agus cnap faói ḋa ḃeangán don cceadna, do réir na sé mbeangán ag dul amaċ as. 22 Do ḃádur a ccnaip agus a mbeangáin don ccéadna; do ḃi sé uile a néan obair ḃuáilte dor ḟíorġlan. 23 Agus do rinne sé seaċd lampa, agus a smólġlantóire, agus a ṁiása smóil, dór ḟíorġlan. 24 Do ṫallann dór ḟiorġlan do rinne sé é, agus a ṡoiġṫiġe uile. 25 Agus do rinne sé altóir na túise do ċrann Sitim: bá cuḃad a fad, agus cuḃad a leiṫead; do ḃí sí ceaṫairḃeannaċ, agus ḋá ċuḃad na hairde, do ḃádar a beanna don ccéadna. 26 Agus do ḟoluiġ sé í le hór fíorġlann, aráon a huaċdar, agus a taóiḃ fa gcúairt, agus a beanna: mar an gceadna do rinne sé ḋi coróin óir timċioll fá gcuairt. 27 Agus do rinne ḋá ḟáinne óir ḋi fáoi na coróin, láiṁ ré na ḋá ċoirnéul, ar a ḋá ṫáoḃ, do ḃeiṫ na náitiḃ ag na maidiḋiḃ lé na níomċórṫuiġ í. 28 Agus do rinne na maidiḋe do ċrann Sitim, agus do ḟoluiġ sé le hór íad. 29 Agus do rinne a nola ungṫa naoṁṫa, agus an túis ġlan do spiósra deaġḃoluiḋ, do réir oibre an ṗotecaríġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society