Exodus 36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXVI. Faiḋtoas ṫaḃartuis an ṗobail. 8 Ata obair an tabernacuil ar tionnsgnaḋ réir mar do orniġ Día. 1 An sin do oibriġ Besaleel agus Aholiab, agus gaċ éanduine glicċroiḋeaċ, ann ar ċuir and TIĠEARNA críonnaċd agus tuigse dfaġáil eóluis cionnus do oibreoċaḋ gaċ uile ṡórt oibre do ṡerḃís na sanctóra, do réir a nuile ní dar aiṫin an TIĠEARNA. 2 Agus do ġoír Maóisi Besaleel agus Aholiab, agus gaċ áonduine glic a ccroiḋe, ai ċuir an TIĠEARNA eólus iona ċroiḋe, eaḋon gaċ éanduine ar ċorruiġ a ċroiḋe é do ṫeaċd ċum na hoibre dá déanaṁ: 3 Agus do ġlacadar ó Ṁaóise a nuile ofrail, noċ ṫugadar clann Israel leó ċum oibre ṡerḃíse na sanctóra, do ḋéanaṁ leis sin. Agus tugadar ċuige fós ofrála ḋá ttoil gaċ maidin. 4 Agus tangadar na daóine glioca uile, do oibriġ obair na sanctóra uile, gaċ aonduine óna obair nóċ do rinneadar; 5 Agus do laḃradar ré Maóise, ġá ráḋ, Atáid an pobalsa ag taḃairt leó ní is ro ṁó ná riaḋṫear a leas ċum serḃíse na hoibre do aiṫin Día do ḋéanaṁ. 6 Agus tug Maóise aiṫne, agus tugadar fá deara fógra ar feaḋ an ċampa, ḋá raḋ, Ná déanaḋ fear nó bean ní is mó dobair ar ofráil na sanctora. Marso do ṫoirmiosgaḋ an póbal ó ní do ṫaḃairt. 7 Oír buḋ lór an túrsgan do ḃí aca do ḋéanaṁ na hoibre uile, agus ní buḋ mó. 8 Agus gaċ éanduine glicċroiḋeaċ na measc dar oiḃriġ obair an tabernacuil do rinne sé deiċ gcúirtíne do líon ḟínealta ċasta, agus gorm, agus purpuir, agus scárláoid: ré ċerubiniḃ, doḃair ċéardaṁuil do rinne sé íad. 9 Buḋ é fad gaċ éanċúirtin fiṫċe agus oċd gcuḃaid, agus do buḋ é leiṫead gaċ éanċúirtín ceiṫre cuḃaid: do ḃádar na cúirtíne uile deinṁeíd. 10 Agus do coiṁċeangail sé na cúig cúrtíne aon dar oile: agus na coig cúirtiniġ eile do ċoiṁċeangail se aon dar oile. 11 Agus do rinne lúba do ġorm ar imeal aon ċúirtín ón cciuṁuis ansa ccoiṁċeangal: mar an gcéadna do rinne annsa táoḃ amuiċ do ċúirtin eile, a ccoiṁċeángal an dara. 12 Caogad lúb do rinne sé a néanċúirtín, agus cáogad lúb do rinne sé a nimiol an ċúirtín do ḃí a ccoiṁċeangal an dara: do ċongṁadar na lúba gaċ éanċúirtín re ċéile. 13 Agus do rinne cáogad taítse oír, agus do ċoiṁċeangail na cúirtíne gaċ aoan dar óile les na taítsiḃ: ionnus go bíaḋ sé na éantabernacuil. 14 Agus do rinne cúirtine dfionnaḋ gaḃar don lóistín ós cionn an tabernacuil: éan cúirtín déag do rinne ḋíoḃ. 15 Do buḋ é fad éanċúirtín díoḃ tríoċad cuḃad, agus ceiṫre cuḃaid do buḋ é leiṫead déanċúirtín: do ḃádar an táonċúirtín déag déinṁeid. 16 Agus do ċoiṁċeanguil cúig cúirtíne leó fein, agus sé cúirtíne leó féin. 17 Agus do rinne cáogad lúb ar a nimeal a muiġ don ċúirtín annsa ċoiṁċeangal, caógad lúb do rinne sé ar imeal an ċúirtín noċ ċoiṁċeanglas an dara. 18 Agus do rinne sé cáogad táitse do ṗráis do ċoiṁċeangal an lóistin dá ċéile, ċor go mbía na éan. 19 Agus do rinne folaċ don lóistín do ċroicniḃ reiṫeaḋ daite dearg, agus folaċ do ċroicniḃ broc ós a ċionn. 20 Agus do rinne búird don tabernacuil do ċrann Sitim, na seasaṁ súas. 21 Do buḋ é fad buird ḋíoḃ deiċ ccubaid, agus buḋ é leiṫead buird éancuḃad go leiṫ. 22 Do ḃádar ḋá ṁoirtís a néanḃord, ionann fad da gaċ aon díoḃ ó ċéile: marso do rinne sé duile ḃórduiḃ an tabernacuil. 23 Agus do rinne buird don tabernacuil; fiṫċe bórd don taóiḃ ó ḋeas: 24 Agus do rinne ceaṫraċad soicead dairgead fáoi an ḃfiċid bórd; ḋá ṡoicead fáoi éanḃórd da ḋá ṁoirtís, agus ḋá ṡoicéad fáoi ḃórd eíle da ḋá ṁoirtis. 25 Agus don taoḃ eile don tabernacuil, noċ atá leiṫ ris an gcoirnéal ṫuaiḋ, do rinne sé fiṫċe bóird, 26 Agus a gceaṫraċad soicéad airgid; ḋá ṡoicéad fá éanḃórd, agus ḋá ṡoicéad fa ḃórd eile. 27 Agus do ṫáoḃuiḃ an tabernacuíl leiṫ ṡiar do rinne se sé buird. 28 Agus do rinne sé ḋa ḃórd do ċoirnealuiḃ an tabernacuil iona ḋá ṫaoḃ. 29 Agus do ḃádar coiṁċeangailte ṡiós, agus coiṁċeangailte dá ċéile agá ċeann, déanḟáinne: mar so do rinne sé riu aráon ann sa dá ċoirnéul. 30 Agus do ḃádar oċd mbuird; agus a soicéid sé soiceid déag airgid, ḋa ṡoicead faói gaċ eanḃórd. 31 Agus do rinne barruiḋe do ċrann Sitim; cúig ḃarra do ḃórduiḃ éantáoiḃe an tabernacuil. 32 Agus cúig ḃarra do ḃórduiḃ an taoiḃ eile don tabernacuil, agus cúig ḃarra do ḃórduiḃ an tabernacuil don táoḃ ṡíar. 33 Agus tug sé ar an mbarra meaḋonaċ dul ṫríd na bórduiḃ ó ċeann go ceann. 34 Agus do ḟoluiġ se na buird le hór, agus do rinne sé a ḃfáinniḋe dór ċum a mbeiṫ na náitiḃ do no barruiḋiḃ, agus do ḟoluiġ na barruiḋe le hór. 35 Agus do rinne sé fólaċ do ġorm, agus do ṗurpuir, agus do scárlaóid, agus do línéadaċ ḟínealta ċasda: maille ré ċerubíniḃ do rinne sé é le hobair ċéardaṁuil. 36 Agus do rinne ḋó sin ceiṫre piléir do ċrann Sitim, agus do ḟoluiġ sé le hór íad: do ḃádar a ccrúcuiḋe dór: agus do ṫeilg sé ḋoiḃ ceiṫre soicéid airgid. 37 Agus do rinne sé brat do ḋorus an tabernacuil do ġorm, agus do ṗurpuir, agus do scárláoid, agus do línéadaċ ḟínealta ċasda dobair ṡnáiṫide; 38 Agus a ċúig piléir gun a ccrúcuiḋiḃ: agus do ḟoluiġ sé a gcaipitre agus a ḃfiléid lé hór: aċ do ḃí a ccúig sóicéid do ṗrás. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society