Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Exodus 34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXIV. Aṫnuaġaḋ na ncclár. 9 Adṁail agus urnaiḋ Ṁaoise. 12 Reaċda iomaraċ. 28 Trosgaḋ, agus folaċ ġnuis Ṁaoisi.

1 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maoise, Snoiġ ḋuit féin dá ċlár ċloiċe már na céad ċláir: agus scrioḃṫa misi ar na cláruiḃsin na bríaṫra do ḃí ann sna céadċláruiḃ, do ḃris tusa.

2 Agus bi réiḋ ar maidin, agus tárr súas ar maidin go slíaḃ Sinai, agus taisbéan ṫú féin ann sin daṁsa a mullaċ an tsléiḃe.

3 Agus ní ṫiocfa éanduine leaċd súas, agus ná léig éanduine dfaicsin ar feaḋ an tsléiḃe uile; agus ná leig na tréada nó na sealḃaḋa dinġilt as coinne an tsleiḃe sin.

4 Agus do ṡnoiġ sé ḋá ċlár ċloiċe do nós na gcéadċlár; agus do eiriġ Maóise go moċ ar maidin, agus do ċuáiḋ súas ar ṡlíaḃ Sínái, mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋe, agus rug iona láiṁ leis an dá ċlár ċloiċe sin.

5 Agus ṫáinic an TIĠEARNA a núas annsa néull, agus do ṡeas na ḟoċair (annsin,) agus do ḟúagair ainm an TIĠEARNA.

6 Agus do ġaḃ an TIĠEARNA ṫairis as a ċoinne, agus do ḟógair, An TIĠEARNA, An TIĠEARNA Día, trócaireaċ agus grásṁuil, fadḟuilnġṫeaċ, agus iomlán do ṁaiṫ agus dfírinne,

7 Ag coiṁéad trocaire do ṁíltiḃ, ag maiṫeaṁ éigceart sáruiġṫe agus ṗeacaiḋ, agus naċ sáorfuiḋ ar eanċor na ciontuiġ; ag leanṁuin ċiontaḋ na naiṫreaċd ar an gcloinn, agus ar ċloinn na cloinne, go nuige an treas agus an ceaṫraṁaḋ glún.

8 Agus do rinne Maoise deiṫneas, agus do ċrom a ċeann ċum na talṁan, agus do aḋair sé.

9 Agus a duḃáirt, Má fuáir mé annois grása ann do raḋarc, ó a TIĠEARNA, tigeaḋ an TIĠEARNA nar measg, guiḋim ṫú; (óir is dáoine cruáḋṁuiníl íad); agus maiṫ ar ccoir agus ar bpeacaḋ, agus glac sinn mar hoiġreaċd féin.

10 Agus a duḃairt seision, Feúċ, do nún cunnraḋ: as coinne do ṗobail uíle do ḋéana mé ionganta, a leiṫeid naċ déarnaḋ san doṁan uile nó a néanċríċ: agus do ċífid an pobal uile a measc a ḃfuil tú do ċifid obair an TIĠEARNA: oír is ní uaṫḃásaċ do ḋéana mé riot.

11 Coíṁedsa an ní áiṫeonus mé ḋiot annsa ló niuġ: féuċ, tiomaínfe mé a maċ roṁad an Tamoríteaċ, agus an Cananíteaċ, an Hitíteaċ, agus an Perisíteaċ, agus an Hiḃiteaċ, agus an Iebusíteaċ.

12 Taḃair haire ḋuit féin, deagla go ndéantá cunnraḋ ré dúṫċasuiḃ na tíre iona ḃfuil tú ag dul, deagla go mbíaḋ sin na ḋul ann do lár astiġ:

13 Aċd scriosfaiḋ siḃ a naltóra, brisfiġ siḃ a nióṁáiġe, agus gearrfuiḋ siḃ síos a ngarraín:

14 Oír ní aḋroċa tú dia ar biṫ eile: oír an TIĠEARNA, a ḃfuil ainm Eadṁur, as Día eadṁar é:

15 Deagla go ndéantá cunnraḋ ré dúṫċasuiḃ na tíre, agus go raċadaóis do striapaċus a ndiáiġ a ndée sin, agus ioḋbuirt do ḋéanaṁ da ndeeíḃ, agus go ngairfeaḋ duine ṫusa, agus go níosfa dá ioḋbuirt;

16 Agus go nglacfá a ninġiona dot ṁacaiḃ, agus go raċadáois a nínġeana do striapaċus a ndiáiġ na ndée sin, agus go ttiuḃraidís ar do ṁacaiḃsi dul do striapaċus a ndiáiġ a ndeé.

17 Ní ḋéana tú dée leaġṫa ḋuit féin.

18 Cuiṁdeoċa tú féasta a naráin gan laiḃín. Séaċd lá iósas tú arán gan laiḃín, mar do aiṫin misi ḋíot, a naimsir na míosa Abib: Oir is ann sa ṁí Abib ṫáinic tú a maċ as an Egipt.

19 A nuile ní osclus an ḃrú is liomsa é; agus a nuile ṗrimidil a measc hairnéísi, más daṁ é na caóra, ḃiás firionn.

20 Aċd céadġin assail fuáisceola tú le húan: agus muna ḃfuascla tú é, annsin brisfe tú a ṁuinéul. Fuaisceóla tú céidḃreiṫ do ṁac uile. Agus ní ṫiucfa éanduine dom laṫairsi folaṁ.

21 Sé lá dó ḋéana tú obair, aċd annsa seaċṁaḋ lá do ḋéana tú coṁnuiġ: a naimsir treaḃṫa, agus annsa bḟóġṁar do ḋéana tú suaiṁneas.

22 Agus cuiṁdeoċa tú féasta na seaċdṁuineaḋ, na gcéadṫoraḋ foġṁuir na cruiṫneaċta, agus féásta an tárrloíġ a ndeireaḋ na bliaḋna.

23 Trí huáire san mblíaḋuin tiocfaid do ċlann ṁac uile, a laṫair an TIĠEARNA Día, Día Israel.

24 Oír teilgfe misi na ciniḋeaċa a ṁaċ roṁad, agus leígfe mé fairsinge ċum do ṫórannaḋ: ní mó iarrfas éanduine do ḋúṫaiġ, an tan raċus tú súas dot ṫaisbeanaḋ feín a laṫair an TIĠEARNA do Ḋía trí huaire san mblíaḋuin.

25 Ní ofráilfe tú fuil mo íoḋbarṫa maille re laiḃín; ni mó léigfiġear féasta ioḋburṫa na cásca ċum na maidne.

26 An ċéad ċuid do ċéad taraḋ ṫfearuinn do ḃéura tú go tiġ an TIĠEARNA do Ḋía. Ní ḃruiġfe tú meannan a mbainne a maṫár.

27 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Scríoḃsa na focailsi: oír is do reír ċéille na ḃfocalsa do rinné misi cunnraḋ riot féin, agus re Hisrael.

28 Agus do ḃí sé ann sin a ḃfoċair an TIĠEARNA ċeaṫraċad lá agus ceaṫraċad oiḋċe; nior iṫ sé arán, agus niór iḃ sé uisce. Agus do sgrioḃ ar na cláruiḃ focail an ċunnarṫa, na deiċ naiṫeanta.

29 Agus tárla, a núair ṫáinic Maóise a núas ó ṡlíaḃ Sinai maille re ḋá ċlár na fiáḋnuisi a láiṁ Ṁaóise, a núair ṫáinic sé anúas on tslíaḃ, naċ raiḃ a ḟios ag Maóise gur ḋeallruiġ croiceann aiġṫe an feaḋ do ḃí ag coṁráḋ rision.

30 Agus a núair do ċonnairc Aáron agus clann Israel uile Maóise, féuċ do lonnruiġ croicionn a áġaiḋe: agus do ḃí eagla orra teaċd na ġar.

31 Agus do ġoir Máoisi ċuige íad; agus do ḟill Aáron, agus úaċdaráin an ċoṁċruinniġ uile ċuige: agus do laḃair Maóise riú.

32 Agus na ḋiáiġ sin tangadur clann Israel uile a ngar ḋó: agus tug se ḋóiḃ aiṫne sa nuile ni dar laḃair an TIĠEARNA ris air sliaḃ Sinái.

33 Agus do ċuir Maóise folaċ ar aġaiḋ, nó gur scuir se do laḃairt riú.

34 Aċd a núair do ċuaiḋ Maóisi a steaċ as coinne an TIĠEARNA do laḃairt ris, do ċuir an folaċ ḋe, nó go ttaínic a maċ. Agus táinic a maċ, agus do laḃair re cloinn Israel ann í do haiṫníġeaḋ ḋe.

35 Agus do ċoncadar clann Israel aġuiḋ Ṁaóisi, gur ḋeallraiḋ croiceann áġaiḋe Ṁaóise: agus do ċuir Maóisi an folaċ ar aġaiḋ a rís, no go ndéaċuiḋ a steaċ do ċaint ris.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan